Beidh ionad ealaíona i lár na cathrach ag feidhmiú mar chroílár na Gaeilge le linn Fleadh Cheoil na hÉireann ag tús mhí Lúnasa.
 
Is sa Metropolitan Arts Centre —an MAC — a mbeidh clár seachtaine de theanga, de cheol agus de chultúr á reáchtáil ag an Fhleadh.
 
Beidh plúr na n-imeachtaí á reachtáil san ionad le linn na Fleá, ina measc ranganna saor in aisce gach lá le blaiseadh ar an Ghaeilge a thabhairt do dhaoine, agus spás ‘tae agus plé’ ionas gur féidir le daoine cibé Gaeilge atá acu a úsáid.
 
Beidh seomra teaghlaigh ag feidhmiú le linn na seachtaine le spás réchúiseach, nádúrtha a chruthú do theaghlaigh agus daoine óga ina mbeidh an Ghaeilge le cluinstin go nádúrtha.
 
Agus léireofar roinnt de na scannáin Ghaeilge is mo le blianta san ionad chomh maith, Mise Éire, Róise agus Frank agus An Cailín Ciúin san áireamh.
 
Déanfaidh an Feirsteach an tOllamh Fionntán de Brún, siúlóid staire ar stair na Gaeilge sa chathair a thosaíonn ag an MAC, agus beidh craoladh beo ón ionad leis an stáisiún raidió pobail, Raidió Fáilte.
 
Dúirt Ceannasaí Margaíochta an MAC, Rachel Leitch, go bhfuil siad ag iarraidh fáilte mhór a chur roimh achan phobal.
 
“Is é an misean atá againn ná; daoine a spreagadh, dúshlán a chur roimh dhaoine, agus daoine a thabhairt le chéile.
 
“Ta muid ag iarraidh a bheith cinnte go mothaíonn daoine ó gach pobal i mBéal Feirste, agus níos faide i gcéin, go bhfuil fáilte rompu sa spás s’againne."
 
Chuir foireann an MAC dúshlán rompu féin mar a rinne cuid den fhoireann staidéar dian le Fáinne Airgid a bhaint amach, agus tá Rachel sásta go mbeidh tú ábalta ord caifé a dhéanamh i nGaeilge san ionad!
 
“Fuair cuid den fhoireann a bhFáinne Airgid agus tá cuid eile ina gcainteoirí líofa. Tá súil againn go mbeidh daoine ábalta na cainteoirí seo a aimsiú go fusa nó go mbeidh ‘Labhair Liom’ scríofa ar a gcuid léinte.
 
“Tá súil againn a bheith oscailte roimh chách. Má tá Gaeilge líofa agat nó mura bhfuil Gaeilge ar bith agat, tá súil againn go dtig le daoine teacht isteach agus fiosrú a dhéanamh ar rud nár fhiosraigh siad riamh, b'fhéidir.”