Beidh an Ghaeilge le cluinstin go forleathan i nDrioglann Mhic Chonaill i bPríosún Bhóthar Cromghlinne le linn Fleadh Cheoil na hÉireann, mar a dhéantar turais i nGaeilge faoi stiúir Cormac O’Connor, Leasbhainisteoir Oibríochtaí na Drioglainne.
Is as Gaillimh do Chormac ó dhúchas, agus tá sé tábhachtach dó go dtugtar deiseanna don teanga a bheith in úsáid ar bhealach nádúrtha sa phobal.
“Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh turais a dhéanamh i dteangacha difriúla sa drioglann anseo, agus is seans iontach é Fleadh Cheoil na hÉireann turas a chur ar fáil I nGaeilge," ar seisean.
Tá foireann na drioglainne ag iarraidh turais sa Spáinnis, sa Ghearmáinis, sa Fhraincis agus i go leor teangacha eile a fhorbairt. Tá beirt cláraithe chun an turas a dhéanamh i nGaeilge go dtí seo, agus táthar ag súil go gcláróidh tuilleadh le turas suimiúil a dhéanamh.
“Tógann an turas thart ar uair a chloig," lean Cormac leis. "Déanann muid píosa ag an tús faoin mhargadh uisce beatha ar fud an domhain, agus faoi bhunús an bhranda seo. Cuireadh tús leis sa bhliain 1776. Stop sé ar feadh na mblianta ach rinneadh athbheochan air sa bhliain 2015."

Ar ndóighe, tá go leor saintéarmaí in úsáid i ndrioglannaí fiú sa Bhéarla, rud a thugann dúshlán eile do Chormac agus é ag déanamh na dturas.
“Caithfidh mé na téarmaí úra agus focail úra seo a fhoghlaim. Ach tá roinnt focail nach bhfuil téarma acu sa Bhéarla fiú, cosúil leis an Läuterbottich, an rud a scagann an leacht ón ghrán. Úsáidfidh mé an buntéarma i gcásanna mar sin.
“Tá mé beagáinín neirbhíseach ach tá sceitimíní orm chomh maith. Is seans iontach é an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair stairiúil seo. Tá mé ag súil go mór leis.”


