Tharla comhchraoladh ar leith idir Raidió Fáilte agus Raidió na Gaeltachta mar chuid de Chraolatón Raidió Fáilte 2026.

Craoladh an clár Aniar Aduaidh, á chur i láthair ag an láithreoir clúiteach Lynette Fay, mar chuid den Chraolatón. 

Ag caint léi faoin imeacht, dúirt Lynette go raibh sé suntasach ar fad gur tharla an comhchraoladh.

"Tá mé ar bís. Tá sé stairiúil, agus ar dhóigh, tá sé iontach nádúrtha gur tharla sé.

"Tchím an fuinneamh agus an iarracht a théann isteach ina leithéid. Is iontach a bheith mar chuid de sin agus is breá liom a bheith lonnaithe anseo le foireann Aniar Aduaidh ag déanamh an chláir s'againne."

Dúirt an craoltóir aitheanta go raibh na Feirstigh i gcónaí ar fáil le cuidiú. "Tá meon agus spiorad Bhéal Feirste, ná habair é déan é, beo san fhoirgneamh seo," ar sise.

"Tá an oiread sin dea-thola ann. Tá an oiread sin measa ag craoltóirí náisiúnta ar an rud atá á bhaint amach ag Raidió Fáilte.

"Nuair a tógadh an smaoineamh seo faoin chomhchraoladh, socraíodh é i bhfaiteadh na súl. Rinneadh é le dea-thoil mar gheall ar an chaidreamh fadbhunaithe idir an dá chraoltóir."

Dúirt ball foirne Raidió Fáilte, Séimí Mac Aindreas, go bhfuil sé féin agus an chuid eile d'fhoireann an stáisiúin thar a bheith sásta gur tharla an comhchraoladh, agus gur bhreá leo tógáil air amach anseo. 

"Is annamh a tharlaíonn comhchraoladh mar seo agus is iontach gur tharla sé, agus is iontach go bhfuil na stáisiúin raidió Ghaelacha ag tacú lena chéile.

"Tá muid ag dúil le tuilleadh comhchraoltaí beo a dhéanamh amach anseo le RTÉ Raidió na Gaeltachta."