Mhol Ardchisteoir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Éamonn Ó hArgáin, Béal Feirste go hard na spéire mar chathair óstála na Fleidhe, agus dúirt sé go raibh sé dóchasach do dtiocfadh sé ar ais go Béal Feirste sna blianta romhainn. 

Dúirt an tUasal Ó hArgáin, arb as Leic Snámha i gContae Chiarraí ó dhúchas dó agus a chaith 2021-2024 mar Uachtarán ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, gur éirigh go maith le tús na Fleidhe agus go raibh sé sásta leis na sluaite a bhí i láthair. 

"Bunaíodh an Comhaltas seachtó is a cúig bliain ó shin, sa Mhuileann gCearr, agus tá sé mar eagraíocht idirnáisiúnta anois. Sna céadlaethanta d'Fhleadh Cheoil, bheadh an t-ádh dá mbeadh fíche nó tríocha míle i láthair. Anuraidh i Loch Garman bhí ocht gcéad is a caoga míle i láthair, agus táthar ag súil leis na huimhreacha céanna i mbliana.

"Tá ceann de na craobhacha is láidre atá againn lonnaithe in Tokyo, agus Seapánaigh uilig atá mar chuid de."

Bhí Éamonn, a bhfuil aithne fhorleathan air i mBéal Feirste as na blianta a chaith sé le Foras na Gaeilge, thar a bheith lúcháireach leis an teacht amach do Gig Rig ar thailte Halla na Cathrach. 

Seo í an chéad uair don Fhleadh a bheith i mBéal Feirste, agus an dara huair ó thuaidh, bhí sí i nDoire sa bhliain 2013. Dúirt an Ciarraíoch go bhfuil sé fíorshásta go bhfuil an Fleadh anseo, agus go bhfuil obair na gcapall déanta ag go leor daoine leis an imeacht a chur ar siúl.

"Tá áthas an domhain orm go bhfuil an Fleadh i mBéal Feirste. Tá traidisiún láidir sa chathair seo ó thaobh an cheoil, na hamhránaíochta de, agus tá mé thar a bheith bródúil go bhfuil sé anseo i mbliana agus go mbeidh ar an bhliain seo chugainn."

Mhol sé fosta an comhoibriú idir ghrúpaí éagsúla, agus chuir sé béim ar an chultúr roinnte idir ghrúpaí ceoil.

"Tá muid ag caint faoi seo le tamall agus ag plé le grúpaí difriúla, le Craobh na hArda de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus le Halla na Cathrach.

"Níl aon chúis nach mbeadh an ceol ann do gach aicme, gach duine. Is cuma naoi mbliana nó nócha, is cuma cén chreideamh nó pholaitíocht, tá an ceol ann."

Maidir leis an bhorradh a tháinig ar an cheol traidisiúnta le blianta anuas, dúirt sé gur aistrigh sé óna gceantair thraidisiúnta cois teallaigh nó ag crosbhealaí go dtí croílár an phobail.

"Tá sé fashionable anois go bhfuil daoine ag seinm ceoil, go háirithe daoine óga. Agus tá caighdeán an-ard ann chomh maith. Níl ceoltóirí óga ag seinm uirlis amháin. Tá dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn acu anois."

Is mian leis an Chomhaltas tógáil ar an dea-thoil sin agus níos mó daoine óga a mhealladh chuig an cheol, agus tá siad le réamheolaire úr a sheoladh le linn na seachtaine.

"Beidh go leor grádanna úra ann. Tá clár láidir oideachais againn ó thaobh mhúineadh an cheoil. Tá míle cúig céad rang againn gach seachtain i gComhaltas. Agus tá muid bródúil gur eagraíocht uile-oileáin í an Comhaltas."

Ag caint leis faoin Fhleadh a bheith ar ais i mBéal Feirste ar an bhliain seo chugainn, dúirt sé go bhfuil an leanúnachas tábhachtach nó go dtugann sé deis d'eagraithe fios a bheith acu ar an dóigh a n-oibríonn cúrsaí.

"Bíonn stampa difriúil ag gach Fleadh. Mar shampla, i mBéal Feirste beidh siad ag déanamh rudaí nár tharla i Loch Garman.

"Ag deireadh an lae, an rud a ritheann tríd an Fhleadh i gcónaí ná an 'impromptu session.' Go mbeidh an ceol le cloisteáil amuigh ar an tsráid, sna pubanna, sna hóstáin. Muna dtarlaíonn siad sin beidh muid i dtrioblóid. Má chaillimid sin caillfidh muid an Fleadh. Ach go dtí seo, is dóigh liom nach raibh deacracht ar bith againn leis sin."