Tá an tsraith caifé Juice Jar — nó anois An Próca Sú! — chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil do bhaill foirne agus do chustaiméirí.

I bpáirt leis An Droichead, beidh ranganna ar fáil sa Juice Jar I lár na cathrach ar fud mhí Lúnasa.

Dúirt Seáinín Keenan, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis An Droichead go ndeachaigh Nicole Reid, Bainisteoir an Juice Jar, i dteagmháil leo ag iarraidh ranganna Gaeilge a shocrú. 

“Bhí an caifé ag iarraidh go mbeadh daoine ábalta ord a dhéanamh i nGaeilge, agus go mbeadh daoine ábalta teacht isteach agus Gaeilge a úsáid sa chaifé," ar sise.
 
“Shocraigh muid clár sé seachtaine a dhéanamh leis an chaifé, á theagasc ag múinteoir dár gcuid, April Ní hÍr."

Tá na ranganna saor in aisce agus ar siúl ag 6:30 achan oíche Luain in Juice Jar, Wellington Place. Críochnóidh na ranganna ar an 24 Lúnasa.

Foghlaimeoirí úra lena múinteoir, April Ní hÍr
2Gallery

Foghlaimeoirí úra lena múinteoir, April Ní hÍr

 

Deir Seáinín go bhfuil An Droichead ar bís faoin fhreastal atá orthu cheana féin, agus go bhfuil súil aici go leanfaidh bunfhoghlaimeoirí ar aghaidh lena dturas foghlama agus clárú chun ranganna a dhéanamh leis An Droichead.
 
Lean sí léi: “Bhí breis agus daichead duine i láthair ar an chéad rang, agus bhí daoine i ndiaidh a thaisteal i bhfad le freastal ar na ranganna. Tháinig teaghlach amháin ó Latharna, mar shampla. Beidh téarma úr de ranganna ag toiseacht in An Droichead i mí Mheán an Fhómhair, agus tá súil againn go dtiocfaidh na daoine a d’fhreastal ar rang Juice Jar chuige sin.”