BHÍ muinín le mothú go tréan san aer agus an bus mór i gcarrchlós Chumann Naomh Éanna CLG ag líonadh le paisinéirí a bhí ag tabhairt aghaidhe ar an 3Arena i mBaile Átha Cliath le todhchaí na hÉireann a phlé ag imeacht eagraithe ag an ghrúpa feachtasaíochta Todhchaí na hÉireann/Ireland’s Future. Bhí a chúis féin ag achan duine le páirt a ghlacadh sa chomhrá faoi athaontú na tíre. Cur agus cúiteamh a bhí sa mhonabhar ar an bhus, mar aon le misneach agus dóchas maidir lena bhfuil i ndán dúinn.

Nuair a stop muid faoi choinne greim bia san Apple Green gar do Bhaile an Ghearlánaigh, bhí sraith bhusanna eile ann, an chuid is mó acu dírithe ar an cheann scribe céanna linne. Maith Na Piarsaigh CLG, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Glór na Móna agus grúpaí eile nach iad a d’eagraigh iompar dá mbaill agus pobail féin fosta.

Bhí daoine de cheithre ghlúin le háireamh i measc an 5,000 duine a chruinnigh le chéile ar bhruacha na Life san ardchathair le cluas éisteachta a thabhairt d’ionadaithe ó dheich bpáirtí polaitíochta, ó na ceardchumainn agus ó earnálacha an ghnó agus na feirmeoireachta. Bhí siad cíocrach le tuairimí a chluinstin ó ghníomhaithe as grúpaí éagsúla sainspéise – mná, Taistealaithe, an pobal LADTA+ agus cainteoirí Gaeilge.

Bhí slua an-bheag d’agóideoirí frithvacsaínithe le meigeafón agus póstaeirí ina seasamh taobh amuigh de na geataí, foláirimh á dtabhairt acu dúinne a bhí sa scuainí faoin ionsaí ar shaoirse na saoránach a fheictear dóibh a bheith mar bhunúdar le scéal Covid-19 agus achan rud a tháinig as. Bhí faisistigh in aice leo a raibh manaí ar a bpóstaeirí acu a d’fhéach le deighilt a chothú idir iarrthóirí tearmainn agus pobal fadbhunaithe na hÉireann. Is beag suim a cuireadh iontu agus is iomaí duine a thug a ndroim dóibh.

Sa halla, díreach agus tús á chur leis an ócáid mhór ag Cairde, grúpa damhsóirí ardoilte Gaelacha, d’aimsigh mé mo shuíochán in aice le baill den teaghlach a thaistil síos ar an traein saor in aisce lena bpasanna pinsinéara. Ón uair a thosaigh an t-imeacht, ní dearnadh moilleadóireacht ar bith agus chuir Cathaoirleach Thodhchaí na hÉireann, an Seanadóir Frances Black, fáilte ar an ardán roimh na rannpháirtithe sna seisiúin éagsúla. Bhí pléphainéil ag na páirtithe polaitíochta mar aon le físeáin agus agallaimh le daoine de chúlra cultúrtha aontachtach. Bhí teachtaireachtaí ann ó ionadaithe tofa i gCeanada, san Astráil agus sna Stáit Aontaithe ar de bhunadh na hÉireann iad. Chuir Matt Cooper an t-aisteoir Colm Meaney faoi agallamh agus is Leo Varadkar, Mary-Lou McDonald agus Jimmy Nesbiit a rinne na príomhaithisc. Is i nGaeilge a bhí an ceol iontach a chuir Mairéad Ní Mhaonaigh, Denise Chaila agus Dónal Lunny ar fáil.

2Gallery

Bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, ar an phainéal de ghrúpaí sainspéise na saoránach. Bhain ceisteanna an Chathaoirligh, Ingrid Miley, leis an ‘weaponisation’ atá déanta ar an Ghaeilge agus ar na hiarrachtaí a bheadh le déanamh ag cainteoirí Gaeilge le haontachtóirí a shuaimhniú. Faraor, níor tugadh deis do Melvin an dara ceist a fhreagairt, ach is cinnte nach faoi chainteoirí Gaeilge atá aon ghrúpa atá amhrasach fúinn a cheansú. Níl a dhath ar bith naimhdeach ná náireach fán Ghaeilge agus mhothaigh mé nach raibh ceisteanna Miley ábhartha.

Luaigh Uachtarán an Chonartha sa bheag Reachtanna Chill Chainngh. Is leo a tionscnaíodh ‘weaponisation’ na teanga sa bhliain 1366. Ansin, lean sí uirthi go stuama ag caint faoin am atá le theacht seachas ar an am atá caite. Labhair Melvin go paiseanta faoi thodhchaí gheal, dhearfach agus faoi ról na teanga san athmhuintearas. Thacaigh an lucht féachana go mór léi nuair a tharraing sí aird ar an mhéid atá ráite ag polaiteoirí ar leith le cúpla bliain anuas maidir leis an Ghaeilge a chur ar an tábla mar cheist idirbheartaíochta sa phlé a bheas ann amach anseo. Ní ghlacfar le hísliú stádais.

Anois go bhfuil an lá mór, spreagúil, dodhearmadta thart, leanfaidh an t-eagras Todhchaí na hÉireann ar aghaidh lena gcruinnithe poiblí ar fud na tíre. Beidh mórchruinniú i Halla Uladh ar 7pm ar an 23 Samhain. Bhí glórtha áirithe nach raibh le cluinstin an iarraidh seo agus ba chóir ardán a thabhairt dóibh as seo amach – daoine atá faoi mhíchumas, muintir na Gaeltachta, lucht oideachais, altraí agus dochtúirí, oibrithe sóisialta, mar shampla. B’fhiú sraith imeachtaí ar leith a eagrú dírithe aos óg fosta, nó is mó an tionchar a bheas ag toradh an phróisis le hÉirinn a athshamhlú orthusan ná aon dream eile.