IN amanna bím ag streachailt le Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge mar choincheapa. Cuirimis i gcás féile na teanga náisiúnta. Ar láimh amháin, is iontach an rud é go mbíonn daoine aonair agus eagrais in achan chearn den tír sásta athmhachnamh a dhéanamh ar ghnáthchúrsaí an tsaoil i gcomhthéacs na Gaeilge agus féachaint le deiseanna úra a aimsiú lena labhairt.

Murach an fhéile, a bhíonn á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, is cinnte nach dtarlódh an chuid is mó de na himeachtaí atá beartaithe agus nach smaoineodh go leor daoine ar a gcaidreamh leis an teanga a threisiú.
 
Tagann sé chun solais gach bliain go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ag daoine ná mar a shílfeá. Tá Paul Clark ó UTV ag tvuíteáil leis i nGaeilge na laetha seo, rud a dhéanann sé ó am go chéile ar aon nós. Thug sé dúshlán Bharra Best an BBC an lá cheana.

Thug an Cléireach le fios go mbeadh sé toilteanach Gaeilge a labhairt ar a chlár nuachta féin dá ndéanfadh Barra réamhaisnéis na haimsire i nGaeilge. Beart beag simplí é a scaipfidh dea-chreathanna i dtaca leis an teanga. Agus is leithscéal maith é Seachtain na Gaeilge ag na craoltóirí seo, a bhfuil aird an phobail orthu, an teanga a úsáid go poiblí níos minice.
 

2Gallery

Ar an láimh eile, áfach, tosaíonn an tsoiniciúlacht ag borradh ionam nuair a fheicim polaiteoirí, ó dheas go háirithe, atá sásta an cúpla focal a labhairt go poiblí le linn Sheachtain na Gaeilge ach nach ndéanfadh amhlaidh an chuid eile den bhliain.

Cuireann siad físeáin agus tvuíteanna amach chun an pobal a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt, ach is beag an gníomh a dhéanann siad i ngnáthaimsir an Bhéarla leis an teanga a chur chun cinn. Tagann trí fhocal chun aigne. Cur. I. gCéill.
 
A bheith i do chainteoir Gaeilge nó a bheith i do bhean, is nithe iad a bhaineann leis na gnéithe is bunúsaí dínn mar dhaoine den chine dhaonna.

Más bean thú, is bean ó nádúr thú, bíodh sé sa bhitheolaíocht nó eile. Maidir le teanga, sin ceann de na príomh-mhodhanna cumarsáide atá againn lenár nádúr, anam agus pearsantacht a chur in iúl. Sa saol idéalach, cothrom, cóir, ní bheadh a leithéid de laethanta agus seachtainí speisialta ag teastáil mar ní bheadh cos ar bolg de chineál ar bith á dhéanamh ar mhná ná ar theanga ná ar aon dream de shaghas ar bith.
 
Faraor, níl an saol cothrom cóir agus tá bearta de dhíth le ceiliúradh a dhéanamh ar ghnéithe ar leith dínn féin chun go mbeidh tuiscint agus feasacht níos fearr ag daoine orthu. Mar sin, ligimis don dea-thoil an tsoiniciúlacht a shárú agus bainimis taitneamh as na himeachtaí éagsúla atá á gcur ar fáil le croí mór maith ag eagrais phobail agus eile lenár saol a shaibhriú. Is maith ann iad.

Bhí sceideal suimiúil curtha le chéile ag Raidió Fáilte don 8 Márta, Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is léir go bhfuil aghaidh ar an todhchaí ag an stáisiún óir beidh seachtar craoltóirí úrnua le cluinstin, mná a rinne cúrsa traenála le Caoimhe Chats Ní Chathail le deireanas. Ba é seo an chéad uair ar na haerthonnta ag roinnt mhaith acu agus bhí sé go maith glórtha úra a chluinstin.

an Chultúrlann ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód i mbliana, agus beidh triúr ban ó shaol na n-ealaíon faoi agallamh ag an fhoireann. Beidh Nuala Ní Néill, aisteoir agus drámadóir, Eimear Nic Roibeaird, físealaíontóir, agus Therese Bann, fliútadóir, ag labhairt ar na healaíona éagsúla a chleachtann siad. Beidh na cláir seo le feiceáil ar mheáin shóisialta na Cultúrlainne ar 7pm, 8-10 Márta.