Beidh réamhchóisir agus lá spraoi do theaghlaigh á reáchtáil ag an ionad pobail, Glór na Móna, idir 2-4pm ar an 6 Lúnasa, roimh an cheolchoirm charthanais de chuid Kneecap ag Féile an Phobail.
Dúirt Oifigeach Fór-rochtana Pobail Ghlór na Móna, Eoghan Ó Conghaile go mbeidh réimse imeachtaí ar fáil do theaghlaigh.
"Beidh BBQ ar siúl againn, beidh ceol againn agus is féidir le daoine a gcuid léinte a bhailiú chomh maith."
Dar le hEoghan beidh an ócáid oiriúnach do theaghlaigh.
"Tá atmaisféar iontach dearfach thart ar an cheolchoirm í féin, mar gur ócáid thiomsú airgid í do Chroí na Carraige agus do Ghlór na Móna'" ar seisean.
Dhear Eoghan agus Feirsteach óg eile, Laochra Mac Iomaire, léinte úra le díol mar chuid d'iarracht thiomsú airgid do Chroí na Carraige, ionad úr a bhéas a thógáil ag Ghlór na Móna
"Bhí muid ag iarraidh stíl s'againne féin a chur ar an ócáid chomh maith. Tá patrún sa chúlra ar an léine, sin lógó Ghlór na Móna, an tsnaidhm Cheilteach sin.
"Ag bun na léine tá cúlra an tSléibhe Dhuibh ann. Nuair a bhí Liam Óg, nó Mo Chara, ag dul fríd an chás cúirte, dhreap muid an sliabh agus chuir muid 'Kneecap Abú' ar an Sliabh Dubh, mar atá le feiceáil anseo."
Tá Eoghan ag dúil go mór leis an oíche féin.
"An rud atá ann domsa, bhí daoine ag obair sa chúlra leis an cheolchoirm seo a chur le chéile le tamall, agus is iontach an rud é. Tá buachaillí Kneecap i gcónaí ag tabhairt ar ais dá bpobal.
"Bhí Liam Óg mar oibrí óige agamsa. Sílim go mbíonn sé i gcónaí dearfach rudaí beaga agus naisc bheaga mar sin a fheiceáil, agus tá muid fíorbhuíoch go mbeidh an t-airgead seo ag dul inár dtreo."


