Tá an gearrliosta foilsithe do Ghradam na Gaeilge ag Gradaim na hAisling - a thionólfar in Óstán an Europa ar 24 Samhain.

Beidh géar-iomaíocht idir ceathrar togra ard-chliú don ghradam a tógadh aroimhe ag Raidió Fáilte, ag Gearóid Ó Cairealláin, ag Gaelscoil na bhFál agus ag Cumann Mhic Reachtain.

Is iad na hainmniúcháin a bhain an gearr-liosta amach:

  • As Gaeilge - gnó nua a dhéanann bronntanais, cártaí, stáiseanóireacht, dialanna, féilirí agus táirgí eile Gaeilge de gach cineál. 
  • Puffin Rock & Cairde Nua - leagan Gaeilge den bheochan iomráiteach Puffin Rock a rinne an comhlacht scannáin as Doire Dog Ears i gcomhar le daoine óga as Brassneck Youth.
  • Gaelphoist - seirbhís nua a chuideoidh le Gaeil óga poist a aimsiú ina bhfuil an teanga Ghaeilge ina buntáiste acu - comhfhiontar le Gaelchúrsaí agus WorkWest, is í Bronagh Nic an Lia agus Brónach Fusco atá ina gceannairí ar an togra nua sóisialta seo. 
  • Féile na gCloigíní Gorma - feis aigeanta, bhríomhar in Uachtar Chluanaí a shíolraigh as iarrachtaí glúin úr Gaeilgeoirí dúshraith láidir a chur faoi phobal na Gaeilge sa cheantar fad is tá siad ag dul i ngleic le mórcheisteanna an lae. Seo an tseachtú bliain as deis a chéile a reachtáileadh an fhéile. 

BUAITEOIR: Séamus Ó Tuama, príomhoide Bhunscoil Phobal Feirste ag tógáil Gradam na Gaeilge ag Gradaim na hAisling 2021
2Gallery

BUAITEOIR: Séamus Ó Tuama, príomhoide Bhunscoil Phobal Feirste ag tógáil Gradam na Gaeilge ag Gradaim na hAisling 2021

Deir Connla McCann, príomhfheidhmeannach Imeachtaí na hAislinge agus breitheamh do na Gradaim go bhfuil ceithre fhiontar speisialta aimsithe i mbliana don chomórtas. "Ábhar iontais againn é chomh líonmhar is chomh láidir is atá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Táimid ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar gach togra le go gcloisfimid tuilleadh faoina gcuid oibre."

Arsa Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach nua-cheaptha agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge — atá mar urraithe ar an ghradam:

"Is iontach an éagsúlacht oibre atá á déanamh ag daoine ar fud Bhéal Feirste leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

"Is mian le Foras na Gaeilge tacú leis na ceannródaithe seo agus tá lúcháir orainn bheith ag moladh na n-éachtaí atá déanta ag gníomhaithe teanga sa chathair le bliain anuas i réimsí an oideachais, gnó, pobail agus eile. I séasúr seo Oireachtas na Samhna, agus Feirsteach aitheanta Eoghan Ó Néill i ndiaidh Buaic-Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais a ghnothú, cuirtear i gcuimhne dúinn a thábhachtaí atá sé dianiarrachtaí luachmhara phobal na Gaeilge a cheiliúradh. Níl ardán níos fearr ná níos mórthaibhsí don cheiliúradh sin ná ardán Ghradaim na hAislinge san óstán Europa.

"Ceapadh mé ar na mallaibh i mo Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais le Foras na Gaeilge. Is cúis mhór áthais domsa go pearsanta bheith ag tacú le Gradaim na hAislinge, mar dhuine atá ag obair le blianta fada in earnáil na Gaeilge anseo i mo bhaile dúchais."