Tá féilire Gaeilge 2021 eisithe ag Éamonn Coyle as Bun na Leaca i nGaoth Dobhair le hairgead a thiomsú do dhá charthanacht a bhíonn ag cuidiú le daoine atá gan dídean nó atá i ngreim na bochtaineachta, Iontaobhas Peter McVerry agus Cumann Naomh Uinseann de Paul.
 
Is innealtóir timpeallachta agus comhairleoir gnó é Éamonn a mbíonn an ghrianghrafadóireacht in úsáid aige ina chuid oibre le pictiúir a tharraingt de láithreáin tógála agus d’fhoirgnimh atá le deisiú. Ach taobh amuigh den obair, bíonn a chuid ceamaraí leis, drón san áireamh, agus é ag siúl na tíre le grianghraif a ghlacadh a léiríonn áilleacht an tírdhreacha. Tá suim mhór in íomhánna cathrach aige fosta, go háirithe foirgnimh cháiliúla i mBaile Átha Cliath le héirí na gréine agus le clapsholas agus portráidí de mhuintir na príomhchathrach.
 
Tá nasc ag an fhear Gaeltachta le Béal Feirste a théann siar go 1984, óir rinne sé staidéar ar an Bhainistíocht Foirgníochta in Ollscoil Uladh, Baile Shiurdáin. Mhínigh Éamonn go raibh sé ag streachailt go mór leis an chúrsa ag an tús siocair nach raibh staidéar déanta aige ar na heolaíochtaí ar scoil.

3Gallery

Dúirt sé, “Bhí caighdeán maith oideachais agam ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Ach ansin bhí mé ag dul do mheicníocht struchtúrtha, meicníocht ithreach, fisic agus matamaitic ag leibhéal ard. Bhí mé amuigh ar an fharraige gan seol.”
 
Tháinig cor i gcinniúint Éamoinn nuair a bhí fear as an bhaile ar cuairt ar Bhéal Feirste. Chuaigh siad beirt go Cumann Chluain Ard agus bhuail Éamonn le Albert Fry den chéad uair, arb innealtóir sibhialta é féin. Bhain Éamonn a cháilíocht amach in 1987, i ndiaidh dó bliain a chaitheamh i mbun staidéir i nGlaschú, agus dar leis féin, “Ach ab é Albert, ní éireodh liom.”


D’éirigh le hÉamonn – d’éirigh go rímhaith leis. Bhain sé lánmharcanna amach ina chuid scrúduithe agus tá sé fíorbhuíoch i gcónaí do Albert Fry as an chuidiú uilig a thug sé dó.
 
 Chuidigh Albert leis an mhac léinn dul i ngleic ní hamháin leis an innealtóireacht féin ach leis na téarmaí Béarla fosta. Dúirt Éamonn, “Bhí mé 14 bliana d’aois sula raibh Béarla agam. Bhí m’oideachas uilig i nGaeilge. Bhí Gaeilge níos fearr ag Albert ná a bhí agamsa, ach ní raibh na téarma mataí aige, mar shampla  cearnaithe,  ciúbaithe, préamh chearnach agus mar sin de. D’fhoghlaim sé iad de thimpiste uaimse.”

3Gallery

Mar a shamhlófá, tá cuma ghalánta ar fhéilire 2021 Éamoinn. Tá radharcanna ann as fud fad na tíre: breacadh an lae ar chósta Shligigh, capaillíní Chonamara, gathanna gréine ag doirteadh síos ar Inis Oirthir i nDún na nGall, an Life agus a droichid faoi shoilse na cathrach san oíche.
 
Tá níos mó ná pictiúir ann fosta. Tá seanfhocal le gach mí agus tá laethanta suntasacha i stair na hÉireann agus i bhféilire litríochta na nGael luaite fosta. Mar shampla, an chéad uair a tionóladh Dáil Éireann, na dátaí a d’éag mórfhilí na 18ú haoise, Art Mac Cumhaidh agus Seán Clárach Mac Domhnaill ina measc. Tá eachtraí eile marcáilte a mhúsclaíonn an fhiosracht – Oíche na Gaoithe Móire i mí Eanáir 1839, mar shampla.
 
Is mian le hÉamonn €1,200 ar a laghad a bhailiú lena roinnt idir an dá charthanacht atá roghnaithe aige. Tá tacaíocht faighte aige ó dhaoine mór le rá i saol an cheoil, an spóirt, na polaitíochta agus eile. Tá físeáin phoiblíochta déanta ag an Athair Peter McVerry, Daniel O’Donnell agus Richard Bruton TD, agus cuid eile geallta ag Mairéad Ní Mhaonaigh agus Jim McGuinness.
 
Tá na féilirí Gaeilge ar díol sa Cheathrú Póilí sa Chultúrlann agus ar shuíomh Éamoinn, www.eamonncoyle.com. Déanfaidh siad bronntanas galánta Gaelach agus 2021 ag druidim linn.