Tá an leathchéad slánaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí bunú an stáisiúin ar cheann den ocht n-éileamh a bhí ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus tá ról as cuimse tábhachtach ag an stáisiún le caoga bliain anuas mar uirlis teagmhála i measc phobal na Gaeilge. Ar an leibhéal is bunúsaí, sularbh ann don stáisiún ar chor ar bith, bhíodh deacrachtaí ag an Chonallach an Ciarraíoch a thuiscint, agus a mhalairt. Ach dá mhéad a éistimid le caint a chéile, is amhlaidh is fusa a éiríonn sé cumarsáid a dhéanamh agus a chéile a thuisint, ní hamháin ó thaobh foghraíochta agus foclóra de, ach ar dhóigh níos doimhne ná sin fosta. Nuair a bhímid i dteagmháil lena chéile, nuair a chuirimid eolas ar streachailtí agus ar bhuanna a chéile, treisítear agus sabhraítear sinn mar phobal.
 

I rith na seachtaine seo caite, is iomaí aoi ar RnaG as achan Ghaeltacht sa tír a labhair ar a gcuimhní ar an stáisiún agus bhí a scéal uathúil féin ag gach duine acu. Is sa rang Gaeilge Ardleibhéil ar scoil a chuala mise iomrá air den chéad uair. Ba ghnách lenár múinteoir, Nuala Mhic Craith, taifead a dhéanamh ar Nuacht an Tuaiscirt agus ansin caisín a chasadh dúinn ar théipthaifeadán sa rang. Áis teagaisc iontach a bhí ann a chuidigh linn ár scileanna éisteachta, tuisceana agus labhartha a fheabhsú. Dhéanaimis ransú ar script an iriseora le cora cainte deasa agus samplaí de struchtúir teanga agus pointí gramadaí ar leith a aimsiú.
 
Tobar luachmhar a bhí ann don fhoghlaimeoir a bhí ag iarraidh dul na Gaeilge a thabhairt léi. Bhí an t-ádh dearg orm bheith i gConamara ag an deireadh seachtaine agus Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh caoga bliain a bhunaithe le ceolchoirm speisialta lán le ceoltóirí traidisiúnta agus damhsóirí as Carna is Cúil Aodha, Corca Dhuibhne is Cois Fharraige, Gaoth Dobhair is Garumna, Ráth Chairn is an Rinn. Bhí Ceolfhoireann RTÉ ar an ardán i stiúideo Telegael i mBaile na hAbhann ar an oíche mhór – dhá thraidisiún ceoil ag teacht le chéile le léargas as an nua a thabhairt dúinn ar na hamhráin is ansa linn. Seán Monaghan ag ceol fána dhreoilín ar ith an cat í agus clairinéid, coirn Fhrancacha agus timpani dá thionlacan, bhuel, ba é buaic na hoíche é!
 
Craoltóireachta
Más mochóir thú, gach seans gur chuala tú an ceol trumpa béil, atá cosúil le didiridiú beag, a chuireann tús leis na lá craoltóireachta achan mhaidin ar RnaG. Mar ba chuí, is é ‘Ríl Mháirtín Shéamais’ an chéad phíosa ceoil a casadh ag an cheolchoirm, le Doimnic Mac Giolla Bhríde ar an trumpa béil agus Johnny Óg Connolly ar an mhileoidean. Bhí Altan ina nglóire agus iad ag dul do ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’. Bhí guth ón am atá caite ann, Darach Ó Catháin, nach maireann, osteilgthe ar scáileán mór ag ceol ‘Óró ‘Sé Do Bheatha Abhaile’ agus an cheolfhoireann ag casadh ina chuideachta. Cheol beirt gharneacht le Darach, Étáin agus Máire Ní Churraoin, an chuid dheireanach den amhrán beo sa stiúideo. An Chéad Ghlúin Eile a thugann an bheirt deirfiúracha orthu féin mar ghrúpa, agus is mór an t-uchtach a thabharfadh siadsan agus An Crann Óg as Tír Chonaill agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, grúpaí eile a bhí ar an ardán, don té a bheadh buartha fá thodhchaí cheol na nGael.
 

Is iomaí dúshlán atá sáraithe ag RnaG thar na blianta, agus tá tuilleadh rompu. Níl na hoibrithe ar comhchéim lena gcomhghleacaithe Béarla in RTÉ ó thaobh tuarastail de. Ní chuirtear an méid céanna acmhainní ar fáil dóibh is a chuirtear i réimsí eile de chuid RTÉ.
Caithfidh siad achan uile thrá a fhreastal – ceol, spórt, cláir faisnéise, irischláir, nuacht agus cúrsaí reatha, drámaíocht agus an óige. Dúshlán reatha é an mhuintir óga a mhealladh. Agus nár bhreá clár seachtainiúil Bhéal Feirste a bheith ar ais ar na haerthonnta. Cuireadh tús leis an stocaireacht Tigh Chualáin i ndiaidh na ceolchoirme!
 
Tá ceolchoirm cheiliúrtha 50 bliain RnaG le feiceáil ar YouTube i gclár speisialta a léirigh Aniar TV. Go maire siad an céad.