Níl a dhath ar bith cosúil leis. An mhóimint sin go díreach a shuíonn tú síos, a shíneann tú siar agus a ligeann tú do do chorp agus d’intinn scaoileadh leis an teannas agus scíste a ligean. Táimid i ndiaidh tréimhse dhian, ghnoitheach a chur díon féin agus tá ceannscríbe chóir a bheith bainte amach againn. Tá na bronntanais ceannaithe, an bia don lá mór faighte, na cártaí curtha sa phost agus na giotaí deireanacha oibre tugtha chun críche. Agus fiú mura bhfuil cuid ar bith de sin déanta, cén dochar?

Is gearr anois go mbeidh deis ag cuid mhór againn sos a ghlacadh agus aird a dhíriú ar na rudaí bunúsacha, ar na nithe is tábhachtaí sa tsaol le fírinne iad. Am a chaitheamh i gcuideachta na ndaoine is mó a bhfuil grá againn dóibh agus acu dúinn. Uaireanta fada a chur isteach ag dul do na caithimh aimsire is fearr linn. Siúlóidí fada faoin aer. Bia déanta sa bhaile. Tréimhsí suaite sna leabhair agus sna scannáin is fearr linn. Beidh páistí ag fáil blaiseadh de dhraíocht na Nollag agus ag múnlú cuimhní geala a sheasfas leo go deo.

Táthar ann a bheas ag obair go mór gan bhriseadh, go háirithe iad siúd a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil. Lucht na seirbhísí éigeandála, oibrithe ospidéil, siopadóirí a dhíolann na hearraí is mó a theastaíonn uainn ó lá go lá agus tuilleadh nach iad. Tá mé ag smaointiú go mór mhór ar na haltraí agus na hoibrithe ospidéil a bhí ar stailc an tseachtain seo caite. Bíonn siad ag obair go dílis, dícheallach i ndálaí dúshlánacha ar deacair iad a sheasamh. 

Beimid ag smaointiú ar ár ndaoine muinteartha agus ar chairde linn atá as baile, ar thuismitheoirí agus seantuismitheoirí nach bhfeicfidh a gclann ná a ngarchlann ach amháin ar an scáileán. Nár fhada go mbeidh siad ar ais i gcomhluadar a chéile. Tá daoine as ár measc imithe ar shlí na fírinne agus beidh uaigneas agus crá orthu siúd atá fágtha á gcaoineadh. Bímis ag tacú leo.

Guím Nollaig mhaith oraibhse a léitheoirí. Coinnímis an misneach!