Leagan Gaeilge: Pádraig Ó Maolchraoibhe

Má tá áit ar bith ar domhan ina bhfuil sé d’oibleagáid ort a bheith sona, is é ionad campála an áit sin. B’shin a chuir mé i gcuimhne dom féin i ndiaidh dúinn an chéad oíche a chaitheamh sa charbhán seo ar an dara lá déag de mhí na Samhna. Ní haon neamh ar thalamh do lucht an dúlagair na carbháin, na pubaill, na mótarcharbháin, na tithe soghluaiste. Ní hea ná baol air. Ach is bolgáin iad a thugann seans duit sult a bhaint as laethanta amuigh faoin spéir. Is áiteanna cónaithe iad a chuireann instealladh de dhea-ghiúmar ionat. Den chuid is mó, is é an dara tigín le haghaidh laethanta saoire é carbhán ag an té ar leis é. 

Sin an rud a bhí de dhíth orm, ‘sonasaíteas ainsealach’, brat éadrom de ar mo chraiceann amuigh agus ar mo spiorad istigh agus mé i mo luí múscailte sa leaba ag brionglóideach. Gach aon uair ar bhuail an ghaoth an carbhán, chonacthas dom go raibh sí ag cur fáilte romham le rabhadh: thig liom an t-iomlán a chur ag eitilt fríd an aer más mian liom. Fán am a raibh an píosa beag den spéir a bhí le feiceáil fríd an fhuinneog sa díon athraithe ó dhubh go gorm le himir cineál dearg, bhí mise gan chodladh go fóill.

Tháinig muid anseo san iarnóin. I ndiaidh dom Kai a bhailiú ón scoil, fuair muid bus agus thuirling ag an stad atá cóngarach don teach solais. Ach ansin bhí mise i mo staic le heagla ag stánadh ar an phlaiceard a bhí ar an taobh eile den bhóthar ar an tslí isteach san ionad campála. I ngan fhios dom féin rug mé greim chomh teann sin ar lámh Kai gur bhain an phian freanga as. Nár mhaith dá dtógfadh rois ghaoithe i bhfad ar shiúl ón áit seo mé!

Scoith Kai é féin ó mo ghreim láimhe agus rith sé leis go dtí an oifig fáilte. Ach fágadh mise mar a bheinn greamaithe den talamh agus cathú tobann orm tiontú ar mo shail agus dul ar ais chun na cathrach. Tháinig an smaoineamh chugam i dtobainne ós rud é gur mé féin a rinne an cinneadh agus an suimiú agus a d’eagraigh an t-aistriú tí, go dtiocfadh liom dul siar air. Ar ndóigh, ag fanacht liom taobh istigh den charbhán bhí ár málaí agus m’ábhar uilig le haghaidh líníochta agus sceitseála a thug muid aníos inné i ngluaisteán Elena. Os mo chomhair amach bhí Kai agus é ag scairteadh i seanard a chinn, “Goitse, goitse!” Shílfeá ag éisteacht leis go raibh mise i m’iníon sé bliana d’aois aige agus a shúile ag rá liom, “Tá tú báite i bhfiacha. Tá Elena i ndiaidh an carbhán a fhágáil agat go dtí mí an Mheithimh. Níl dóigh ar bith go dtig linn dul ar ais; níl dóigh ar bith go dtig linn dul ar ais!”

Bhí feothan gaoithe isteach i bpoill na gcluas agam, mo chuid gruaige in aimhréidh ag clúdach m’aghaidhe. Thug mé céim chun tosaigh!

Níl a fhios ag duine ar bith go bhfuilimid anseo, taobh amuigh d’athair Kai, agus sin cionn is go bhfuil píosa beag de chúram oifigiúil an pháiste air. Agus Elena ar ndóigh, úinéir an charbháin. Táimid san aon ghrúpa amháin cairde le blianta fada. Nuair a d’iarr mé an carbhán uirthi, shíl sí go raibh mé ar mire. “Ionad campála an tí sholais sa gheimhreadh – ionad páirceála do dhaoine colscartha! Nach dtig leat ceann de na hárasáin sin ar ráta fóirdheonaithe a fháil?” A dhiabhail! Chóir a bheith gur dhúirt sí, “Olatz, is díol trua amach is amach thú!” Shílfeá nach raibh a fhios aici gur carbhán s’aici an t-aon rogha amháin a bhí fágtha agam.

IMEALL NA HAILLE

Carbhán in ionad campála amuigh ar cheann tíre, suite beagnach ar imeall na haille. Carbhán nach mbaineann Elena úsáid as ach dhá mhí sa tsamhradh. ”Cuirfidh mé ceist ar Gorka mar is leis an bheirt againn é.” Mhothaigh mé go raibh mé istigh in oifig státseirbhísigh ag líonadh isteach foirme. Chuir mé mo chás os a comhair. “Bhí orm iasacht airgid a fháil chun an cíos a íoc agus tá bliain iomlán d’fhiacha orm. Tá obair faighte agam ag péinteáil tithe agus faoi mhí an Mheithimh nuair a chaithfidh mé an carbhán a thabhairt ar ais duit beidh mé ábalta dul isteach i dteach ar cíos. Sin an rud a chreidim.” Níl a fhios agam an raibh uirthi dul ag argóint le Gorka fá dtaobh de nó ar ghlac siad trua dom d’aon ghuth. 

