Tá Pól Deeds ceaptha ina ról mar Choimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart le breis is seacht mí anuas, a scríobhann ár dtuairisceoir Gaeilge Aodhán Ó Baoill. 

Chaith sé fiche bliain ag obair in ionad Gaeilge An Droichead i nDeisceart Bhéal Feirste, agus dhá bhliain mar Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhorás na Gaeilge.

Shílfeá go mbeadh brú ar leith ag baint lena phost úr mar an chéad Choimisinéir Gaeilge riamh ó thuaidh, ach mar a fhanann pobal na Gaeilge agus páirtithe an Rialtais ar fhoilsiú na gcaighdeán dea-chleachtais níos moille sa bhliain, deir sé go bhfuil níos mó saoirse aige ina ról.

"Tá mise i mo 'corporation sole,' an rud a thugann siad orm. Ciallaíonn sin go ndéanaimse na cinntí ar fad. Níl bord ar bith agam, níl bainisteoir líne ar bith agam. Tugann sé sin i bhfad níos mó saoirse duit.

"Bheireann sé freagracht ollmhór duit fosta. Dualgas mór atá ann. Ach tá mé sásta leis an dualgas sin. Níor sheachain mé dualgas riamh i mo shaol oibre."

Lean sé leis: "Is breá liom an tsaoirse a bheith agam le cinntí a dhéanamh mé féin. Déantar iad uilig agus mé ag cloí leis an chleachtas is fearr agus le polasaithe na státseirbhíse. Ach tá sé deas a bheith ábalta bogadh go gasta ar an dóigh sin."

Tá ceist na Gaeilge i mbéal an phobail le blianta anuas, ach tá an Coimisinéir den bharúil go bhfuil easpa ceannasaíochta i measc aontachtais ag cur le dioscúrsa nimhiúil i leith na teanga.

"Ocht mbliana is fiche i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, is cosúil go bhfuil muid ag dul siar ó thaobh dhearcthaí i leith na Gaeilge de, i dTuaisceart Éireann. Is cúis mhór imní agus bróin í sin," ar seisean. 

"Cé chomh fada a bheidh muid ag fanacht go dtí go bhfuil achan duine compordach le cur chun cinn na Gaeilge? Ní thig linn a bheith ag fanacht níos mó."

Leagann sé locht ar easpa ceannasaíochta i measc an Aontachtachais, agus tá sé den bharúil go mbaineann sé sin le athrú sa chóras polaitíochta ar bhonn domhanda. 

"Tá earnáil ann anois ar an eite dheis, earnáil bheag san Aontachtachas atá anois ag brú na polaitíochta seo atá gealtach, nach n-aithníonn anbhá nó daonnacht i gcuid mhór cúiseanna, agus tá an Ghaeilge ina measc siúd.

"Tá siad in éadan na Gaeilge, tá siad in éadan na n-imirceach, tá siad in éadan cuid mhór cearta do mhionlaigh. Agus tá muidne sáite sa dioscúrsa sin. Go háirithe ó tharla Brexit agus ó ceapadh Trump den dara huair, go raibh na daoine seo níos glóthaí ná riamh. Agus creideann siad, mar gheall ar cheapadh Trump i mo bharúil, go bhfaighidh siad vótaí leis na dearcthaí seo a bhrú."

Cé gur ceapadh stairiúil a bhí i gceapadh an dá choimisinéir — An Coimisinéir Ultaise leis —  tá siad beirt measartha srianta leis na cumhachtaí atá acu, go háirithe i gcomparáid le coimisinéirí teanga eile, rud a chuireann díoma ar Deeds. 

"Murab ionann agus Coimisinéirí Teanga eile, ní thig liom féin ná le Lee (Reynolds) tabhairt ar na húdaráis phoiblí rudaí a chur I bhfeidhm," ar seisean.

"Ní thig liom tús a chur le himscrúdú, caithfidh mé fanacht go dtí go ndéanann duine éigin gearán."

Tá na caighdeáin ar an dea-chleachtas le foilsiú i dtreo dheireadh na bliana, rud a bhéas suntasach d'Oifig an Choimisinéara, ach níl Deeds den bharúil go bhfuil sé ag dul a bheith éasca comhaontú a fháil ar an cheist sin.

"An bac is mó a bheidh romham ná go gcaithfidh an Céad-Aire agus an Leas Céad-Aire na Caighdeáin s'agamsa a aontú sula mbeidh siad foilsithe, agus is bac suntasach é sin.

"Ag an phointe seo tá muid ag caint ar Shinn Féin agus an DUP. Bunaithe ar an mhéid atá ráite ag ionadaithe áirithe sa DUP go dtí seo, sílim go mbeidh sé sin dúshlánach dóibh, nó do dhaoine fiú atá níos liobrálaí thart orthu.

"Is é an cleachtas is fearr atá ag dul a bheith sna caighdeáin seo, agus má chluineann tú daoine ón DUP, ón TUV agus baill áirithe ón UUP ar an drochuair fosta, tá an nós sin i réimsí áirithe an Aontachtais a chuireann in éadan beart forásach ar bith leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an freasúra ag dul a bheith ollmhór, creidim." 

Tá an bharúil sin aige cé go raibh cruinnithe dearfacha aige le gach aire Rialtais, Gordon Lyons, Paul Givan agus Emma Little-Pengelly san áireamh.

"Ag leibhéal daonna bíonn na daoine seo uilig i gcónaí oscailte agus ag iarraidh tacú le daoine eile sa chóras. Ach beidh le feiceáil nuair atá na caighdeáin dréachtaithe."

ULTAIS

Deir Deeds go n-aithníonn sé anois go bhfuil an Albanais Uladh mar chuid dá oidhreacht anois. Níor aithin sé sin roinnt blianta ó shin, cé gur bhain sé úsáid as focail Albainise Uladh agus é ag fás aníos i mBéal Feirste, i ngan fhios dó.

"Fiche bliain ó shin go mé féin iontach aineolach maidir leis an Albanais Uladh, agus bhínn féin ag spochadh aisti. Ach tháinig mé féin ar thuras leis an teanga agus aithním anois í mar chuid de m'oidhreacht féin.

"Faoi chuid a dó den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, tá an Albanais Uladh luaite.

"I gcuid a trí tá beartas sonrach ann, agus baineann sé sin le rudaí cosúil le comhfhreagras, le comharthaíocht, rudaí a bhaineann le cúrsaí oideachais, cúrsaí dlí."

"Creidim gur ceannasaíocht mhaith atá i gceist le rá go bhfuil muid ag éileamh ár gcearta s'againne féin ach leis an Acht seo a chur i bhfeidhm ina iomláine, tá muid ag tacú le pobal na hAlbanaise Uladh cearta s'acu a fháil chomh maith."

Lee Reynolds (ar chlé) agus Pól Deeds (ar dheis)
2Gallery

Lee Reynolds (ar chlé) agus Pól Deeds (ar dheis)

Ach tá barúil láidir aige go bhfuil deis mhór ann sa reachtaíocht úr, ní hamháin don Ghaeilge ach don sochaí féin, agus go bhfuil deis ann na hargóintí faoi chúrsaí cultúrtha a chur ar leataobh.

"Ag an phointe seo inár stair, creidim nach féidir linn mar shochaí bogadh chun cinn mura mbogann muid chun cinn le chéile.

"Sílim gur féidir leis an reachtaíocht seo deireadh a chur leis an chogadh cultúrtha seo, leis an diabhal chogadh cultúrtha seo, a mbíonn daoine áirithe ag labhairt faoi."