Naoi nó deich d’uaireanta sa ló a thagann siad isteach sa tsráid. Veaineanna is vaigíní Amazon Prime, DHL, DPD, UPS agus Parcelforce. Tá mórán beartán is boscaí le seachadadh go háirithe sa tréimhse seo agus na siopaí agus lárionaid siopadóireachta druidte.
 
Cad é a bhíonn á cheannach againn? Achan seort, ar ndóigh. Éadaí, leabhair, uirlisí DIY, bréagáin, pictiúir, teilifíseáin, leapacha, tolga, coinnle deasa, scuabanna smididh, vitimíní agus, le cúpla seachtain anuas, maisiúcháin Chásca le crochadh den doras tosaigh agus le greamú le fuinneoga an tí. I saol na hoibre tá gnónna ag iarraidh airgead a chaitheamh roimh dheireadh na bliana airgeadais agus tá siadsan ag fáil lastais de ríomhairí, troscán oifige, stáiseanóireacht agus eile.
 
Bhog cara liom isteach i dteach nua ar na mallaibh agus nuair a bhí giuirléidí an tí uilig socraithe ina n-áit nua, chuir sé na boscaí cairtchláir inar aistrigh sé iad ar díol ar Gumtree. Sciobadh gan mórán moille iad mar de réir cosúlachta, tá praghas na mboscaí cairtchláir i ndiaidh ardú go mór le tamall anuas siocair go bhfuil an oiread sin éilimh orthu chun earraí aonair a iompar a fhad le tithe custaiméirí.

Chuir scéal na loinge Ever Given a chuaigh i sáinn i gCanáil Suez an tseachtain seo caite go leor againn ag athsmaointiú ar an áit as a dtagann táirgí s’againn. Chuaigh an soitheach ollmhór, atá chomh fada le 22 bus Glider, i bhfostú i gceann de bhruacha na canála agus ghlac sé seachtain de dhianiarrachtaí chun í a shaoradh agus a chur ar snámh arís. Tá cur agus cúiteamh ann anois idir saineolaithe, lucht tráchtála agus polaiteoirí lena oibriú amach cad é údar na faidhbe a chothaigh trioblóid nach beag ar scála domhanda agus cé air ar chóir dóibh an locht a leagan.
 
Mar a tharlaíonn i gcás cuid mhór tubaistí, ba í eachtra nádúrtha a chuir cúrsaí as a riocht sa chéad dul síos (tagann sciathán leathair an choróinvíris chun aigne). Bhí séideáin arda ghaoithe ar Chanáil Suez agus stoirmeacha gainimh ann an lá a thosaigh an t-anró. Ach chaithfeá an cheist a chur, murach an caipitleachas agus gníomhartha s’againn féin mar dhream atá tugtha don tomhaltas, an mbeadh an scéal chomh tromchúiseach agus a bhí. Bhí 18,300 coimeádán á n-iompar ar an Ever Given, sraitheanna acu 400 méadar ar fad carntha naoi gcinn ar bharr a chéile. An éifeacht a bhí leis sin ná go raibh siad cosúil le seol mór a cheap na gustaí gaoithe.
 
Nuair a bhí an t-uiscebhealach, atá chomh tábhachtach sin do thrádáil ar fud an domhain, druidte ar feadh beagnach seachtaine, bhí 369 long eile ag fanacht ag dá cheann na canála lena dturas a chur díobh agus earraí a iompar go ceann scribe chomh gasta is a thiocfadh leo chun an brabús a choinneáil chomh mór agus is féidir. Thug cuid acu na bonnaí as agus chuaigh siad an bealach fada thart ar Rinn an Dóchais, cúrsa atá iomráiteach as a chontúirtí atá sé. 

Meastar gur cuireadh moill ar luach $9.6 billiún de tháirgí in aghaidh an lae mar gheall ar an aon long sin amháin a bheith sáinnithe, gan a bheith ag trácht ar an tranglam a bheidh sna calafoirt ar a bhfuil siad ag triail fán am a bhainfidh siad amach iad. I measc na n-earraí atá ar bord tá ola, grán, páirteanna do charranna, bainne cnó cócó agus mórán stuif eile a cheannaigh muid féin ar Amazon.
 
Is ea, tarlaíonn fadhbanna mar gheall ar an nádúr, ach is minic réiteach le fáil sa nádúr fosta, cupóga ag fás in aice le neantóga, mar shampla. I gcás Ever Given, is í an ghaoth a chothaigh an fhadhb agus is sa Ghealach a bhí an réiteach. De thairbhe go raibh an Ghealach lán Dé Luain, bhí rabharta ann agus d’ardaigh leibhéal an uisce, rud a d’éascaigh na hiarrachtaí an long a thochailt amach as an láib ar bhruach na canála. Buíochas leis an nádúr, mar sin, ach tá ról againn féin i maolú na bhfadhbanna seo fosta agus is fiú athmhachnamh a dhéanamh ar cad as a bhfuil stuif s’againn ag teacht agus iarracht a dhéanamh foinsí níos cóngaraí don bhaile a aimsiú agus rudaí á gceannach againn.