Séasúr lán beochta atá san earrach, agus is amhlaidh an scéal maidir le clár imeachtaí reatha na Cultúrlainne. Bhí slua mór maith i láthair aimsir fhéile Imbolc do cheardlanna crosóga Bríde agus do sheoladh dhá thaispeántas le beirt ealaíontóirí áitiúla. Tá ‘An Chéad Bhean’, péintéireachtaí agus líníochtaí le hEimear Nic Roibeaird, le feiceáil i nDánlann Dillon agus tá ‘Comhionannas Cultúrtha’, saothar grianghrafadóireachta le Kevin Hamilton, thuas staighre sna Ballaí Bána.
 
Cearta cultúrtha, cearta teanga agus comhionannas na téamaí atá le clár físealaíne na Cultúrlainne i mbliana, agus tá léirithe atá an-éagsúil ar fad déanta ag Nic Roibeaird agus Hamilton orthu.
 
Is iardhalta de chuid Choláiste Feirste í Eimear Nic Roibeaird agus tharraing sí ar shíscéalta agus ar thraidisiún Imbolc agus Bríde mar inspioráid dá péintéireachtaí ildaite, dearg, glas agus flannbhuí, a sheasann amach go drámata ar bhallaí Dhánlann Dillon. Léirítear an Chailleach agus scéal bhantracht na hÉireann ann. ‘Pearsa shuarach, ghránna, urchóideach a bhí sa Chailleach,’ a deir Nic Roibeaird, ‘agus samhlaíodh léi mná Éireannacha a raibh cumhacht ar leith acu nach mbeadh an Náisiúnachas ná an Chríostaíocht in ann a shealbhú go deo.’ Samplaí de sin is ea Aoife, leasmháthair chlann Lir, agus Mór-Ríoghain scáfar.
 
Tá blúirí téacs sa taispeántas ina ndéanann an t-ealaíontóir tagairt d’eachtraí uafásacha a tharla do mhná in Éirinn leis an céadta bliain anuas, mar shampla, an t-olc a imríodh in Áras na Máithreacha agus na Leanaí i dTuaim Chontae na Gaillimhe. Léiríonn ‘An Chéad Bhean’ an gaol a bhí aici leis an tír, tír a chruthaigh sí, a ghráigh sí agus a chothaigh sí – ach tír fosta nach raibh cineálta lena hiníonacha.

Is dócha gur neodrú cultúrtha is sprioc le saothar grianghrafadóireachta Kevin Hamilton sa taispeántas ‘Comhionannas Cultúrtha’. Íomhánna d’fhoirgnimh shuntasacha i mBéal Feirste atá le feiceáil, eaglaisí, ionaid spóirt agus ionaid chultúrtha ina measc. Samhlaíonn muintir na háite iad le taobh amháin nó eile den phobal ó thaobh creidimh agus polaitíochta de. Cé gur áiteanna iad atá aitheanta go maith, tá siad curtha as riocht an oiread sin, kaleidoscope déanta díobh, gur doiligh a oibriú amach cad é atá ann ar chor ar bith.

Tá spéis mhór ag cuairteoirí a thagann isteach ar an Chultúrlann iontu. Is cosúil gur maith linn léargas eile a fháil ar rudaí atá so-aitheanta agus a bhfuil cleachtadh maith againn orthu. Seo an méid atá ráite ag Hamilton féin faoina thaispeántas: ‘Trí dhíriú ar áilleacht an tírdhreacha thógtha, a ndéantar neamhaird go minic di, pléann an taispeántas leis an áilleacht is féidir a aimsiú i ngach cultúr, más féidir linn muid féin a scaoileadh saor ó réamhchlaontaí.’
 
Tá an dá thaispeántas ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich suas go dtí an 17 Márta.
 
Júcbhocsa
Coinnigh súil amach don rud úr, saoithiúil, gorm a chuirfeadh peireascóp ar fhomhuireán i gcuimhne duit a bheidh le feiceáil ar an bhealach isteach chun na Cultúrlainne gan mhoill. Júcbhosca filíochta atá ann agus beidh dánta, rannta agus véarsaí le fiche file éagsúil as fud fad na tíre le cluinstin uaidh. Seo tionscnamh atá ar siúl ag an Chultúrlann i gcomhar le Quotidian le deontas ar leith ó Chomhairle Chathair Bhéal Feirste. Dírigh do ghuthán ar na cóid QR ar an júcbhosca go gcluinfidh tú taifid de na meadarachtaí agus rímeanna, nó brúigh ar an chnaipe leis na véarsaí a fhí isteach le fuaimdhreach Bhóthar na bhFál.

Tá siompóisiam lae, Féile Focal, beartaithe Dé Sathairn 26 Feabhra le fáilte a chur roimh an júcbhosca ar a fhód nua i ndiaidh dó seal a chaitheamh i mBaile an Chaistil. Beidh Celia de Fréine agus Máire Dinny Wren faoi agallamh ag Máire Zepf agus beidh ceardlann scríbhneoireachta ann le Seán Ó Muireagáin. Ar 3pm beidh Ciara Ní É agus filí eile chugainn le Reic, seisiún sultmhar aithris filíochta nua-aimseartha a thugann ardán do shlamadóirí agus eile. Beidh ceardlann aistriúchán filíochta ar siúl leis an fhile ghradamúil Iodálach Viviana Fiorentino faoi choinne cainteoirí Araibise agus Gaeilge fosta, agus beidh na sonraí faoi sin le fáil ar shuíomh na Cultúrlainne roimh i bhfad, www.culturlann.ie.