Tá leabhar úr, 'A Short History of the Breton Language,' foilsithe ag fear de bhunadh Bhaile Mhic Aindreasa, Diarmuid Ó Breasláin.
Pléann an leabhar le teanga na Briotáinise, nó Brezhoneg mar a thugtar uirthi sa teanga féin, agus teacht aniar na teanga in ainneoin na ndúshlán agus na mbac a cuireadh roimpi. Deir an t-údar go raibh an teanga ag streachailt le tamall.
"Bhí milliúin cainteoirí ann i 1950, ach anois níl ach dhá chéad míle ann," ar seisean. "Tá titim ollmhór ansin."
Scríobh an t-údar céanna 'A Short History of the Manx Language' agus 'A Short History of the Irish Language,' roinnt blianta ó shin, agus mhothaigh sé go raibh leabhar faoin Bhriotáinis ar iarraidh.
"Cineál tionscadal Covid a bhí ann," lean sé leis. "Bhí muid uilig gafa sna seomraí! Mhothaigh mé nach raibh rud scríofa i mBéarla faoin Bhriotáinis, agus bhí mé ag iarraidh sin a dhéanamh.
"Bhí mé ag amharc air mar lámhscríbhinn agus dúirt mé liom féin go gcaithfidh mé seo a fhoilsiú."
Fear ildánach Diarmuid a bhfuil suim nach beag aige sna teangacha agus sna tíortha Ceilteacha.
Agus obair thras-Ceilteach a bhí sa leabhar seo gan amhras. Scríobhadh é in Éirinn faoin Bhriotáinis. Rinneadh é a fhoilsiú ag comhlacht an scríbhneora, An Clochán, agus rinneadh é a phriontáil sa Bhreatain Bheag.
"Bhí an ghné thras-Ceilteach sin tábhachtach I gcónaí," ar seisean.
Tá cosúlachtaí idir mhuintir na Briotáinise agus mhuintir na Gaeilge, dar le Diarmuid.
"Bhí lucht na hathbheochana acu, mar a bhí againn, agus sna seascaidí tháinig ceoltóirí agus rudaí cultúrtha chun cinn agus d'éirigh an teanga ina rud radacach."
Chaith an scríbhneoir seal sna tíortha Ceilteacha uilig agus feiceann sé cosúlachtaí idir eatarthu.
"Ná bí ag súil le mórán ó thaobh rialtas na Fraince de," ar sé. "Ach tá rialtas réigiúnach a bhfuil cumhacht aige ó bhí na hochtóidí ann, agus de réir a chéile tá sé ag tacú leis an teanga. Feictear a leithéid i gCorn na Breataine, san Alban agus sa Bhreatain Bheag, agus anseo go pointe! Tá an oiread sin le foghlaim óna chéile agus caithfidh muid a bheith ag amharc ar na tíortha eile. Bíonn ceachtanna le foghlaim agus eiseamláirí in achan tír."


