2Gallery
Fiú amháin agus páistí óga ag bréagthroid lena chéile, seasann siad siar láithreach bonn nuair a chluineann siad a gcéile comhraic ag béicíl, “I can’t breathe!”

De réir scrúdú iarbháis neamhspleách a rinneadh ar George Floyd, fear dubh 46 bliain d’aois, is tachtadh ba chúis lena bhás.

Dúnmharaíodh é. Agus sheas triúr fear péas de chuid Roinn Phóilíneachta Minneapolis thart a fhad agus a bhí comhghleacaí leo ag brú na beatha amach as.

Níor chuir duine ar bith den triúr in éadan na brúidiúlachta. Níor dhúirt siad agus ní dhearna siad faic le stop a chur leis an iaroifigeach Derek Chauvin agus é ag fáisceadh muineál George Floyd idir a ghlúin gránna féin agus an talamh crua. 8 mbomaite is 46 soicind a mhair an tachtadh. Ar feadh 6 bhomaite acu siúd, bhí Floyd ag impí ar an fhear péas scaoileadh leis.

Dúirt sé arís agus arís eile nach raibh sé in ann análú agus go raibh sé i bpian. Scairt sé amach ag iarraidh a mhamaí.

Gan triail, gan abhcóide, gan ghiúiré, gan bhreitheamh, chuir ceathrar póilíní in Minneapolis George Floyd chun báis. Linseáil a bhí ann.

Briseadh an ceathrar acu as a bpost ach níor cúisóidh an príomh-mharaitheoir go ceann ceithre lá ina dhiaidh sin. Cúisíodh é i ndúnmharú den tríú grád agus i ndúnorgain den dara grád ar dtús, ach tá cúis eile curtha leo ó shin – dúnmharú den dara grád. Tá an triúr iaroifigeach eile cúisithe i gcuidiú agus neartú le dúnmharú den dara grád agus le dúnorgain den dara grád.

Idir an dá linn, tá na céadta mílte i gcathracha ar fud na Stát Aontaithe amuigh ar na sráideanna ag agóidíocht agus ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil samhnas orthu faoi bhás George Floyd agus go bhfuil tábhacht le beatha daoine dubha.

Téann an ciníochas i bhfad siar i sochaí Mheiriceá. Tá institiúidiú déanta air leis na céadta bliain. Léiríonn na staitisticí go bhfuil seans i bhfad níos mó ann go ngearrfar téarma príosúnachta ar dhuine dubh ná duine geal. In 2017, ba dhaoine dubha iad 12% de dhaonra na Stát Aontaithe ach ba dhaoine dubha iad 33% díobh siúd a bhí i bpríosún.

Tá daoine dubha buailte i bhfad níos troime ag COVID-19 ná aon ghrúpa eile. In Kansas, mar shampla, tá an ráta báis ina measc seacht n-uaire chomh mór leis an ráta báis i measc daoine bána. Is daoine dubha atá i sciar mór de na heochairoibrithe atá ar an líne thosaigh. Mar ghrúpa, tá siad thíos go mór leis an leibhéal ardaithe dífhostaíochta mar thoradh ar an phaindéim. Ní nach ionadh go bhfuil siad i ndeireadh foighde.

Le linn na n-agóidí, a thosaigh ag tús na seachtaine seo caite, tá físeáin scaipthe a léiríonn mí-iompar agus, i ndáiríre, ansmacht cuid de na póilíní fud fad na Stát Aontaithe. Scaoileadh dairteanna TASER le beirt a bhí i gcarr in Atlanta. Brúdh daoine go talamh agus iad ag imeacht ar shiúl ó na péas. Gabhadh iriseoir de chuid CNN beo ar an aer cé go raibh sé múinte, macánta agus breá toilteanach comhoibriú leis na póilíní. In Kentucky, dhírigh fear péas a arm go díreach isteach sa cheamara agus scaoileadh iriseoir le piléar plaisteach.

EACHTRA ÚAFÁSACH


Maidir le cás George Floyd, dúirt Ceannasaí na bPóilíní in Minneapolis gurb ionann tost an triúr oifigeach a bhí ar an láthair agus an eachtra uafásach ag titim amach agus iad a bheith comhpháirteach sa mharú.

Bíonn daoine anseo in Éirinn ag iarraidh a chur in iúl nach bhfuil fadhb leis an chiníochas inár dtírín glas féin, ach ní fíor sin. Tá an ciníochas sna bailte s’againn agus ar na sráideanna s’againn. Tá sé mar dhualgas orainn ár nguth a ardú ina aghaidh gach uair a thagann sé chun solais. Ná glacaimis le scéalta grinn, mar dhea, ná le húsáid ainmneacha maslacha. Ní leor gan a bheith ciníoch – caithfimid a bheith frithchiníoch inár mbriathra agus inár ngníomhartha.