Ní haon Dome of Delight atá i Halla na Cathracha ach Cruinneachán Crá. Tá ceist na gcomharthaí sráidainmneacha dátheangacha ina cíor thuathail agus cluichí polaitíochta ag teacht idir pobal na Gaeilge agus ár gcearta.

Tá sé mar dhualgas ar chomhairlí áitiúla an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn. Tá an oiread sin constaicí fite fuaite i bpolasaí reatha na Comhairle Cathrach ar chomharthaí sráidainmneacha, áfach, nach bhfuil an dualgas sin á chomhlíonadh acu.
Tá ceithre mhórchonstaic le sárú ag aon ghrúpa atá ag iarraidh comhartha dátheangach a chur in airde ar a sráid féin.

Constaic 1: Sula ndéanfaidh an Chomhairle Cathrach an scéal a mheas ar chor ar bith, caithfidh grúpaí achainí a eagrú i measc na n-áitritheoirí sa tsráid agus dearbhú a fháil ó thrian acu go bhfuil siad i bhfách leis an phlean. Vótóirí cláraithe amháin atá san áireamh.

Constaic 2: Caithfidh móramh vótáil ar son an chomhartha dhátheangaigh i suirbhé a reáchtálann an Chomhairle féin. Beidh na gráthóirí daonlathais inár measc ag déanamh gur 50%+1 líon na vótaí atá de dhíth le cead na Comhairle a fháil. Ach ní hé. Caithfidh dhá thrian de na vótóirí cláraithe ar an tsráid a chur in iúl go bhfuil siad ar son an phlean.

Constaic 3: Ní dhá thrian de na freagróirí ar shuirbhé na Comhairle atá i gceist, ach dhá thrian de na vótóirí cláraithe sa tsráid. 

Constaic 4: Mura dtugann duine freagra ar an suirbhé, glactar leis go bhfuil sé i gcoinne an chomhartha.

Tá athruithe ar an pholasaí mhíchothrom seo á moladh ag pobal na Gaeilge le fada an lá.

Le blianta beaga anuas, tá an t-éileamh á lua go soiléir ag Conradh na Gaeilge leis na páirtithe sna toghcháin áitiúla. Ar an drochuair, fágadh ceist na comharthaíochta as an áireamh sa reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú mór i mí Eanáir i mbliana. Siocair nach ann don Choimisinéir Gaeilge fós, ní féidir an cheist a ardú i gcomhthéacs na gcaighdeán teanga a bheidh le comhlíonadh ag comhairlí áitiúla.

Is amhlaidh atá iarrachtaí macánta ar bun ag roinnt páirtithe sa Chomhairle Cathrach leis an pholasaí a fheabhsú, agus tá an chuma ar an scéal go n-éireoidh leo. Ach níl sé ag tarlú go réidh.

Tá sé molta ag Sinn Féin fáil réidh le formhór na gconstaicí thuasluaite. Ba mhaith leo gur leor móramh simplí 50%+1 sa suirbhé a reáchtálann an Chomhairle. Ba mhaith leo go mbeidh na torthaí bunaithe ar an líon daoine a fhreagraíonn an suirbhé, ní ar an líon vótóirí ar an tsráid. Agus maidir leo siúd nach nglacann páirt sa suirbhé, molann siad na daoine sin a fhágáil as an áireamh ar fad. Tá SDLP agus PBP ag tacú le moladh Shinn Féin.

Tá dhá pháirtí a mhaíonn go bhfuil siad forásach, Alliance agus an Comhaontas Glas, ag tarraingt na gcos. Is léir nach bhfuil a ngoile láidir go leor fós d’fheiceálacht na Gaeilge ar bhonn cothrom in ainneoin go ndeir siad go bhfuil siad i bhfách le hAcht Gaeilge. Is léir go gcreideann siad go fóill go bhfuil rud inteacht amhrasach ag baint leis an Ghaeilge inti féin agus gur chóir go fóill póilíneacht a dhéanamh ar éilimh ar chomharthaí dátheanga