Fuair mé teachtaireacht ar na mallaibh go bhfuil easnamh mór amháin i saol fear áitiúil a chónaíonn leis féin agus nach bhfuil in ann dul amach mórán. Tá comharsa ag ár gcara atá thar a bheith maith dó. Cinntíonn sí go bhfuil a bhunriachtanais fhisiciúla agus spioradálta uilig comhlíonta. Réitíonn sí dinnéar dó agus déanann sí a chuid níocháin. Tugann sí iPad isteach chuige sa dóigh go dtig leis amharc ar an aifreann Gaeilge gach Domhnach. Ach siocair nach bhfuil aici ach cúpla focal Gaeilge, níl sí in ann comhrá a dhéanamh leis. An rud is mó a shantaíonn an comrádaí s’againne mar sin ná duine a dhéanfaidh comhrá leis i nGaeilge.
 
Seo fear a bhfuil dúil mhór aige i gcúrsaí staire agus ar breá leis cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi chúrsaí reatha lena chairde, ach tá chóir a bheith bliain ann ó bhí sé in ann bualadh leo agus an Ghaeilge a chluinstin i suíomh sóisialta. Tá socrú déanta anois go nglaofaidh daoine air go rialta le go sásófar mian a chroí is a anama an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin. Is réiteach simplí é a dhéanfaidh difear an domhain dó.
 
Tá staidéir déanta ag an Institiúid Náisiúnta um Dhul in Aois sna Stáit Aontaithe a léiríonn go bhfuil an t-uaigneas dochrach dúinn agus go gcothaíonn sé fadhbanna sláinte amhail brú fola ard, galar croí, murtall, córas imdhíonachta lagaithe, imní, an galar dubhach agus galar Alzheimer. Dar le Vivek H. Murthy, iar-Ardmháinlia na Stát Aontaithe, tá an t-uaigneas níos díobhálaí ná murtall agus níos contúirtí ná na héifeachtaí a thagann as 15 thoitín a chaitheamh in aghaidh an lae ó thaobh fad saoil de.
 
Níl sé i gcónaí furasta theacht as an uaigneas, ach is mór is fiú iarracht a dhéanamh. Caithfear a bheith misniúil. Má tá tú i do shuí go cráite ag súil le glaoch nó le cnag carad ar an doras, seans go mbeidh fanacht ort. Ach thig leat féin gníomh beag simplí a dhéanamh leis an scéal a fheabhsú. Déan féin teagmháil le do chairde. Tóg an guthán agus cuir téacs beag nó scairt orthu. Gach seans go bhfuil siad féin ag streachailt agus cíocrach le cuideachta a dhéanamh agus go mbeidh lúcháir orthu cluinstin uait.
 
Béal cam
 
Thapaigh an Feisire Parlaiminte do Dhoire Thoir an deis labhairt amach as a bhéal cam an tseachtain seo nuair a tugadh fuíollach ama dó ar Evening Extra ar BBC Raidió Uladh lena mhíniú cad chuige ar shíl sé féin nach raibh a thrácht ciníoch ar Facebook faoi ‘Songs of Praise’ ciníoch. Rinne sé amhlaidh trína bheith ag spalpadh tuilleadh cainte a rinne beag is fiú díobh siúd a ndearna a chaint díobháil dóibh.
 
An tseachtain seo, dúirt Gregory Campbell i bpostáil ar Facebook go raibh an BBC ag cur BLM chun cinn – agus gur drochrud é sin. Níor thaitin sé leis gur daoine Dubha uilig a bhí mar iomaitheoirí agus moltóirí i gcomórtas ceol gaspal ar an chlár teilifíse fadbhunaithe a dhéanann ceiliúradh ar cheol reiligiúnach. Dhiúltaigh sé ar Raidió Uladh leithscéal a ghabháil as an tuairim a bhí nochta aige, a ghoill ar dhaoine go leor.
 
Dúirt Fóram Imirceach an Iarthuaiscirt go raibh an MP ‘thar a bheith mífhreagrach’ ina chuid cainte. Is cúis imní dóibh go mothaíonn sé gur féidir leis a chlaontacht a chur in iúl go muiníneach agus nach dtabharfar a dhúshlán. Is mór an náire go bhfuil Campbell ag baint buntáiste polaitíochta dó féin trí dhochar a dhéanamh do dhaoine eile ar bhonn cine. Is olc an scéal go ligeann an DUP leis.