ACHAN mhaidin ar mo bhealach isteach chun na hoibre téim thart le Sólann an Ghleanna i mBaile na Mainistreach. Tá comharthaí an earraigh le sonrú sa chomharsanacht agus ar thailte na sólainne. Le seachtain anuas nó mar sin tá paiste mór glas ar an fhaiche fhairsing taobh leis an bhóthar trasna ón bhealach isteach go Ráth Cúile ag éirí níos dorcha. Tá gasanna na mbláthanna ag briseadh amach as an chré agus ag síneadh i dtreo an tsolais. Roimh i bhfad beidh radharc ann a thabharfaidh dán clúiteach William Wordsworth chun cuimhne, slua buí lusanna cromchinn.

Tá an t-earrach linn agus tá an saol ina fhéile. Sheol Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Tina Black, agus Liam Hannaway, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, clár Fhéile an Earraigh an tseachtain seo in Áras Uí Chonghaile. Tá tuairim is 100 imeacht ar an chlár. Tá 160 leathanach sa leabhrán imeachtaí agus is eiseamláir den scoth é den dátheangachas. Tá moladh mór ag dul d’fhoireann na féile as a ndúthracht. Is iontach an rud é go bhfuil dlúthnasc i mbliana idir Féile an Earraigh agus Seachtain na Gaeilge, a reáchtálann Conradh na Gaeilge ar fud na tíre. Agus ar ndóigh beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ann ar an 8 Márta agus tá an ócáid thábhachtach seo mar spreagadh leis an iliomad imeacht i bhféile na bliana seo.

Beidh ionaid ar fud Bhéal Feirste – thiar, thoir, thuaidh is theas – ag cur ceol, ealaín, drámaíocht, cluichí, díospóireachtaí, scannáin agus seoltaí leabhar ar fáil ó thús go lár na Márta, rud a fhágann go mbeidh imeachtaí d’achan chineál duine.
Seo blaiseadh d’imeachtaí éagsúla atá ar chlár na Féile. Tá an clár iomlán ar fáil le híoslódáil ar www.feilebelfast.com.

Spraoi Cois Lao
Tá cuid mhór le ceiliúradh ag pobal na cathrach ó thaobh an dul chun cinn nach beag atá déanta ó thaobh na Gaeilge de. Beidh lá teaghlaigh i gCearnóg Theach an Chustaim ó 1-5pm Dé Sathairn an 5 Márta. Cluichí, ceol, craic agus cuideachta go leor le fáil ar an lá.

Camino Bhéal Feirste
Is mór an tairbhe agus an taitneamh atá le baint as an tsiúl mar chaitheamh aimsire. Tá éacht déanta ag An Droichead cúrsa Camino Bhéal Feirste a leagan amach, eispéireas a mheallfaidh an mhuintir áitiúla agus turasóirí araon amach anseo gan amhras ar bith. Ach is cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge a shiúlfaidh an cúrsa 25km ar dtús ar an 4-5 Márta. www.androichead.com/camino 

Luascadh an Domhain Shobhriste
Cuirfidh DU Dance fáilte isteach roimh mhná in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith sa Chultúrlann Déardaoin, an 9 Márta ar 12.30pm. Beidh deis ag na mná damhsa le chéile agus bia blasta a roinnt agus beidh an chéad léiriú poiblí ann den scannán ‘Ode go Gaia’. www.dudanceni.com 

Ré Nua do Mhná sa Pholaitíocht?
Tá 25 bliana ann ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sheas an tOllamh Monica McWilliams, Michelle Gildernew MP agus Dawn Purvis mar iarrthóirí sa toghchán don Tionól in 1998. Tiocfaidh an triúr acu le chéile in Áras Uí Chonghaile Dé Céadaoin an 1 Márta ar 7pm le plé a dhéanamh ar an obair a rinne siad lena chinntiú gur chualathas guth na mban i bpróiseas na síochána.

Lá Domhanda na Leabhar
Moladh mór le muintir Ghleann Cholainn a bheas ag cur eachtraí ar fáil trí mheán na Gaeilge den chéad uair ar Lá Domhanda na Leabhar. Fáilte roimh theaghlaigh dul ag tóraíocht sa choill leis an Gruffalo, an Stickman agus carachtair eile a tháinig ó shamhlaíocht an údair Julia Donaldson a aimsiú. Dé Sathairn an 4 Márta ar 10am a bheas an t-imeacht seo ag titim amach.

Rapparees
Is iad na Rapparees a bheas ar an ardán ag mór-cheolchoirm Fhéile an Earraigh sa Devenish Dé Domhnaigh, an 5 Márta. Oíche ardcheoil in ómós don bhanna iontach punc Éireannach, na Pogues, a bheas ann. Ticéidí le fáil ó Ticketmaster, agus doirse ar 7pm.
Conair an Cheoil

Tá dhá scór teach tábhairne, óstán, ionad ealaíon, ionad siopadóireachta agus eile ar liosta na n-áiteanna in achan chearn de Bhéal Feirste ina mbeidh an ceol traidisiúnta le cluinstin beo ó mhaidin go hoíche idir an 2 agus an 19 Márta. I measc na gceoltóirí a bheas ag glacadh páirte ann tá Christine Dowling, Maria Rafferty, John McSherry agus Conor Caldwell. Agus níl ansin ach dornán acu. Táimid millte!