Tá leabhar úr, 'The Fenian Empire: A Hemispheric History of Irish Republican Nationalism,' foilsithe ag an Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna (Patrick J. Mahoney) as Hartford, Connecticut sna Stáit.

Seolfar an leabhar ag imeacht de chuid Fhéile an Phobail Dé Céadaoin ag 5pm i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.

Bunaithe ar thaighde úr-nua, pléann an saothar le Fíníneachas i Meiriceá agus an nasc atá aige leis an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta, leis an chine agus leis an choilíneachas i Meiriceá Thuaidh agus sa Chairibeach.

Pléitear ról na ndaoine dubha a bhí mar óglaigh ag na Fíníní agus na róil a bhí ag roinnt Fíníní sa chos ar bolg a rinneadh ar bhundúchasaigh i Meiriceá Thuaidh. Léirítear fosta iarrachtaí na bhFíníní chun óglaigh a chur ar an talamh i Meicsiceo agus i gCúba, agus ionradh na bhFíníní ar Cheanada. 

D'fhoghlaim an Mathúnach an Ghaeilge ina bhaile dhúchais agus iar-fhear blaincéid as Iarthar Bhéal Feirste mar mhúinteoir aige. Tá an Dr Ó Mathúna ag cur faoi i mBéal Feirste le 12 bhliain agus ag obair mar thimire le Fís an Phobail atá freagrach as an phróiseas pleanála teanga in Iarthar Bhéal Feirste,

"Tháinig an leabhar le chéile mar thráchtas dochtúireachta ar dtús," ar seisean. "Nuair a thosaigh mé sa ról sin is dócha go raibh mé ag smaointiú go raibh mé ag iarraidh rud inteacht a scríobh faoi na Fíníní. 

"Agus mé ag scríobh rud stairiúil, fanaim go dtí go bhfuil na foinsí agam, agus ansin thig liom coincheap a chur le chéile agus amharc ar an dóigh is fearr le scéal a chur le chéile.

"Sa chás seo, tá rudaí éagsúla ann. Tá caibidil a bhaineann leis na Fíníní agus na baill éagsúla a bhí mar chuid den ghluaiseacht, agus na daoine dubha sna Stáit Aontaithe, le linn an Chogaidh Chathartha agus ina dhiaidh."

Tháinig Ó Mathúna ar go leor foinsí úra le linn dó a bheith ag scríobh an leabhair, nár tháinig chun solais riamh, roinnt acu a bhain le hionsaí na bhFíníní ar Cheanada sna 1860ídí agus 1870ídí.

"Tháinig mé ar fhoinse go raibh céad iarshaighdiúir dubha a bhí san airm ag iarraidh páirt a ghlacadh sna hionsaithe ar Cheanada, agus bhí dúil acu i saoirse na hÉireann. So bhí mé ag smaoineamh, cé hiad na daoine seo? Agus cad é an comhthéacs níos leithne ansin?

"Rud a thagann chun solais go mór sa leabhar sílim, ná gur saghas 'broad church' a bhí i ngluaiseacht na bhFíníní sna Stáit Aontaithe."

Ar seisean, "Mar shampla, bhí daoine ag teacht as Éirinn, a bhí sa ghluaiseacht ansin agus bhunaigh siad grúpa darb ainm The IRB Veterans Association, nó The Refugees Club, agus bhí siadsan i bhfad níos radacaí ná cuid mhór de na daoine sna Stáit Aontaithe."

Dúirt sé go raibh easaontas taobh istigh an grúpa féin ag an am, agus luaigh sé cás John Mitchel, ainm a bhí i mbéal an phobail le blianta anuas. Tugann sé a ainm do roinnt clubanna CLG sa tír ach dúradh le gairid gur chóir na clubanna sin a hainmneacha a athrú mar gur thacaigh Mitchel go fonnmhar le sclábhaíocht i Meiriceá. 

Ar seisean, "Tháinig mé ar thuairimí sa leabhar seo ó bhaill de ghluaiseacht na bhFíníní a dúirt nach ndearna John Mitchel faic do shaoirse na hÉireann ó tháinig sé go Meiriceá. Níorbh ann ach tacadóir sclábhaíochta. Agus bhí daoine eile ag rá go raibh sé ar an tírghráthóir ab fhearr a tháinig amach as an tír seo riamh. Agus bhí na daoine seo a d'easaontaigh mar chuid den eagraíocht chéanna."

Ní gan dua a tháinig an t-údár ar na foinsí cuí.

"Eagraíocht pharamíleata a bhí sna Fíníní, agus bhí roinnt de na rudaí a rinne siad thar a bheith rúnda. Mar shampla, fuair mé amach go ndeachaigh saighdiúirí Éireannacha go Meicsiceo. Bhí mise ag amharc ar fhoinsí I Spáinnis (cuid de sa chartlann náisiúnta i Havana), i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis

"Rinne mé cróineolaíocht amach ag tús an leabhair, rud a chuideoidh le daoine tuiscint a níos fearr a bheith acu ar eachtraí."

Tá dlúthbhaint ag an údar le Béal Feirste agus tá sé sásta an leabhar a sheoladh sa chathair atá mar bhaile aige anois.

"Scríobh mé an nóta buíochais faoi Ghlór na Móna ach ní raibh mé ag obair i nGlór na Móna ag an am sin. Bhí mé mar scoláire iar-dhochtúireachta in Ollscoil na Gaillimhe ach chaith mé cuid mhór den am ag obair sa teach ar Bhóthar na bhFál.

"Rinne mé cuid mhór eagarthóireachta ar an leabhar in Áras Uí Chonghaile, nó bhuail mé isteach chuig Caifé Anam agus d'oibrínn ansin. Tá sé oiriúnach go bhfuil an leabhar á sheoladh i mBéal Feirste."