Tá turais á reáchtáil mar chuid d'Fhéile an Phobail a léiríonn gnéithe de stair Phreispitéireach Iarthar Bhéal Feirste a bhí caillte.

Is iad an Tionólann, an grúpa Preispitéireach, a eagraíonn an turas agus beidh trí cheann eile ann le linn na Féile, ar an 29 Iúil, an 30 Iúil agus an 4 Lúnasa. Tosaíonn siad ar Shráid Durham i lár na cathrach agus críochnaíonn siad i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, a bhí ina hEaglais Phreispitéireach tráth.

Tá na turais seo mar chuid de roinnt imeachtaí le linn na Féile a dhéanann ceiliúradh ar naisc na bPreispitéireach le cultúr agus teanga na nGael. Is é an t-urramach David Moore atá i gceannas ar an Tionólann.

"Tá muid ag iarraidh athcheangal a dhéanamh le hIarthar Bhéal Feirste. Ba ghnách le cúig chomhthionól a bheith in Iarthar Bhéal Feirste, tá na foirgnimh sin uilig imithe anois, seachas an seanfhoirgneamh ar an Bhealach Leathán a fheidhmíonn mar an Chultúrlann anois."

"Sílim go bhfuil sé ríthábhachtach turais mar seo a dhéanamh. Bhí scoilt idir phobail sa chathair seo ar feadh na mblianta, ach is cathair amháin í an chathair seo agus is le gach duine í.

Ar ndóighe, tá an Chultúrlann ar cheann de na foirgnimh is suntasaí sa chathair anois, agus tá David iontach go deo sásta gur féidir leis scéal an duine a thug a ainm don áit a insint.

"Is iontach gur féidir linn scéal Robert Shipboy McAdam a insint. Sa naoú haois déag bhí tréigean á dhéanamh ar an Ghaeilge, ach bhí McAdam tiomanta nach dtarlódh sé sin. Chaith sé a chuid airgid féin ar lámhscríbhinní Gaeilge agus rinne sé cóipeanna daofa.

"Spreag sé úsáid na Gaeilge. Agus ní raibh sé leis féin. Thug an Eaglais Phreispitéireach sainordú sna 1830idí go raibh ar urramaigh, mo mhacasamháil, Gaeilge a bheith acu sular cháiligh siad.

"Cuireadh fearadh na fáilte romhainn in Iarthar Bhéal Feirste. Feiceann muid go bhfuil daoine sásta a bheith ag foghlaim faoin stair sin."

Is féidir imeachtaí eile de chuid an Tionólann a fheiceáil ar a suíomh gréasáin.