IS cinnte go mbíonn macallaí na staire níos congáraí dúinn ná mar a shíleann muid. Mothaíonn muid agus mothaíonn páistí ach go háirithe go bhfuil an stair iontach fada ar shiúl sna cianta cairbreacha!
 
Mothaíonn mo pháistí féin mar shampla gur iarsma ársa mé de ré na staire nach bhfuil ann níos mó! Níl mé féin den bharúil sin, dár ndóighe!
 
Ach le bheith ionraic, is féidir linn in Éirinn go speisialta ár stair a lorg agus a fhiosrú má léimeann muid siar cúpla glúin. Tá mé ag déanamh go bhfuil sé amhlaidh le beagnach gach teaghlach. Na Trioblóidí, Cearta Sibhialta, 1950aidí, Dara Cogadh Domhanda, Blitz agus Ciondáil, Imtheorannú agus Tom Williams. Ní ghlacann sé ach cúpla glúin. Ó ghlúin go glúin. Na Tríochaidí Ocracha, Círéibeacha ODR, Ceiltigh Bhéal Feirste, Imirce  agus neart eile.
 
Thig linn ócáidí móra staire a aimsiú agus ord croineolaíoch a chur ar rudaí le tuiscint níos iomláine a fháil. Bíonn ord croineolaíoch thar a bheith tábhachtach úsáideach ag staraithe  móra agus beaga agus ag foghlaimeoirí agus doiligh in amanntaí do pháistí a thuiscint.
 
I mo thaithí féin mar mhúinteoir gaelscoile, bíonn sé dúshlánach ag foghlaimeoirí óga coincheap na staire a thuiscint nuair atá tú ag caint ar chéad bliain ó shin nó ar an mhí seo caite, nó anuraidh nó fiche bliain ó shin. Bíonn sé teibí ag daltaí.
 
Ach múineann gá seift agus bíonn go leor áiseanna tacaíochta in úsáid go dtig le daltaí a thuiscint an saol mar a bhí agus liosta croineolaíoch de bhuneachtraí na tíre a shealbhú agus ceangal fisiciúil a dhéanamh lena saol agus saol a muintire.
 
Mar shampla,
1884 bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael….imríonn páistí peil agus iomáint, tá nasc ansin.
1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge…..an eagraíocht a bhí ag stocaireacht do chearta teanga, mar a tharla ar ball leis an Dream Dearg. Tá nasc ansin.
1912 thit an long chlúiteach a tógadh i mBéal Feirste go tóin poill ar an Aigeán Atlantach. Is cinnte go bhfuil an scéal i mbéal na bpáistí agus gur thug siad cuairt ar an Cheathrú Titanic, H agus W agus ceantar na nduganna
1916- Tharla Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath. Tá neart nascanna Feirsteacha anseo idir Winifred Carney agus James Connolly.
 
Bhí sé de phléisiúr agam camchuairt reilige a dhéanamh leis Cumann Chluain Ard, ar na mallaibh, i Reilig Bhaile an Mhuilinn. Grúpa scoláirí  a bhí ann ón ardrang ar an Dianchúrsa is déanaí a reachtáil siad. Gaeilge líofa againn uilig. Stair trí Ghaeilge.
 
Bhí meascán mearaí de chúlraí agus d’aoiseanna ar an chamchuairt mar a bhíonn go minic. Áfach, ní raibh muid i bhfad ag toiseacht leis an turas agus cúpla pearsa móra na staire déanta againn Kevin Mc Alinden agus Ceiltigh Bhéal Feirste, na Gaeilgeoirí Muiris Ó Droighneáin agus an tAthair Ó Tuathaill gur thug muid cuairt ar an phoblachtánach Freddie Fox, a maraíodh i mí Lúnasa 1921 gar do lár na cathrach agus Óglaigh na hÉireann ag déanamh ionsaithe ar an RIC.
 
