Beidh an ceoltóir aitheanta as Tír Chonaill, Diane Cannon, ag seoladh a halbaim úir 'Mín na Craoibhe,' in éineacht le leabhar a théann leis an albam, le linn TradFest Bhéal Feirste 2026.

Léirigh an léiritheoir mór le rá Donal O'Connor an t-albam úr, agus ba é an scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríghde a chuidigh le scríobh an leabhair. Obair na mblianta a bhí sa tionscadal do Diane.

"Tá sé ar an bhealach le fada," ar sise. "Chuaigh cuid de na hamhráin amach mar thráiceanna amháin, mar 'singles,' a chuir mé amach le Donal O'Connor.

"Thart ar 2019 bhí smaoineamh againn an t-albam a dhéanamh. Stop muid mar gheall ar Covid. Ansin d'athraigh muid an dóigh a raibh an ceol ag dul agus thug muid cuid de Cheolfhoireann Uladh isteach."

Nuair a bhí siad ar tí tosú arís, bhuail tubáiste.

"D'éirigh mé féin tinn ansin, fuair mé seipsis agus bhí mé san otharlann, agus bhí bliain eile ansin caillte. Agus fuair mé obráid ag deireadh na bliana seo caite. Dúirt mé liom féin go rachainn isteach in 2026 'all guns blazing,' ach níl ach biseach orm anois, le fírinne."

Tá an leabhar agus an t-albam ag siúil lámh ar láimh.  "Bhí smaoineamh i gcónaí agam nuair a chuirfinn amach an t-albam go gcuirfinn obair mhillteanach isteach sa leabhar chomh maith," arsa Diane. 

"Bhí a fhios agam nuair a bhí an t-albam déanta agam, agus chuaigh cuid acu amach go Meiriceá, agus dúirt duine ar labhair mé leis go raibh sé speisialta go dtiocfadh leo an leabhar beag a léamh agus na hamhráin a thuiscint."

Is sa cheol a bhíonn croí Diane i gcónaí, agus deir sí go bhfuil an t-ádh uirthi go raibh máistrí scríbhneoireachta ábalta cuidiú leis an cheird sin.

"Bainim an sult is mó as a bheith sa stiúideo agus ag taifeadadh. Maidir leis an scríbhneoireacht, bhí Eoghan Mac Giolla Bhríghde ina chuidiú ollmhór. Tá sé speisialta an dóigh a scríobhann sé. Agus fear darb ainm Jesse Smith a rinne an dearadh ar na hamhráin uilig. Mothaím agus mé ag amharc orthu go bhfuil beocht eile leis na hamhráin."

Cnuasach pearsanta atá sa chnuasach seo, a tharraingíonn ar eispéiris Diane agus í ag fás aníos i dTír Chonaill.

"Is amhrán é Mín na Craoibhe a scríobh Cathal Ó Searcaigh dom. D'fhás mé féin aníos i Mín na Craoibhe. Agus scríobh Cathal go leor dom fríd na blianta. Scríobh sé an ceann seo dom agus bhí sé faoi mo mhuintir as Mín na Craoibhe.

"Phioc mé na hamhráin uilig mar gheall ar rud inteacht i mo shaol."

2Gallery

"Beidh daoine mór le rá le cluinstin ar an albam agus le léamh sa leabhar! A leithéidí Steve Cooney, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Pádraigín Ní Uallacháin.

Chaith Diane seal ina cónaí i mBéal Feirste, agus seal ag obair sa Chultúrlann. Ní iontas ar bith é, mar sin, gur ansin a sheolfar an t-albam.

"Bhí an Chultúrlann i gcónaí iontach speisialta dom féin. Agus tá an chathair iontach cóngarach do mo chroí."

Beidh an t-albam agus an leabhar á seoladh ar an 1 Lúnasa ag 5in i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich.