Bhí imeachtaí go tiubh ann in achan earnáil i rith na seachtaine le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. D’eagraigh Comhairle na Gaelscolaíochta painéal cainte fá mhná na gaelscolaíochta oíche Dé Máirt i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Bhí seisiún den chineál chéanna in Ionad Uíbh Eachach an oíche ina dhiaidh sin.

Tá réimse an oideachais saibhir, ilghnéitheach agus ríshuimiúil mar ábhar plé. Ní hamháin go n-imríonn an t-oideachas tionchar ar shaol achan uile shaoránach, ach múnlaíonn sé sinn mar dhaoine agus is é an bhunchloch é ar a dtógtar agus ar an bhfásann an tsochaí. Bhí na cainteoirí a bhí ar an ardán in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith ionadaíoch ar réimsí éagsúla den oideachas. Bhí beirt ann, Anna Mhic an Iolair agus Áine Andrews, a bhí lárnach i réabhlóid na gaelscolaíochta sna luathlaethanta.

Go deimhin, tá Áine gníomhach i gcónaí mar chomhairleoir, ball de choistí agus eile. Tá Eimear Mhic an Fhailí agus Órla Nig Fhearraigh i mbun a ngairme, Eimear ag obair faoi láthair mar Leas-Phríomhoide ar Choláiste Feirste agus Órla ag plé le cúrsaí polasaí agus straitéise i gComhairle na Gaelscolaíochta. Is dalta í Clíodhna Ní Mhianáin atá sa bhliain dheireanach i gColáiste Dhoire agus tá sí ag dúil le haghaidh a thabhairt ar an ollscoil an bhliain seo chugainn. Caoimhe Ní Chathail, an Feirsteach, a bhí mar bhean an tí agus tá baint aici le bunú agus reáchtáil Naíscoil na Seolta, an chéad naíscoil imeasctha Ghaeilge.

An buntáiste é a bheith i do bhean sa ghaeloideachas? Ní raibh Anna Mhic an Iolair róthógtha leis an idirdhealú ar bhonn gnéis. ‘Daoine atá i gceist, bíodh siad fireann nó baineann.’ Dar léi, an rud is tábhachtaí ná ‘inniúlacht agus díograis’. ‘Níl de dhíth orainn san earnáil ach an chuid is fearr,’ ar sí. D’aithin sí fosta an brú breise a bhíonn ar mhná a bhfuil clann acu a dhéanann lá crua oibre ar scoil agus jab eile arís sa bhaile tráthnóna.

Mheas Áine Andrews gur ghá plé le ról na mban sa ghaelscolaíocht ó pheirspictíocht níos leithne d’fhonn an pheirspictíocht logánta a thuigbheáil. ‘Tá mná an domhain ag síordhul i ngleic le dúshlán a n-inscne le fada an lá.’ Thagair sí do chontanam a bhfuil neamhaird ar mhná, ansmacht institiúideach, reachtúil agus rialtais, agus an foréigean gnéasach mar phointí air.

‘Caithfimid bheith eolasach ar na struchtúirí,’ ar sí. ‘Tá mná faoi ansmacht ag struchtúirí cumhachta a bhaineann le cúrsaí polaitíochta, a bhaineann le cúrsaí eacnamaíochta, a bhaineann le cúrsaí rachmais.’ Dúirt sí go bhfuil na struchtúirí sin greanta go domhain sa pholaitíocht, sa stair agus sa reiligiún agus go gcaithfear ‘aitheantas a thabhairt dó sin ar an lá speisialta seo’.

Is mná iad formhór mór na ndaoine atá ag obair i réimse an oideachais, ach dar le hÁine Andrews, ‘Ní dhéanann sé pioc de dhifear.’ Dúirt sí nach bhfuil sé maith don tsochaí ná nach bhfuil sé maith dár bpáistí ná dár bpobal go bhfuil mná á n-imeallú. ‘Tá saol na mban oiread faoi na seanstruchtúirí cumhachta agus a bhí riamh.’

Thug Órla Nig Fhearraigh le fios go raibh taithí thar a bheith dearfach aici mar mhúinteoir sa seomra ranga. Ach ó thosaigh sí ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta, aithníonn sí ‘go bhfuil bealach le dul ó thaobh cearta na mban agus an dóigh a gcaitear le mná’. Dhírigh sí aird ar an difear mór idir céatadán na mban atá san fhórsa oibre oideachais, 77%, agus an sciar atá i róil shinsearacha, 60%, agus ardaíodh an cheist cad chuige nach bhfuil an oiread sin ban ag dul i dtreo na leibhéal sinsearach. 

Níl sa mhéid thuas ach cuid den phlé a rinneadh. Tá taifead den ócáid iomlán le fáil ar leathanach Facebook Chomhairle na Gaelscolaíochta.