Tugadh aitheantas d'obair na mban ag bronnadh Gradam Raidió Fáilte i gceannchaethrú an stáisiúin in Iarthar Bhéal Feirste Dé Luain mar cheiliúradh ar Lá na Féile Bride. 

Agus, don chéad uair ariamh, is ar scaifte bheag Gaeilgeoir a bronnadh an gradam seachas ar dhuine amháin.

Bronntar an gradam ar bhean nó ar mhná mar ghealla ar iarrachtaí s’acu agus ar an tionchar a d’imir siad ag cur chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste.

GAISCE: Na mná ar tugadh aitheantas dóibh
4Gallery

GAISCE: Na mná ar tugadh aitheantas dóibh

"Don chéad uair raimh, bhí grúpa de shár-mhná á cheiliúradh againn – Mná Misniúla a Rinne Gníomh," arsa stiúrthóir Raidió Fáilte Cillian Breatnach.

"Is iad na mná a bhí i gceist ná iad siúd a bhí páirteach agus lárnach ag tús-laethanta Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus i mbunú Bhunscoil Phobal Feirste."

An Dr Gabrielle Nig Uidhir as Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire a bhí ina haoi-chainteoir ag an searmanas. 

BUAILEADH BOS: Searmanas na Féile Bríde ag Raidió Fáilte. Bríd Mhic Sheáin agus Máire Uí Bhruadair chun tosaigh
4Gallery

BUAILEADH BOS: Searmanas na Féile Bríde ag Raidió Fáilte. Bríd Mhic Sheáin agus Máire Uí Bhruadair chun tosaigh

Bronnadh gradaim ar thrí ghrúpa: mná a chónaigh sa Ghaeltacht ar Bhóthar Seoighe; mná a chuidigh le forbairt na Gaeltachta uirbí agus ar ionadaithe de mhná atá anois ar shlí na fírinne ach a rinne gaisce don teanga.

Ba iad siúd:

Mná Bhóthar Seoighe:

Caitlín Mistéil
Maire Bean Mhic Sheáin
Bríd Mhic Sheáin
Brighid Uí Mhonacháin
Máire Uí Bhruadair
Anna Nic an Iolair
Áine Andrews
Rhian Andrews
 

Mná atá ar shlí na fírinne:

Cristín Uí Bhruadair
Monica Mhic Giolla Cathain
Áine Mhic Aindreasa
Caitlín Uí Anluain

ÉACHT: Aitheantas do mhná an phobail Ghaelaigh
4Gallery

ÉACHT: Aitheantas do mhná an phobail Ghaelaigh

Mná nár chónaigh sna tithe ach a raibh páirt acu sa Phobal seo agus sa scoil sna luathlaethanta:

Aingeal Uí Choisneacháin
Máire Mhic Ainmhire
Máire Dhubh Uí Chearbhalláin
Máire Andrews
Caitlín Nic Carráin
Máire de Brún
Brenda de Bléine
Nóirín Ailf Ní Mhurchú
Máire Nic Diarmada