Sa pháirc dom an lá faoi dheireadh tháinig fonn mór orm imeacht as na cosáin tarmac a shiúlaim de ghnáth leis an 10k céim a dhéanamh suas agus bealach na gcluainte a ghlacadh. Tá achar mór fágtha gan lomadh ag an Chomhairle áitiúil, diomaite de chosáin chúnga anseo is ansiúd a éascaíonn an tslí don té atá ag iarraidh seal a chaitheamh timpeallaithe ag glas an fhéir is na nduilleog.
 
Tá an dúlra i mbarr a mhaitheasa ó thaobh fásra agus flúirse de. Tá neart agus beocht le sonrú sna gasanna atá ina seasamh go bródúil agus tá déine datha i bpiotail na mbláthanna fiáine a bhfuil an tírdhreach breac leo, buí na bhfearbán is na bhfeileastram, bán na sceiche is na nóiníní.

Tá na plandaí chomh bisiúil sin go dtig leat próiseas an fháis a fheiceáil ag titim amach sa read-am os comhair do dhá shúl, geall leis, agus bachlóga ag oscailt giota ar ghiota lá i ndiaidh a chéile ag nochtadh a n-áilleachta. Idir seo uilig agus an solas atá linn go dtí i ndiaidh a deich san oíche, tá tógáil croí nach beag le fáil ón nádúr.
 

Bítear ag magadh faoi lucht tugtha barróg do na crainn, ach ar bhain tú triail as riamh? Le fírinne is é an crann a thugann croí isteach duitse agus, dóibh siúd inár measc atá ag cleachtadh an scartha shóisialta le breis agus bliain anuas agus ag seachaint na mbarróg, dár n-ainneoin féin, d’fhéadfá níos measa a dhéanamh ná droim a chur le stoc crainn, luí air agus taca a bhaint as ar feadh seala.

Tá staidéir eile sa bhailiúchán a léirigh gur mó an faoiseamh a fuair páistí a raibh ADHD orthu óna gcuid siomptóm nuair a rinne siad gníomhaíochtaí taobh amuigh sa dúlra ná mar a fuair nuair nach raibh siad sa nádúr.

Tabharfaidh tú an difear fá deara chóir a bheith láithreach. Nuair atá tú i do sheasamh ansin, cuachta isteach i lár mór-orgánaigh chomh maorga le crann, faigheann tú cothú anama ar an uile thaobh – daingniú ón stoc ar do chúl, doimhniú ó na fréamhacha faoi do chosa thíos, scáth is cosaint ó na craobhacha os do chionn agus suaimhniú is spreagadh ó na duilleoga ag damhsa san fheochán bog gaoithe os do chomhair amach.

Nuair a smaoiníonn tú air, tá ról lárnach ag na crainn inár saol. Is astu atá bailte, sráideanna is páirceanna dár gcuid ainmnithe – Doire Cholm Cille, Sruthán an Chuilinn, Páirc Bhruach na Sáilí. Bíonn frámaí na dtithe agus na ndíonta a thugann foscadh dúinn agus doirse a choinníonn an teas istigh déanta astu. Seasaimid, déanaimid damhsa agus imrímid gach cineál spórt ar urláir adhmaid. Cromaimid isteach ar an obair ag deascanna déanta as crainn. Déanaimid troscán, soithí agus coimeádáin astu le hord agus eagar a choinneáil ar ár mbalcaisí. Cuirimid frámaí déanta as crainn thart timpeall ar na pictiúir is ansa linn le go mbeidh cuma níos fearr fós orthu. Thuig ár sinsir an luach a bhí leo agus ghearrtaí pionós ard san Fhéineachas (Brehon Law) ar aon duine a leag crann.

RÓL RÍTHÁBHACHTACH

Baineann neacha eile seachas daoine sochar as na crainn fosta óir tá ról ríthábhachtach acu san éiceachóras ag cosaint agus ag beathú feithidí, éan agus créatúir eile nach iad. I gceantair uirbeacha, fuaraíonn siad an t-aer agus laghdaíonn siad an méid dé-ocsaíde carbóin atá san atmaisféar.
 
Tá taighde bailithe ag an Líonra um Páistí agus an Dúlra i Meiriceá Thuaidh a léiríonn an ceangal idir an dea-mheabhairshláinte agus an nádúr. Áirítear ar na samplaí staidéar a léirigh gur fearr an féindisciplín atá ag cailíní atá ina gcónaí i gceantar cathrach agus a bhfuil radharc acu ar an ghlaise ná cailíní a bhíonn ag amharc amach ar fhoirgnimh arda tithíochta.

Tá staidéir eile sa bhailiúchán a léirigh gur mó an faoiseamh a fuair páistí a raibh ADHD orthu óna gcuid siomptóm nuair a rinne siad gníomhaíochtaí taobh amuigh sa dúlra ná mar a fuair nuair nach raibh siad sa nádúr.
 
Le bheith ionraic, níl gá le taighde acadúil lena chur ina luí orm go bhfuil buntáistí leis an dúlra. An lá cheana, i ndiaidh lá trom oibre, chaith mé 20 bomaite luite siar ar chrann sa pháirc áitiúil agus bhí sé mar a bheinn i ndiaidh m’aigne thraochta, bhuartha a phlugáil isteach i bhfoinse cumhachta i lár na cruinne a thug fuinneamh, misneach agus sólás dom. Bhí sé ar fáil go réidh, gan teorainn agus saor in aisce. Tabhair féin croí isteach do chrann agus lig dó tú a thimpeallú lena ghéaga groí, gráúla. Déanfaidh sé maitheas an domhain duit.