Cuid de chaint Dhiarmuid Uí Bhruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, ag oscailt taispeántas GaelStair in Iarsmalann Uladh

Tugann imeacht mar seo an deis dúinn trí rud a dhéanamh.  Ar dtús is mór an cuidiú dúinn, anois agus arís, seasamh siar agus radharc i bhfad uainn a fháil agus is é sin an chéad rud atá ar bun againn inniu.   

Sa dara dul síos, is deis é fosta dúinn, machnamh a dhéanamh ar ról s’againn féin sa scéal seo, ar áit s’againn féin sa phobal seo in iarthar na cathrach - agus tá muid uilig páirteach sa scéal.

Sa tríú áit, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt chun tosaigh ar an todhchaí agus an dóigh gur féidir linn na buanna a bhain ár bpobal, ár muintir féin amach a dhaingniú agus a threisiú sna blianta romhainn.

Níor rugadh ar Bhóthar Seoighe mé féin ach bhog mo theaghlach ann agus mé trí bliana d’aois i 1974. Bhí baint ag m’athair agus ag mo mháthair le Cumann Chluain Ard ar ndóigh -áit ar bhuail siad lena chéile ag Céilí Mór na Féile Pádraig 1966 agus bhí deartháir m’athair, Liam Ó Bruadair a cailleadh 4 mhí déag ó shin, ar dhuine den cúigear a bhog isteach sna tithe an chéad uair riamh.  Tá mé féin, Alvina agus triúr páistí s’againn inár gcónaí sa scéim go fóill.

Bhí a fhios againn uilig go raibh rud éigin speisialta faoi Phobal Bhóthar Seoighe agus muid ag fás aníos.  Maith nó olc, mhair muid uilig ar scáth a chéile, mar a deir an seanfhocal, agus thuig muid go raibh an Ghaeilge agus an scoil mar chuid lárnach dár bpobal agus dár saol.  D’fhreastail muid ar an scoil chéanna, bhí muid ag súgradh agus ag troid lena chéile amuigh sa pháirc nó thuas ar na cnoic, d’fhreastail muid ar Naomh Mhuire Dé Domhnaigh agus bhí muid istigh agus amuigh as tithe a chéile i rith an ama.  Is é an stair comhchoiteann sin a chruthaíonn pobal.

Tá neart le hinsint agus le léamh faoi stair comhchoiteann ár bpobal agus is iontach go bhfuil Gaelstair ag obair leis an scéal sin a chuir ar na súile don phobal níos leithne – ach ní stair ar mhaithe leis an stair atá i gceist anseo.  Spreag scéal Bhóthar Seoighe Gaeil ar fud an tuaiscirt agus cuidíonn sé le feachtais an lae inniu go bhfuil  scéal an phobail seo ar fáil go fairsing -agus go leanfaidh a scéal ar aghaidh ag spreagadh daoine eile.

OSCAILT: Taispeántas Phobal Bhóthar Seoighe in Iarsmalann Uladh
3Gallery

OSCAILT: Taispeántas Phobal Bhóthar Seoighe in Iarsmalann Uladh

Chuir ár dtuismitheoirí an síol go cinnte ach cad é fá dtaobh dúinne?  Tá  neart againn i ndiaidh dul i ngleic leis an dúshlán, uisce a chuir ar na síolta a chuir ár dtuismitheoirí agus giota s’againn féin a dhéanamh lena chinntiú go mbíonn bláthú ar na síolta sin lá níos faide anonn.  

An bhliain céanna ar bhuail (mo thúistí) Diní Mór le Máire Damhsa, 1966, bhí stailceanna ocrais eagraithe ag Misneach in éadán neamhaird an rialtas ó dheas i leith na Gaeilge.  Bhí seisear páirteach san agóid i mBéal Feirste agus bhronn Gaeil Chonamara geansaí orthu seisear – tá beirt acu siúd ina gcónaí ar Bhóthair Seoighe go fóill mar atá m’athair féin agus Séamas Mac Seáin.  

Inniu mothaím go bhfuil mé féin agus go leor eile againn ag caitheamh an geansaí sin go meafarach agus go fisiciúil.  Leanaimid ag déanamh ár n-iarrachtaí féin le fís ár dteaghlaigh agus ár bpobal a chur chun cinn – i mo chása mar mhúinteoir i gColáiste Feirste ar dtús agus anois mar bhall foirne agus príomhoide ar Ghaelcholáiste Dhoire.

Sin é a chairde, tá geansaithe ár dtuismitheoirí á gcaitheamh againn uilig – geansaithe an phobail seo atá bunaithe ar na dlúthcheangail atá againn leis an Ghaeilge agus le cultúr na hÉireann.

GRÁ: Íomha ón taispeántas
3Gallery

GRÁ: Íomha ón taispeántas

Ach, cad é faoin todhchaí?  An bhfuil an chéad glún eile réidh le páirt s’acu féin a imirt sa phobal seo?  Creidim go bhfuil – tá súil agam go bhfuil!  Dúirt m’iníon is sine liom tamall ó shin “Daidí, bhí Daideo páirteach i mBóthar Seoighe sa Chluain Ard agus sa Bhunscoil, bhí tusa ann ag tús Gaelcholáiste Dhoire- cad é tá mise ag dul a dhéanamh??” No pressure a Lára - brú ar bith!

Tá dóchas agam sa ghlún níos óige, smaoineoidh siad ar bhealaí éagsúla agus nualaíocha leis an síol a chur ár muintir féin a chothú agus tá mé ag súil go mór leis an chéad chaibidil eile sa stair seo bheith scríofa sna blianta romhainn.

Táimid (Pobal Bhóthar Seoighe) ceangailte fríd an aistear fad saol ar a bhfuil muid, aistear atá i ndiaidh a rian a fhágáil ar an chathair agus ar an tír, aistear atá fréamhaithe sa ghrá teaghlaigh, sa diongbháilteacht agus sa dánacht, san fhlaithiúlacht agus sa bród agus is iontach go bhfuil scéal an aistear paiseanta seo, scéal ár bpobal, le feiceáil anseo in Iarsmalann Uladh ag domhain na Gaeilge agus acu siúd nach bhfuil Gaeilge acu – go fóill!