Bronnadh Gradam na Gaeilge de chuid an Chomhaltais ar Mharcas Ó Murchú, arb as Sráid Seibheástopol ar Bhóthar na bhFál dó, agus ar bheirt eile as Béal Feirste, Pól Deeds agus Linda Ervine, ag seoladh Sheachtain na Gaeilge de chuid na Fleidhe. 

Bronnadh an Gradam ar an triúr mar gheall ar an dea-obair atá déanta acu ar son na Gaeilge thar na mblianta, i searmanas speisialta ag an MAC, atá ag feidhmiú mar Mhol na Gaeilge le linn na Fleidhe.

Ag caint leis faoi, dúirt Marcas go raibh bród air gur bhronn an Comhaltas an gradam air.

"Bhí baint agam le Comhaltas le daichead bliain anuas, agus is mór an onóir an Gradam seo a fháil nuair a smaointím ar na daoine a tháinig romham.

"Tá mé sásta é a ghlacadh ar son na ndaoine a tháinig romham: Muintir Chumann Chluain Ard, muintir Iarthar Bhéal Feirste, muintir Thuaisceart Bhéal Feirste, agus na Gaeil uilig i mBéal Feirste."

Tá cuid mhór taighde agus taistil déanta ag an Uasal Ó Murchú thar na mblianta, ach ní dhearna sé dearmad ar a fhréamhacha riamh!

"Chuaigh mé ar fud an domhain leis an Chomhaltas ag seinm ceoil agus rinne mé cinnte i gcónaí gur labhair mé Gaeilge ar an ardán."

"Rinne mise go leor taighde agus chuir mé béim ar na hUltaigh mar bhí mé i mo chónaí anseo."

"Is deas gur smaoinigh siad ormsa. Tá siad ag ceiliúradh 75 bliain mar Chomhaltas agus seo an chéad uair den Fhleadh a bheith i mBéal Feirste ar ndóighe."

"Bhí mise mar bhall de ghrúpa Comhaltais ag Cearnóg Carlisle ag bun Bhóthar Aontroma, agus nuair a bhunaigh muid an grúpa sin ba bheag gur smaoinigh muid go mbeadh Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste lá éigin."