Tá Raidió Fáilte ar cheann de na míorúiltí teanga sin atá ina gcomharthaí sóirt de spiorad agus de mheanman phobal Gaeilge Bhéal Feirste - go gcraolaidh sé go deo.

Situated on Divis Street, Raidió Fáilte is the first stop on the road from the city centre through the Gaeltacht Quarter. Broadcasting with an Ofcom community radio licence since 2006, Raidió Fáilte airs quality Irish language radio programmes 24 hours a day on 107.1 FM in the Greater Belfast area and to a wider, international audience through online and social media platforms. The station is supported by Foras na Gaeilge and by NI Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
 
Raidió Fáilte boasts state of the art recording and broadcasting studios and offers regular training courses in broadcasting skills. We always welcome new broadcasters, so please get in touch at traenail@raidiofailte.com
 

The station plays an eclectic blend of traditional Irish, contemporary and world music, presented by a large group of volunteers. Volunteers take part in training courses and social events as part of the radio station’s annual calendar of events.
 
An Lon Dubh Café serves high quality teas and coffees, along with a wide range of hot and cold foods. Live traditional music is a regular feature at weekends. Customers include people from the local community, as well as many international tourists.
 
Raidió Fáilte conduct tours and talks on the station’s history and its place within the local community, as well as within the wider Irish language community.  We promote the cultural history and heritage of the Loney area in which we are situated. The station has hosted groups from around the world from various professional, religious, cross-community and multi-cultural backgrounds. The tours are conducted bilingually, for those without Irish.
 
 

4Gallery

 
Tá scoth na Gaeilge agus ceol na hÉireann mar aon le ceol as gach cearn den domhan ar fáil ar Raidió Fáilte 107.1fm agus ar an idirlíon ar www.raidiofailte.com

Aithnítear Raidió Fáilte i gcéin agus i gcóngar mar gheall ar ardchaighdeán an tsoláthair nuachta agus cúrsaí reatha ar an stáisiún. Bíonn cláir chainte bhríomhara le cluinstin gach lá.

Mar stáisiún raidió lán-Ghaeilge, táimid tiomanta don phobal áitiúil. Tagann an mhórchuid dár gcláracha craolta ó ionchur ár gcraoltóirí deonacha agus bímid sa tóir ar chraoltóirí nua i gconaí. Cuirimid cúrsaí oiliúna ar fáil i scileanna taifeadta, léiriúcháin agus eagarthóireachta don raidió le haghaidh craoltóirí nua idir óg agus aosta, agus dóibh siúd atá as cleachtadh!

4Gallery

Mar chuid den obair a dhéanaimid leis an phobal áitiúil, tugaimid turais timpeall an stáisiúin, nua-tógtha ar Shráid Dhubhaise do ghrúpaí pobail, bunscoile agus meánscoile. Cuirimid seirbhísí taifeadta agus léiriúcháin ar fáil do chomhlachtaí agus do bhaill an phobail inár stiúideonna nua saindeartha.
 
Bí cinnte go dtiocfaidh tú isteach go dtí caifé An Lon Dubh áit a mbíonn scoth an cheoil, greim deas le hithe agus cupán deas tae Suki agus caife White Star. Cluinfidh tú ceol traidisiúnta beo ag an deireadh seachtaine agus tú ag ligin do scíthe in atmaisféar Gaelach, Feirsteach, áit a gcuirtear fáilte roimh fhoghlaimeoirí, cuairteoirí, turasóirí agus go háirithe roimh an phobal thart orainn. Tá biachlár fairsing againn, a fhreastalaíonn ar gach spéis bhia, idir uiliteach agus véigeánach!
 
Tá grúpa beag d’oibrithe deonacha díograiseacha againn a chuidíonn linn sa ghairdín agus sa spás glas, agus tá muid ag obair le grúpaí pobail sa cheantar chun tearmann don dúlra a chruthú i lár an bhaile.
 
Ar mhaith leatsa a bheith páirteach, mar chraoltóir nó i ról ar bith eile? Cuirfear fáilte mhór romhat. Déan teagmháil linn pobal@raidiofailte.com

4Gallery