Bainim úsáid as scéal Freddie Fox mar intreoir, túsphointe do stair Bhéal Feirste ag an am sin.  1920idí, Na Pograim, Cogadh na Saoirse, dioltás an RIC in éadan an phobail Chaitlicigh, Cromwell Clubs agus DI Nixon agus neart eile. Labhraím faoi na heachtraí móra atá sna leabhair staire. Áfach ní dhéanaim trácht ar Freddie mar dhuine ná ar a chúlra ná ar a chlann.
 
Samhlaigh mar sin an t-iontas a bhí orainn uilig ar an chamchuairt ar an lá samhraidh sin go raibh garnia de chuid Freddie Fox linn ar an chamchuairt agus é ag freastal ar ranganna Chumann Chluain Ard! Meiriceánach a raibh Gaeilge líofa aige a bhí ar saoire in Éirinn! Dochreidte. Iontas agus alltacht an domhain.
 
D’inis Caoimhín, garnia le Freddie a lán scéalta faoi Freddie mar dhuine, Freddie mar fhear óg. Bhí Gaeilge aige, Fadgie a bhí ann. Chaith a theaghlach am i nDún Dealgan. D’imir sé peil agus iomáint le Rosa CLG i mBéal Feirste agus imreoir iontach a bhí ann! Is fiú cuimhneamh go raibh baint ag Joe Mc Kelvey le bunú an chumainn CLG Rosa fosta. Tá scéal Joe Mc Kelvey go mór mór i mbéal an phobail, ach níl scéal Freddie Fox. Fuair siad beirt bás ar son na hÉireann, áfach.
 
Tamall gairid i ndiaidh dúinn teacht a fhad le leacht chuimhneacháin Joe Mc Kelvey ag an Leacht Chuimhneacháin Harbinson i Reilig Bhaile an Mhuilinn, d’inis Caoimhín scéal eile a bhain le teaghlach Mhic an tSionnaigh agus Mc Kelvey. Arís, bainim feidhm as scéal clúiteach cáiliúil Mc Kelvey le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad a mhíniú níos fearr agus cúlra na bPogram a thabhairt, gnéithe ginearálta le fírinne.

CAMCHUAIRT STAIRIÚIL: Muintir Chumann Chluain Ard ar turas Reilig Bhaile an Mhuilinn leis an údar
2Gallery

CAMCHUAIRT STAIRIÚIL: Muintir Chumann Chluain Ard ar turas Reilig Bhaile an Mhuilinn leis an údar

Ámh,  ina theannta mo chuid eolais féin, thug Caoimhín an scéal go raibh a athair mór Thomas Fox, Tomás Mac an tSionnaigh ag obair le Joe Mc Kelvey nuair a d’fheallmharaigh Óglaigh na hÉireann Oswald Swanzy i Lios na gCearrbhach i mí Lúnasa 1920. Eachtra ollmhór a bhí san fheallmharú seo, stair fite fuaite, scéal Thomáis Mhic Churtain, Poblachtánaigh chathair Chorcaí, Óglaigh na hÉireann Bhéal Feirste agus Joe Mc Kelvey, na Pograim agus díoltas na nDílseoirí.
 
Bhí daideo, athair mór Chaoimhín ar fiannas le hÓglaigh na hÉireann ar an lá a scaoileadh Swanzy! Tá taifead den éachtra ag an Chartlann Mhileata Náisiúnta i mBaile Átha Cliath (Bureau of Military History Ireland)

D’inis Caoimhín scéalta faoina athair mór agus macasamhail a dhearthár Freddie. Labhair sé Gaeilge agus d’imir sé le Rosa CLG i mBéal Feirste. Bhain Rosa cúpla craobh contae  sa pheil agus san iomáint sna blianta 1919-1922.

An raibh siad ag imirt? An bhfuil grianghraif ann dóibh?An bhfuil an scéal seo ag staraithe eile agus ag muintir Rosa?
 
Ní saineolaí mise, ná baol air. Ach, tá suim agam. Ní bhíonn saoi gan locht!
Más maith libh tuilleadh a fháil amach, tagaigí ar an chéad chamchuairt eile reilige liom!
 
Idir an dá linn, beidh mé féin i dteagmháil le Caoimhín. Arís, níl macallaí na staire ró-fhada ar shiúl uainn.