Mar shochaí táimid i ndiaidh trí ráithe an-trom a chur dínn agus is cosúil go raibh cúrsaí go háirithe dúshlánach le cúpla seachtain anuas. Tá cúiseanna éagsúla leis sin, agus níl duine ar bith inár measc nach bhfuil ag streachailt ar leibhéal éigin.

Bhí scéal ag gach duine ar labhair mé leo le tamaillín anuas faoi bhuaireamh de chineál éigin atá ag teacht idir iad agus codladh na hoíche. Tá cuid againn ag mothú nach bhfuilimid ag feidhmiú mar ‘ba chóir’ ná ag déanamh ‘ár ndóthain’ le go ndéanfaí sinn a áireamh ar shaoránaigh mhaithe fhiúntacha an domhain. Bíodh aige sin. 

Bí cineálta leat féin. Caith aon chiontas atá ort i dtraipisí – cur amú fuinnimh agus ama atá ann. Tá sos de dhíth ort. Má mhothaíonn tú go ndéanfadh siúlóid maitheas duit, amach leat. Ar mhaith leat tú féin a thumadh i leabhar agus an domhan thart ort a ligean i ndearmad ar feadh uair an chloig? Gabh ar aghaidh. 

Beidh tamall maith eile ann sula mbeidh saoirse taistil agus deiseanna againn chun bualadh lena chéile arís. Ach idir an dá linn, táimid ag foghlaim le sult a bhaint as a bhfuil ar fáil dúinn sa gharthimpeallacht. Ar an dea-uair tá comharthaí le feiceáil go bhfuil an t-earrach ag teacht agus tugann sin dóchas éigin dúinn. Má amharcaimid go cúramach, tá gasanna na lusanna cromchinn agus na bplúiríní sneachta ag briseadh aníos as an chré agus, ar ndóigh, tá an síneadh sa lá suntasach anois fosta. 

Grúpaí éagsúla 

Seo aimsir Imbolc, féile ársa dhúchasach Cheilteach de chuid na nÉireannach atá á ceiliúradh ag grúpaí éagsúla ar fud na tíre agus sa chathair s’againn féin. Seo aimsir na torthúlachta, na cruthaitheachta, na filíochta agus na ceardaíochta. Bainimis inspioráid as. Is i dtús mhí Feabhra go háirithe a léiríonn muintir na hÉireann ómós don bhandia Bríd agus do Naomh Bríd na Críostaíochta. Tá traidisiún seanbhunaithe ann crosóga a dhéanamh as feagacha ar Lá Fhéile Bhríde. 

I measc na n-imeachtaí eile atá ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich tá áis foghlama do pháistí atá bunaithe ar Imbolc, taispeántas nua físealaíne le Vera Ryklova agus físeáin a dhéanann ceiliúradh ar Leabhra Feabhra. Gan dabht, tá neart ceoil le cluinstin chomh maith. 

Ceoltóirí

An tseachtain seo chugainn, ar an 5 Feabhra, tá ceolchoirm eile ag an Chultúrlann le ceoltóirí as fud fad na tíre a chuirfeas an ruaig ar an ghruaim – Rónán Ó Snodaigh ón ghrúpa Kíla, Clann Uí Luachráin, Étain agus Máire Ní Churraoin, agus Ciara McCrickard agus Stephen Rooney. Éagsúlacht iontach!