D'fhreastail na céadta ar thórramh Dhiarmuid Uí Thuama in Iarthar Bhéal Feirste inniu. San alt seo, labhraíonn ár dtuairisceoir Gráinne Ní Ghréacháin le cuid de na daoine a d'oibir leis san iomad fiontar Ghaeilge.

Thug gníomhaithe agus eagraíochtaí Gaeilge ómós do Diarmuid Ó Tuama a fuair bás maidín De Máirt mar “fear a raibh a croí istigh sa Ghaeilge aige".

Bhí Diarmuid ina phríomhoide ar an chéad bhunscoil sa Tuaisceart, Bunscoil Phobail Feirste cóir a bheith ó am a bunaithe, ina údar, ina staraí agus ina ghníomhaí teanga ar feadh a shaoil.

Beidh cuimhne ag go leor air, go háirithe iarscoláirí na bunscoile a d’ainmnigh é “An Máistir”.

Dúirt Pat Rice, iar-chomhairleoir de chuid Shinn Féin gur duine “iontach díograiseach” a bhí i nDiarmuid.

“Tá aithne agam air le blianta fada agus bhí mo mhac ar scoil aige, mo mhac Brian. Ag an am sin, bhí an scoil ag tosnú sna seachtóidí. Bhí roinnt ban ag teagasc agus bhí fear amhaín ag teagasc agus sin ‘An Máistir’ agus go dtí an lá lnniu labhraíonn mo mhac faoi ‘An Máistir’.

SEOLADH LEABHAIR: Gearóid de Grás, Diarmuid O Tuama agus Martita agus Pat Rice i 2007
5Gallery

SEOLADH LEABHAIR: Gearóid de Grás, Diarmuid O Tuama agus Martita agus Pat Rice i 2007

“An aithne a bhí agam air, fear é a raibh a chroí istigh sa Ghaeilge aige agus bhí a chroí istigh sa teagasc fosta.
 Bhí sé iontach díograiseach faoin Ghaeilge agus iontach díograiseach faoina chuid oibre mar mhúinteoir.

“Bhí suim aige i gconaí i gcursaí oideachais, rinne sé dochtúireacht agus scríobh sé leabhair.  Fear uasal, fear sóisialta ach thar aon rud eile bhí sé i gcónaí ag plé leis an Ghaeilge.”

Dúirt Mháire Mhic Sheáin as Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus Bunscoil Phobail Feirste gur  ndeárna Diarmuid “a dhícheall i dtólamah don scoil agus do na páistí.”

“Bhí meas mór agamsa agus ag m'fhear céile Seán ar Dhiarmuid,” arsa Máire. 

MAR A BHÍ: Diarmuid Ó Tuama (ar clé, cúl) le scaifte Gael ag Oíche ag na Rásaí in Iúil 1981 don Bhunscoil, ina measc Máire agus Áine Andrews, Anne O'Neill agus Danny O'Neill.
5Gallery

MAR A BHÍ: Diarmuid Ó Tuama (ar clé, cúl) le scaifte Gael ag Oíche ag na Rásaí in Iúil 1981 don Bhunscoil, ina measc Máire agus Áine Andrews, Anne O'Neill agus Danny O'Neill.

“D'oibir mise sa scoil leis agus thuig mé an méid oibre a rinne sé. Chonaic mé an feabhas a tháinig ar mo pháistí féin lena theagasc. Is fear é a bhí Gaelach, díograiseach agus ba mhúinteoir maith é.

“Bhí suim mhór aige sa spórt agus spreag sé na páistí chun spórt a imirt, na cailíní agus na buachaillí fosta. Spreag sé ceol fosta agus sheinn sé an fheadóg stáin. Bhí suim mhór aige in amhráin agus d’fhoghlaim na páistí a lán amhrán uaidh."

Lean Máire léi: “An rud is mo a raibh suim aige ann ná an stair agus go háirithe stair áitiúil agus rinne sé a lán staidéir leis na páistí faoi na sráideanna áitiúla agus faoin cheantar. D’fhoghlaim na páistí faoi na logainmneacha. Bhí an-suim aige sa nádúr fosta. Mar sin, fuair na páistí oideachas leathan ó Dhiarmuid agus sin ceann de na fáthanna gur éirigh chomh maith leis an scoil.”

Ciarán Ó Pronntaigh agus Diarmuid Ó Tuama
5Gallery

Ciarán Ó Pronntaigh agus Diarmuid Ó Tuama

I ngiolc a sheol, arsa pobal Bhunscoil Phobail Feirste, “Ba mhaith le Gobharnóirí agus foireann na scoile comhbhrón ó chroí a ghabháil lenár bpríomhoide, Séamus, agus lena theaghlach ar bhás a athar, Diarmuid Ó Tuama. Múinteoir, príomhoide agus cara buan do phobal uilig na scoile.

"Bhí sé dílis don teanga, don oideachas agus do na cluichí. Bhí ciall aige don ghreann agus don fhilíocht. Bhí sé dúthrachtach ina chuid oibre agus flaithiúil ina dhaonnacht. Gael go smior. Go dtuga Dia sólás dóibh in am an seo an ghátair.”

Dúirt Coláiste Feirste, “Is cúis mhór bhróin do ghobharnóirí, do mhúinteoirí agus do phobal Choláiste Feirste bás Dhiarmada, iar-phríomhoide Bhunscoil Phobail Feirste agus ceannródaí Gaeloideachais. Déanann muid cásamh agus comhbhrón lena mhuintir uilig. I measc laochra na nGael go raibh a anam uasal.”

OIDEACHASÓIR: Diarmuid ina phríomhoide ag bronnadh Corn Mhic Eachaidh sa scoil.
5Gallery

OIDEACHASÓIR: Diarmuid ina phríomhoide ag bronnadh Corn Mhic Eachaidh sa scoil.

Dúirt Glór na Móna “Ní bheidh a leithéid arís ann.”

“Ba mhaith le pobal Ghlór na Móna comhbhrón ó chroí a ghabháil le Clann Uí Thuama ar chailliúint thragóideach Dhiarmuid Mhóir (An Máistir) Uí Thuama.

"Fathach fir. Ceannaire, oideachasóir ceannródaíoch, staraí cumasach agus príomhoide fadbhunaithe ar an chéad Ghaelscoil ó thuaidh áit ar cothaíodh na céadtaí Gaeil óga le blianta fada anuas.

"Gael, Poblachtánach agus gníomhaí misniúil a bhí i nDiarmuid a sheas an fód agus a throid go fíochmhar ar son an phobail. Cronóidh muid uilig é."

In ómós ar Raidió Fáilte, dúirt an craoltóir Eoghan Ó Néill go raibh féith an ghrinn go láidir i nDiarmuid agus go raibh dúil mhór aige i gcuideachta agus sa chaibidil. "Bhí dearcadh láidir aige ar gach ábhar agus is é a bhí abálta an fód a sheasamh dá bharúil."