Téann an Feirsteach, Conall Mac Corraidh, ar thuras pearsanta chun tuiscint níos fearr a fháil ar ADHD agus ar an tionchar atá aige ar a shaol féin i sraith úr do RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

In 'Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile,' fiosraíonn an t-ealaíontóir Conall Mac Corraidh ADHD. Pléann sé na dúshláin a bhaineann le diagnóis ADHD a fháil agus filleann sé ar a óige agus ar a laethanta scoile mar a phléann sé na dúshláin sin le baill teaghlaigh, cairde, múinteoirí agus saineolaithe. 

"Thosaigh an aistear seo cúig bliana déag ó shin nuair a chuaigh mé chuig an dochtúir den chéad uair. Mar sin aistear saoil atá ann ar bhealach, agus aistear iontach pearsanta."

Deir Conall ag tús an chláir gur mhaith leis an dóigh a n-oibríonn an cloigeann s'aige féin a thaispeáint don lucht éisteachta, agus tugann sé féin faoi scrúdú ar líne do ADHD, sula dtéann sé ar aistear le diagnóis oifigiúil a fháil. Ag caint leis faoi thábhacht na diagnóise, deir Conall go gcuidíonn sé go mór le rochtain a fháil ar sheirbhísí. 

"Ciallaíonn sé go bhfuil seirbhísí ar fáil agus gur féidir iad a úsáid. Osclaíonn sé doirse duit."

Buaileann sé leis an síceolaí cliniciúil Cáit Verling le tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist le ADHD, agus lena dheartháir, Seán, chun laethanta a n-óige a phlé. Pléann sé ADHD leis an chraoltóir aitheanta, Bláthnaid Treacy, a bhfuil diagnóis aici féin, agus is fríd na cruinnithe seo a dhéanann Conall iarracht plé oscailte, ionraic a bheith aige faoin ADHD. 

"Bhí muid ag iarraidh labhairt le daoine a raibh aithne acu orm nuair a bhí mé ag fás aníos, agus an clár agus an tsraith a dhéanamh chomh réadúil agus is féidir."

2Gallery

Ba í Feirsteach eile, Rosie McNally, a léirigh an tsraith, agus ba í Aisling Bell a rinne an eagarthóireacht. Ag caint léi faoi, dúirt Rosie gur bhain sí sult as scéalta na ndaoine a chluinstin.

"Bhí sé thar a bheith suimiúil a bheith ag obair ar an tsraith seo. Bhí sé iontach scéalta daoine ó gach cearn den tír a chloisteáil agus an éagsúlacht a bhaineann le taithí ADHD a léiriú ar bhealach macánta, daonna."

Ag caint leis faoin tsraith, dúirt an láithreoir Conall Mac Corraidh go bhfuil sé ag súil go mór go gcuideoidh an tsraith le daoine eile.

"Má éisteann duine amháin leis an tsraith seo agus má thuigeann sé nach bhfuil sé leisciúil, nach bhfuil sé briste agus nach bhfuil sé ina aonar, beidh an méid a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh bainte amach againn.”

Is léiriú de chuid Clean Slate TV é Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile do RTÉ Raidió na Gaeltachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann. Craolfar an chéad chlár ar an 28 Iúil ag 1.30pm agus gach Máirt ina dhiaidh sin ar feadh sé seachtaine.