Bronnadh Gradam Raidió Fáilte 2025 ar Mháirín Hurndall an Satharn seo caite, 15 Feabhra , ag ócáid speisialta in Áras Raidió Fáilte in Iarthar Bhéal Feirste.
Bhí na móra agus na maithe, chomh maith le cairde agus comhghleacaithe i láthair ann chun aithint a thabhairt don Ghaeilgeoir ceannródaíoch as a cuid iarrachtaí agus sársheirbhís do chur chun cinn na Gaeilge.
Bhí Caoimhe Ní Chathail mar Bhean Tí ar an ócaid agus thug sí féin cuireadh do Mháire Nic Fhionnachtaigh, buaiteoir ghradam 2024, bheith ag labhairt faoi Mháirín agus an saol s'aici ag cur chun cinn agus ag caomhnú na Gaeilge.
Mhínigh Máire go bhfuil an ioliomad teanga ar a toil ag Máirín, Hindi agus Urdu ina measc, teangacha a d'fhoghlaim sí agus í ina chónaí i Londain.
Bhí Máirín Ní Ghadhra mar aoi speisialta ar an ócáid agus is í Máirín Ní Ghadhra a bhronn an gradam ar leith seo ar Mháirín Hurndall thar cheann bhord agus fhoireann Raidió Fáilte.
Ag gabháil a buíochas do gach duine a d'aithin a cuid iarrachtaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn, thug labhair Máirín ar an fháilte mhór a fuair sí in Iarthar Bhéal Feirste agus an caidreamh a chothaigh sí le pobal na Gaeilge.
Rinneadh taifead ar an imeacht agus beidh sé le cluinstin ar Raidió Fáilte 107.1FM agus ar an idirlíon ag www.raidiofailte.com.