Ba bheag duine le céad bliain anuas a d'imir páirt chomh lárnach san athbheochan Ghaeilge agus a d'imir Pádraig Ó Snodaigh (89) - ach ba é a dháimh le Béal Feirste a thuill meas agus urraim Ghaeil Bhéal Feirste.
I 1979, nuair a chríochnaigh sé féin a sheal mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ba é a mheall Albert Fry lena hata a chaitheamh sa chró le theacht mar chomharba air. Thigeadh na scairteanna comghuallaíochta (nó comhcheilge) isteach go mall san oíche ar an phá-ghuthán a bhí sa chisteanach i gCumann Chluain Ard le go bpléifeadh sé féin is Albert stocaireachta vótaí don uachtaránacht.
San am sin, bhí dianchinsireacht i bhfeidhm ó Dheas, cosc ar Shinn Féin ar na mór-mheáin agus an 'drong trom' ag greadadh easaontóirí agus thit sé de chrann ar an Chonradh guth a thabhairt don fhreasúra náisiúnta. Thuig Pádraig nach ngéillfeadh uachtarán tuaisceartach do bhréag-chráifeacht na n-údarás maidir leis an Ghaeilge de - agus b'fhíor dó.
Laoch ar lár
— Aengus O Snodaigh TD (@aosnodaigh) January 2, 2025
Tá m'athair ar slí na fírinne.
I measc uaisle na nGael go raibh sé
Pádraig Ó Snodaigh
1932-2025 pic.twitter.com/W8HQDffTOr
Ar ndóigh, fán am seo bhí iomaire treabhtha ag Pádraig nach raibh ag mórán - bhí leabhrán foilsithe aige — Hidden Ulster — ag móramh na bPreispitéireach a shlánaigh an Ghaeilge sa 19ú agus cuairt tugtha ar cheannairí an UVF sa Cheis Fhada aige lena spéis ina bhfíor-fhéiniúlacht Ultach a mhúscailt. Bí ag caint ar cheannaireacht!
Sna hochtóidí, sheas sé go daingean le lucht agóide sna príosúin ó Thuaidh agus sheas geala ar ghualainn le teaghlaigh a bhí sa tóir ar chearta. Lena bhean Clíodna Cussen (1932-2022), ealaíontóir is údar, chuidigh sé go fonnmhar leis na chéad imeachtaí Gaeilge i Halla na Cathrach i mBéal Feirste - céilí, bronnadh seamróg is taispeántas saothair ealaíon. Fán am seo fosta bhí a theach foilsitheoireachta Coiscéim bunaithe aige agus deis tugtha aige d'údáir as an chathair seo – Eoghan Ó Néill, Deirdre Nic Ghrianna, Anraí Mac an Ultaigh, Pádraig Ó Maolcraoibhe, Jake Mac Siacais ina measc — leabhair a fhoilsiú. Gan Pádraig, ní bheadh an leagan seo de stair na cathrach cois cuain ar fáil ar chor ar bith.
Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na fírinne. pic.twitter.com/UW7JexLCO9
— Nuacht TG4 (@NuachtTG4) January 3, 2025
Agus nuair a thiontaigh an roth arís sna nóchaidí is bhí uachtarán eile ceanndána de dhíth ar an Chonradh agus ar an náisiún, chaith sé a thacaíocht taobh thiar d'iarracht Ghearóid Uí Chairealláin a bheith ina uachtarán ar an Chonradh. Murb é, déanta na fírinne, ní bheadh an lá le Gearóid ag ard fheis 1995 (an chéad uair sa stair inar eitil toscaireacht vótóirí as Béal Feirste chuig na botháin vótála via Baile Átha Cliath!).
Ba bheag an tsuim a bhí i bPádraig sa mheasúlacht nó sa mhaorlathas. Ní fhacha sé ariamh balla stát-seribhiseach idir é féin is a chuspóirí nach leagfadh sé le tréan diabhlaíochta. Bhí meon na saoirse de dhlúth agus d'inneach ann. Seans gur sin an fáth a raibh sé compordach i gcónaí i gcuideachta na bhFeirstseach antoisceach.
Ba mhinic é féin is Clíodna sa Chultúrlann ag seoladh leabhar de chuid Coiscéim — leabhair go minic a roghnaíodh ag Club Leabhar Coiscéim Feirste, gréasán de gráthóirí leabhar a thug síntiús bliantúil ar son leabhair gach ráithe. Club a mhaireann ar fad, ar ndóighe, faoi choimirce An Ceathrú Póilí.
Arsa Áine Nic Gearailt atá i bhfeighil an tsiopa leabhair: " Is iomaí cloch a d’fhéadfadh cur le carn Phádraig Uí Shnodaigh. Ba Ghael é, sa chiall is leithne den fhocal, ba staraí é, file, tírghráthóir, saoi.
"Munar leor sin, bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta Coiscéim in 1980, gníomh a thug spreagadh agus ardán don iliomad scríbhneoirí Gaeilge, idir scríbhneoirí aitheanta agus scríbhneoirí nua.
"Cuireadh fáilte agus fiche roimh na scríbhneoirí; tugadh comhairle agus misneach dóibh. Tháinig na leabhair ina dtuilte – manna ó neamh. Agus dúinne sa tuaisceart, ba lóchrann sa dorchadas é nó d’aithin sé ón tús go raibh an Ghaeilge beo inár measc – sa Ghalltacht, mar dhea – agus go raibh guth dár gcuid féin againn agus chuir roimhe an guth sin a mhealladh, a chothú, a mhisniú agus a fhoilsiú.
"Ba as an choimitmint sin do scríbhneoirí Ultacha a d’eascair Club Leabhar Choiscéim Feirste fosta agus b’ola ar ár gcroí na seoltaí spraíúla uilig sa Cheathrú Póilí i rith na mblianta fada is Pádraig ag a gcroílár i gcónaí linn. Agus nach muid atá buíoch dó as sin uilig! Slán beo leat, a Phádraig dhil."
Brón ar an bhás: Pádraig O Snodaigh ar lár. https://t.co/K6RLakaTVk via @YouTube
— Andersonstown News (@ATownNews) January 4, 2025
Scríobhnéoir bísiúil a bhí i bPádraig, idir a shaothair féin is saothair aistrithe. Seoid atá san aistriúchán a rinne sé ar dhán fada Guiseepe Conte in ónóir Bobby Sands a thosaíonn, 'An cuimhin le héinne Bobby Sands?' Cuimhníonn agus a bhuíochas sin le Pádraig cóir agus a mhacasamhail.
Thóg sé féin is Clíodhna clann mhór mac ioldánach a raibh siad chomh bródúil astú as bhí muintir na tíre uile: Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus.
Guíonn foireann agus bunaitheoirí Ghrúpa Meán Bhéal Feirste comhbhrón ó chroí lena mhuintir uile. Ar dheis láimh Dé go raibh sé.
Ráiteas ó Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Pádraig Ó Snodaigh https://t.co/gQWawyKqOS
— President of Ireland (@PresidentIRL) January 3, 2025