Tá an sorcas ag teacht! Bhuel, ní sorcas go baileach ach criú a mbíonn craic agus spleodar á leathadh go fairsing acu, mar atá Áine Ní Bhreisleáin ó Raidió na Gaeltachta agus foireann an chláir Bladhaire.  Beidh na craoltóirí ag teacht aniar as stiúideo Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga go Béal Feirste cois cuain an Aoine bheag seo, an 29 Aibreán, le craoladh beo a dhéanamh ó Dhánlann Dillon sa Chultúrlann.
 
Ceiliúradh ceart ar Ghaeil Bhéal Feirste agus ar 50 bliain Raidió na Gaeltachta a bheas ann. Le taispeántas ealaíne Noel Connor ar na ballaí bunaithe ar na seanbhusanna tralaí a théadh suas síos Bóthar na bhFál, beidh plúr na gceoltóirí Feirsteacha le cluinstin ag seinm beo ar an chlár, ina measc an sárfhidléir Conor Caldwell agus Sorcha Stockman, fidléir óg ar bronnadh sparántacht Gradam Ceoil TG4 uirthi ar na mallaibh. Tá an scéim sparántachtaí mar thoradh ar an chomhpháirtíocht idir TG4 agus Comhairle Chathair Bhéal Feirste a d’éirigh as na Gradaim Cheoil theacht go Béal Feirste ceithre bliana i ndiaidh a chéile suas go 2021. Bhronn Comhairle na Cathrach sparántachtaí £3,000 an duine ar thriúr ceoltóirí óga. Gheobhaidh na ceoltóirí meantóireacht agus tacacíocht lena gceol a chur chun cinn ar líne agus an deis físeán proifisiúnta a dhéanamh le Red Shoe Media agus Ionad Ealaíon Duncairn. Craolfar na físeáin ar mheáin shóisialta TG4 amach anseo.
 
Dé Sathairn
Beidh daoine de gach glúin páirteach i gclár Bladhaire, bunaitheoirí na Cultúrlainne agus páistí Aisling Óg san áireamh, scoil ealaíon do dhaltaí bunscoile a bhíonn ar siúl gach maidin Dé Sathairn. Deis iontach a bheas ann dul siar ar bhóithrín na smaointe, cuimhniú ar obair na Cultúrlainne le 31 bliain anuas agus súil chun cinn a thabhairt ar thodhchaí na nGael a thiocfaidh inár ndiaidh. Beidh eolas ann fosta fán Lá Dearg mór atá beartaithe don 21 Bealtaine, nuair a shiúlfaidh na mílte ón Chultúrlann go Halla na Cathrach le cearta teanga agus Acht na Gaeilge a éileamh.
 
Cuirfear tús leis an spraoi ar 12pm Dé hAoine leis an seisiún míosúil, Ceol na mBan, i mbialann na Cultúrlainne agus tá lánfháilte roimh an phobal bualadh isteach i rith an tráthnóna agus greim a fháil le hithe. Beidh Bladhaire ar na haerthonnta ó 3-5pm.
Don té ar mhaith leis leanacht ar aghaidh ar chonair an cheoil Dé hAoine, beidh dhá albam úrnua á seoladh in Áras Mhic Reachtain ar 8.30pm mar chuid de Fhéile Cheathrú na hArdeaglaise. Is amhránaí sean-nóis nuálach, uathúil í Inni-K agus dúradh in The Irish Times gur ‘duine de na healaíontóirí is spreagúla in Éirinn” í. Tá a halbam nua ‘Iníon’ amuigh anois. Beidh Éanna Ó Cróinín, píobaire as Ráth Chairn ag seoladh a albaim úr siúd fosta ar an oíche, ‘Píobaireacht na Mí.
 
A Ghaela, tá Aoine iontach álainn romhainn amach. Nach muid atá millte!