Ní fada go mbeidh an scéal ag an ghrúpa cairde uilig agus acu siúd atá sa taobhghrúpa chomh maith. Roimh i bhfad beidh an nuacht faoi m’ionad tearmainn acu go léir. Ní mhothaím náire níos mó sa chiall sin. Ar an taobh eile de, tá mé ag streachailt leis an fhearg atá i mo chroí istigh agus le mothúcháin eile, ina measc go raibh fuath agam i gcónaí do na hionaid champála. Agus mé ag taisteal b’fhearr liom tithe lóistín, óstáin agus árasáin, cé go raibh siad míshlachtmhar go minic. Is leisc liom fiú an focal ‘taisteal’ a úsáid má tá mé i mbothán seacht méadar ar rothaí. 

Níl a fhios agam faoin spéir cén uair dheireanach a d’aistrigh mé áit ar bith ar stíl an iarthair mar cheana féin, roimh an phaindéim, cibé bogadh ó áit go háit a rinneadh sna laethanta saoire, ní cinneadh s’agamsa a bhí ann. Tá réamhchlaontaí agam fosta atá bunaithe ar chúrsaí praiticiúlachta. Feicimis nuair a bheidh mé ag bualadh craicinn sa seacht méadar seo cad é mar a éireoidh liom gan Kai a mhúscailt. Ar an taobh eile den scéal, beidh i bhfad níos lú obair tí le déanamh agam anseo agus is mór an gar é sin.

Ach leis an fhírinne a dhéanamh, an fuath atá agam do na hionaid champála, tagann sé go háirithe ó chúrsaí aestéitice. Ní thig liom smaoineamh ar ionad campála ná carbhán i saothar ealaíne ar bith arbh fhiú trácht air. Fríd an stair níor rith sé riamh le healaíontóirí pictiúirí d’ionaid champála a phéinteáil. Níor rith sé fiú amháin le máistrí na popealaíne a mhaisíonn linnte snámha! Agus níl aon nós ann sna scannáin ná san amharclannaíocht ionaid champála a bheith mar shuíomh.

Bhí sé de dhánacht in Julio Wedem ‘La Ardilla Roja’ (An tIora Rua) a shuiteáil in ionad campála agus b’fhéidir gur sin go díreach an fáth go bhfuil an scannán sin ar cheann de na cinn is lagmheasartha aige. Maidir liom féin, níor phéinteáil mise pictiúr riamh ina raibh carbhán ach oiread, taobh amuigh de léaráid d’ionad campála a rinne mé i bhfad ó shin do scéal do dhaoine óga. 

GO DOMHAIN SNA MACHNAIMH

Is go domhain sna machnaimh seo a chaith mé oíche eile nuair a theip orm an codladh a mhealladh. D’éirigh mé agus shuigh mé ag an tábla le carbhán a tharraingt faoi sholas beag lag sa chruth is nach músclóinn Kai. Le badhró dearg tharraing mé roth amháin ar dtús. Ag leanúint ar aghaidh, taobh istigh den roth rinne mé roth eile, agus taobh istigh den roth sin ceann eile, agus ina dhiaidh sin ceann eile ar nós bíse nach raibh deireadh ar bith léi. Dara roth an charbháin, bhí an iliomad rothaí aige taobh istigh chomh maith. “Tá siad cosúil le do chuid súl,” arsa Kai nuair a bhí muid ag ithe bricfeasta. 

Ina dhiaidh sin, chuaigh muid síos go dtí an baile mór i ngluaisteán Susana, a bhfuil cónaí uirthi sa charbhán atá taobh linn. Bíonn uirthise fosta a cuid páistí a thabhairt a fhad leis an scoil sula dtosaíonn sí ag obair. Cuidímid lena cheile. I m’obair féin agus mé ag cur péinte gile ar bhallaí seomra codlata de chuid shealbhóir tí éigin, amanna leis an róllóir, amanna eile le scuab, bhíodh boladh géar na péinte ag dul suas poill mo shróine nuair a tharraingínn m’anáil agus, aisteach go leor, bhí sé sin do mo choinneáil múscáilte. Nuair a bhíodh sos lóin ann thiteadh néal codlata orm sa bhialann inar ghnách liom biachlár an lae a ithe. An lá sin fosta agus mé i mo shuí ag tábla sa choirnéal, i ndiaidh dom an méid ar éirigh liom d’uachtar caramail a alpadh siar, thosaigh na súile ag druidim orm. Bhí mo cheann cromtha, an balla mar thacaíocht agam, nuair a dhúisigh an freastalaí mé le buille beag éadrom ar mo ghualainn.

San oíche, tharraing mé an dá roth eile a dtiocfadh leo a bheith ina súile, ina lúbraí, ina gclocha muilinn, ina héilicseanna, ina mbíseanna, ina líonta damhán alla. Is mé curtha faoi hiopnóis, thit mé i mo chodladh.

Inniu an dara lá déag de mhí na Nollag agus tá carnán mór líníochtaí cruachta agam ar an tábla. Go leor le haghaidh taispeántais. Thug Kai cuireadh do chara leis teacht le bheith ag súgradh leis agus tá siad ag déanamh réidh maisiúcháin Nollag le cairtchlár. Tá an oifig fáilte maisithe le cúr, tá liathróidí ornáideacha lonracha ar crochadh sa chrann coill ar an bhealach isteach, agus tá soilse beaga daite ar na línte éadaigh. Tá an Nollaig, tréimhse a bhfuil fuath agam di, ag teacht chomh fada leis an áit seo fosta. Beimid báite sa tséan agus sa tsonas, seans. Tá eagla orm go dtiocfaidh mí an Mheithimh go róghasta.

Dá dtiocfadh liom ar a laghad tonnta na farraige atá cóngarach a chluinstin in áit na cabaireachta seo atá agam i mo cheann! Ba mhian liom amharc ar na réaltaí atá le feiceáil fríd an fhuinneog sa díon tar éis dom piolla codlata a shlogadh siar.

Le tacaíocht ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Culturlann Logo.jpg
2Gallery

Culturlann Logo.jpg