NUAIR a rinne na máistirphéintéirí léiriú ar aingle Dé agus ar na neacha naofa a mhaireann sna flaithis, trompaí agus cláirsigh na huirlisí a bhí acu le glóir a dtiarna a fhógairt. ‘Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach agus a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan.’ Is iomaí tagairt don chruit atá le fáil sa bhíobla, an ceann seo ó Leabhar na Salm san áireamh. Tá an chruit mar shiombail oifigiúil ag stát na hÉireann, í le feiceáil ar stáiseanóireacht an rialtais agus ar bhoinn airgid.
 
Bhí stádas ar leith ag cruitirí i dtithe na huasaicme agus na dtaoiseach Gaelach. I ndiaidh Chath Chionn tSáile in 1601, áfach, nuair a fuair na Sasanaigh an lámh in uachtar ar na taoisigh, agus mar thoradh ar imeacht na n-iarlaí go mór-roinn na hEorpa in 1608, thosaigh meath ag teacht ar dheiseanna fostaíochta na gcruitirí. Fá dheireadh na 18ú haoise, bhí an traidisiún dúchasach ceoil chóir a bheith imithe i léig ar fad.
 
Tá cuntas breá sa leabhar ‘Béal Feirste Cois Cuain’ le Breandán Ó Buachalla ar na hiarrachtaí a rinne aos cultúir na cathrach ag deireadh na 18ú haoise a chinntiú go gcaomhnófaí ceol na gcruitirí. Sa bhliain 1792, d’eagraigh siad Tionól na gCruitirí sna Assembly Rooms ar choirnéal na Sráide Thuaidh agus Shráid Waring. Bhí Edward Bunting, orgánaí óg in Ardeaglais Naomh Áine, i láthair leis an cheol a bhreacadh síos agus tá na lámhscríbhinní ag leabharlann Ollscoil na Banríona.
 
Tharraing cruitire déag ar Bhéal Feirste don tionól. Ultaigh a bhí i bhformhór acu. Bhí seisear acu dall. Bhí 97 mbliana slánaithe ag an duine ba shine acu, Donnchadh Ó Hamsaigh (Denis Hempson) as Aird Mhic Giollagáin agus bhí drogall air a cheol a roinnt. ‘Ní thuigfidh duine ar bith mo chuid ceoil,’ ar sé. Ní raibh an duine ba óige, William Carr, ach 15 bliana d’aois, agus bhí bean amháin ina measc, Rose Mooney.

 Bronnadh duais deich ngine ar Charles Fanning as an leagan a chas sé de ‘An Chúilfhionn’, port álainn a cumadh sa 17ú haois.
 
Tá 230 bliain ann ó bhí Tionól na gCruitirí ann, ach maireann na macallaí go fóill sa cheol a sheinntear sa lá atá inniu ann. An deireadh seachtaine seo caite, rinneadh comóradh agus ceiliúradh mór ar oidhreacht na gcruitirí i mBéal Feirste ag An Chruit Bheo, féile atá comheagraithe ag Cruit Éireann agus Reclaim the Englightenment. Bhí ceardlanna, cainteanna agus ceolchoirmeacha ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na cathrach le breis agus 50 ceoltóir, ina measc Laoise Kelly, Cormac de Barra agus Janet Harbison.
 
Sheol an tArdmhéara Tina Black leabhar nua leis an cheoleolaí David Byers i Leabharlann an Línhalla Dé hAoine ar 6pm agus bhí ceolchoirm ann leis an Dr Lauren O’Neill agus Eugene McKenna sa Deer’s Head ar 8pm. Mar chuid dá taighde dochtúireachta, d’fhiosraigh an Dr O’Neill an ceangal idir ceol cruite agus filíocht na mbard agus mar gheall ar a cuid oibre, tá léargas ag lucht éisteachta an lae inniu ar cheol a seinneadh na céadta bliain ó shin ach nach raibh ann ar feadh i bhfad ach nótaí tostacha ar phár.

 

I rith an lae Dé Sathairn, an 16 Iúil, bhí cruiteanna ag creathadh i Leabharlann na Seanchille, in Skainos ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda, sa Chéad Eaglais Phreispitéireach ar Shráid Rosemary agus i dTeach Clifton. Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Séipéal Naomh Seosamh i mBaile na Mairnéalach agus an Duncairn na hionaid ina mbeidh na cruitirí le cluinstin Dé Domhnaigh.
 
Taobh amuigh den cheol, bhí mír an-suimiúil ar chlár na féile, mar a bhí Cruinniú na Saoránach Dé Sathairn ar 2.30pm sna Assembly Rooms céanna inar chruinnigh na cruitirí in 1792. Cineál de léirsiú a bhí ann in aghaidh na bpleananna díobhálacha atá ag údaráis na cathrach maidir le forbairt Tribeca i gCeathrú na hArdeaglaise. Eagraithe ag John Gray ó Reclaim the Enlightenment, bhi na Saoránaigh ‘ag léiriú tacaíochta’ don chás ionad cultúir a dhéanamh de na Assembly Rooms agus iad a chur faoi úinéireacht   phoiblí.