Le linn Féile an Phobail i mbliana, bhí ar Raidió Failte a Léacht Bhliantúil a chuir ar athló, mar gheall ar chúinsí nach raibh aon smacht acu orthu. Anois, tá áthas orthu a rá go mbeidh an léacht ag titim amach ar an Aoine, an 19ú Meán Fómhair, ar láthair Raidió Fáilte, 30 Shráid Dhubhaise. ‘Si Bríd Ó Gallchóir a bheas mar aoi-chainteoir i mbliana.
Tá Bríd Ó Gallchóir ina Stíurthóir Ealaíne le hAisling Ghéar, an chompántas drámaíochta Gaeilge, ó bhí 2002.
San am ó shin, tá léirithe déanta aice ar leagain Gaeilge de Stones in His Pockets, Translations/Aistriúcháin, Makaronikagus Can’t Pay Won’t Pay, i measc go leor eile. Ar a bharr sin, tá drámaí úra Gaeilge scríofa, léirithe agus stiúrtha aice, agus ainmniúcháin fáighte ó a leithead de IMRO, Féile na Meáin Ceilteach agus an Irish Times Theatre Awards. Is don dráma Minimal Human Contact a fuarthas dhá ainmniúchán ón ITTA.
Bhí Bríd pósta ar Ghearóid Ó Cairealláin, có-bhunaitheoir Aisling Ghéar, agus duine de bhunaitheoirí go leor de hinfastruchtúr an phobal Gaelach i mBéal Feirste.
Is urlabhraí fíomhchar, paiseanta í Bhríd ar son na hEalaíne.
Tá an-áthas ar Raidió Fáilte gurb í Bríd atá ag tabhairt an léacht bhliantúil i mbliana. Seo imeacht a mbíonn an-reachairt air gach bliain, le cainteoirí inspóireadach, tiománta. Cuireadh tús le Léacht Bhliantúil Raidió Failte le deis a thabhairt do phobal Ghaelach Bhéal Feirste theacht le chéile le scéal, cúlra, smaointí agus tuairimí gníomhairí teanga sa chathair agus an dúiche máguaird a chloisteáil.
I mbliana, beidh Brid Ó gallchóir, Stiúrthóir Aisling Ghéar, ag cur an cheist: Ar chóir deireadh a chuir le Oíche Chultúir?
Mar a deir sí féin, “Tá sé in am ceisteanna a chuir fa éifeacht Oíche Chultúir. In aimsir seo coirithe gan stad an bhfuil muid ag iarraidh ar an creatlach léimnigh agus damhsa a dhéanamh dúinn?”
Tá saorchead isteach ar an imeacht seo, ach molfar theacht go luath, le suíochán a chinntiú.
Beidh an léacht ar siúl i spás imeachta An Lonnáin, le fáiltiú roimh ré i gCaifé An Lon Dubh.
Cuirfear tús leis an imeacht ag 13.30, le tae & caife, smailceacha bia agus gloine fíona. Tosnóidh an léacht féin ag 14.00.
Séamus Mac Aindreasa
Raidió Fáilte