Beidh cuma úr ar Mhór-Stáisiún Láir Bhéal Feirste le linn na Fleidhe mar a bheidh comharthaíocht mhargaíochta úr i nGaeilge in airde ann.
Margaíocht de chuid TG4 agus Fleadh Cheoil na hÉireann atá i gceist leis na comharthaí úra, don Fhleadh a bheas ag toiseacht ar an 2 Lúnasa sa chathair.
Mhol an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, gníomhaí leis An Dream Dearg agus Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, na comharthaí margaíochta.
“Is údar mór áthais í an chomharthaíocht Ghaeilge agus dhátheangach atá á cur in airde ar fud Bhéal Feirste faoi láthair mar chuid d’ullmhúcháin na Fleidhe. Tá sé iontach soiléir dúinn go bhfuil údaráis phoiblí, gnóthaí móra agus áitiúla agus grúpaí pobail uilig ag athint ina bhfógraíocht, ina gcuid brandála agus ábhar margaíochta, go bhfuil an Ghaeilge, agus feicéalacht na Gaeilge, ina gné uathúil dhíolacháin agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag titim amach sa chathair.
“Tá sé thar a bheith tráthúil, agus spreagúil, go bhfuil tús-áite tugtha do chomharthaíocht margaíochta go hiomlán trí Ghaeilge ag Translink ag Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste. Dúradh linn go minic roimhe seo nach raibh na húdaráis chuí, Translink ina measc, iomlán cinnte faoin Ghaeilge a chur in airde sa Staisiún Traenach ansin.
"Is údar mór dóchais, mar sin, gur léir dúinn go n-aithníonn Translink go bhfuil luach le comharthaíocht Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ina bpríomh-ionad taistil i mBéal Feirste. Is féidir fosta go gcuirfidh na cúirteanna suim san fhorbairt úr seo, tráth a bhfuil siad ag meas cheist na comharthaíochta san fhoirgneamh chéanna."
💥 Comharthaíocht margaíochta Fhleadh Cheoil na hÉireann ag Mór-Staisiún Láir Bhéal Feirste
— An Dream Dearg 🅾️🦸🏽♀️🦸🏻♂️ (@dreamdearg) July 28, 2026
❤️ Grand Central Station full of Irish language signage & billboards ahead of the Fleadh @TG4TV @FleadhTV doing what they told us was impossible 👏
NÁ HABAIR É • DÉAN É pic.twitter.com/Ti2w5hNtbM
Tá Mór-Staisiún Láir Bhéal Feirste i mbéal an phobail le tamall anuas maidir le comharthaí dátheangacha a chur in airde sa staisiún.
I mí an Mhárta 2025, d'fhógair an tAire Bonneagair Liz Kimmins go gcuirfí Gaeilge le comharthaí Béarla agus roghanna Gaeilge le gléasanna na dticéad sa stáisiún. Cháin na páirtithe Aontachtacha an cinneadh sin agus bhí easaontas faoin cheist.
Cuireadh tús le athbhreithniú breithiúnach i mí Aibreáin 2025 nuair a chuir Jamie Bryson iarratas isteach. Rinne sé an argóint gur sháraigh cinneadh an Aire an Cód Aire mar nár cuireadh an cinneadh faoi bhráid an Fheidhmeannais.
I mí na Samhna 2025, d'fhoilsigh an Roinn Bonneagair measúnú comhionannais ar an togra. Ba é conclúid an mheasúnaithe sin nár tháinig an togra salach ar chearta ná ar leasanna lucht an Bhéarla
Chualathas cuid den chás cúirte i mí an Mheithimh 2026 agus cluinfear an dara sciar den chás ar an 28 - 30 Meán Fómhair, faoi bhráid an Bhreithimh McAlinden.
SCUAB ÚR: Comharthaí Gaeilge i lár na cathrach fosta



