Tá 200 duine i ndiaidh dráma nua Naoise Uí Chairealláin, Mógalaí Bap sa ghrúpa Kneecap, a fheiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo agus ceithre oíche eile go fóill le dhul. Beidh Minimal Human Contact, léirithe ag Aisling Ghéar, ar an ardán in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith go dtí an Satharn, an 1 Deireadh Fómhair agus tá ticéid go fóill ar fáil do na léirithe ar shuíomh na Cultúrlainne. Tá an dráma á léiriú mar chuid de chlár Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste agus bhí sé ar siúl cúig oíche sa Smock Alley i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag Imeallfhéile Bhaile Átha Cliath.

Seó aonair atá ann faoi fhear óg 26 bliana d’aois atá i ngreim an chearrbhachais. Seo é ar Shráid an Chaisleáin lá fliuch ag dul isteach sa casino den uair dheireanach, dar leis féin. Faigheann an lucht féachana léargas grinn ar an sruth smaointeoireachta a ritheann fríd aigne an andúiligh óig. Tá sé amhail is atá na smaointe in slómó. Cé nach bhfuil ach carachtar amháin le feiceáil ar an stáitse, castar daoine eile anróiteacha orainn a thaithíonn an t-ionad cearrbhachais, na meaisíní a shúnn a gcuid airgid, na rothaí roulette.

Is é Seán T. Ó Meallaigh, sár-aisteoir a chaith formhór a shaoil i nGaillimh, atá i ról an phríomhcharachtair. Is minic Seán T. le feiceáil ar an scáileán beag agus ar an scáileán mór araon. Is iomaí dráma, clár faisnéise agus scannán ina raibh sé thar na blianta, ina measc Vikings, an fadscannán Doineann, Corp agus Anam agus Na Cloigne, agus bhí sé i ról Sheáin Mhic Diarmada i sraith TG4 Seachtar na Cásca. 

Éiríonn leis idir thruamhéil agus fhrustrachas a mhuscailt sa lucht féachana don té atá gafa go docht daingean i ngreim na handúile. Cuireann Ó Meallaigh dóchas, misneach agus soineantacht in iúl. Aon uair a léiríonn sé a leithéid, tuigtear dúinn nach fada go mbainfear an ghaoth as a sheolta. Bímid ag impí air inár n-aigne féin gan an geall a chur síos, ach cuireann sé muinín sa bhóthar geal a d’fhéadfadh a bheith roimhe, an seans sin atá ann i gcónaí go ndéanfaidh sé míle punt as an trí chéad atá tógtha ar iasacht aige – nó goidte i bhfocail eile – ó tharraiceán an té is mó a bhfuil grá aici dó.

Tadhg an dá thaobh é an t-andúileach. Cuireann siad an dubh ina bhán orthu féin agus ar dhaoine eile. An é seo an uair dheireanach, an geall deireanach le fírinne? B’fhéidir, ach beag an baol. Agus léirítear é seo go maith sa dráma seo tríd aisteoireacht chumasach, chumhachtach Uí Mheallaigh, agus tríd an aistriúchán comhuaineach Béarla a dhéanann Francis Mezza dóihbh siúd nach bhfuil Gaeilge acu. Tchí muid agus cluinimid fosta an fhearg, an cailleadh foighde, an dallamullóg á cur.

Is fadhb mhór rúnda é an cearrbhachas gan srian a d’fhéadfadh léirscrios a dhéanamh ar an andúileach féin agus ar a dteaghlaigh mar gheall ar na fadhbanna tromchúiseacha airgeadais a chothaíonn sé. Nurab ionann agus an t-alcólachas agus an andúil i ndrugaí, substaintí a mbíonn a dtionchar le sonrú go soiléir ar an té a chaitheann iad, ní léir i gcónaí go bhfuil duine ag plé le fadhb chearrbhachais.

Tá moladh mór faighte ag Naoise Ó Cairealláin agus Aisling Ghéar as tabhairt faoina leithéid d’ábhar ar dhóigh chomh hionraic sin.

Má tá tú thíos leis an andúil sa chearrbhachas, tá cuidiú le fáil ó Extern ach scairt a chur ar 089 241 540 nó cuairt a chur ar shuíomh Gamblers Anonymous, www.gamblersanonymous.org.uk.