Tá áit bainte amach ar an ghearrliosta ag Gradaim Leabhar An Post sa chatagóir don leabhar Gaeilge is fearr ag beirt údar as Béal Feirste, Réaltán Ní Leannáin as ceantar San Séamas agus Seán Ó Muireagáin as Gort na Móna. Tá Celia de Fréine, file agus drámadóir as Baile Nua na hArda ainmnithe fosta. Agus 46 lá idir seo agus Lá Nollag, dhéanfadh ceann ar bith de na leabhair ficsin atá ar an ghearrliosta féirín iontach do lucht alptha na leabhar, agus tá siad uilig le fáil in An Ceathrú Póilí, an siopa leabhar sa Chultúrlann nó ar www.an4poili.ie.
 
An Dara Rogha
Celia de Fréine
LeabhairComhar
Tá leabhair i nGaeilge a bhfuil bean óg sna déaga mar phríomhcharachtar iontu ag dul i líonmhaire. Tá an-ráchairt ar leithéidí Nóinín le Máire Zepf, dialanna Emily Porter le Richie Conroy, Labhairamach.com le hÁine Uí Fhoghlú agus Katfish le Óige Ó Céilleachair. Agus anois tá leabhar ficsean eolaíochta den scoth tagtha ó pheann Celia de Fréine faoi theacht in inmhe Emma, cailín atá ag maireachtáil i domhan aisteach ina bhfuil achan uile rud rialaithe ag na húdaráis – éadaí, bia, slí bheatha, páirtí saoil. Tá domhan diostóipeach léirithe sa leabhar seo, mapaí san áireamh, agus tá lorg Handmaid’s Tale le sonrú air costa. Ní féidir spiorad an duine atá ceisteach, fiosrach a chloí agus tuigtear do Emma go bhfuil an dara rogha ar fáil di. Is bealach é a mbaineann contúirtí móra leis – cén rogha a dhéanfaidh sí sa deireadh?
 
Bádh B’fhéidir
Seán Ó Muireagáin
Éabhlóid
Cúig ghearrscéal fhada atá sa chnuasach is déanaí de chuid John Boy agus, cosúil le Celia de Fréine, tá tochailt déanta ag an údar Feirsteach ar dhiostóip. Cé nach mbaineann gach scéal sa tsraith leis na carachtair ná leis an phlota chéanna, tá snáithe i gcoitinne ag rith fríothu a fhágann gur cnuasach snasta é. Tá dea-vaimpír ann agus pláinéad atá ina phlanda. Is é an sárscéal ‘Aiséirí’ an scéal is láidre acu uilig a ríomhann aistear spástaistealaithe a chuirtear amach ag taiscéaladh le theacht ar phláinéad nua a dtiocfadh leis an chine dhaonna maireachtáil air nuair a bheas an ceann a chothaíonn faoi láthair iad scriosta agus creachta acu.
 
Bláth na dTulach
Réaltán Ní Leannáin (eag.)
Éabhlóid
Seo an dara leabhar as teach foilsitheoireachta Eoghain Mhic Ghiolla Bhríde i nGaoth Dobhair atá ar ghearrliosta na bliana seo. Tionscadal é Bláth na dTulach a bhfuil leabhar agus podchraoladh araon mar ghnéithe de. Tuigeadh do Réaltán Ní Léannáin le linn na chéad dianghlasála gur dhóichí go raibh údáir Ghaeilge eile thíos leis an easpa teagmhála agus go raibh an baol ann go raibh a n-acmhainn chruthaitheachta ag maolú. Thug sí faoi chnuasach scéalta le scríbhneoirí Ultacha a chur le chéile agus tá ábhar le 28 acu le léamh sa leabhar breá, ealaíonta seo. Tá athshamhlú ar sheanscéalta ann mar aon le scéalta úrnua uirbeacha. Tá cuid acu suite thar lear, sa Pholainn agus sa Phalaistín, mar shampla, agus ríomhtar i gcuid de na scéalta cuimhní na n-údar ar eachtraí suntasacha ina n-óige. Leabhar thar a bheith sultmhar.
 
El 
Thaddeus Ó Buachalla
Coiscéim
Tá éacht déanta ag Thaddeus Ó Buachalla leis an chéad úrscéal dá chuid, El, leabhar saoithiúil, samhlaíoch a théann anonn is anall idir cathair Chorcaí an lae inniu agus na príomhionaid léinn eolaíochta san Eoraip sa 17ú haois. Ceistítear cé atá ag rialú an domhain ar chor ar bith – an duine nó neacha bídeacha urchóideacha a chónaíonn i gcloigeann cuileog agus a chuidíonn leis na daoine is cumhachtaí sa stair clú, cáil agus creidiúint a bhaint amach. Níor tarraingíodh oiread airde agus ba chóir ar an leabhar seo ó foilsíodh é agus is maith go bhfuil sé ar an ghearrliosta mar tá talamh úr briste ag an údar seo.

2Gallery

 
Súil an Daill
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac
Tá an leabhar iontach seo suite i dTír Eoghain sa 16ú haois. Tá caimiléireacht ann idir mhic an Taoisigh agus craobhacha eile den chlann agus athrú réimis ar na bacáin. Titeann na heachtraí uilig amach san am a bhfuil fórsaí Shasana ar a ndícheall ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar na húdaráis dhúchasacha Ghaelacha, a dtailte a sciobadh uathu agus a gcóras rialaithe féin a chur i bhfeidhm. Tá saibhreas mór sa chur síos a dhéanann Darach Ó Scolaí síos tríd an leabhar ar ghnéithe éagsúla den tsaol in Ultaibh san am sin, rud a chuireann beocht agus spleodar leis an scéal polaitíochta a ríomhann sé. Ní fios cé atá le thrust nó cén dream a bheas fealltach.