Beidh an stáisiúin raidió pobail, Raidió Fáilte, ag tabhairt faoi chraoladh éachtach beo 24 uair an chloig gan stad ó 7:00 maidin Dé hAoine 24 Iúil go dtí 7:00 maidin Dé Sathairn, mar chuid d’Fhéile an Phobail.
Beidh meascán de chláracha cainte mar chuid den imeacht a phléfidh leis an chultúr, leis an tsochaí, le cúrsaí reatha agus eile. Beidh cláracha ceoil mar chuid den lá chomh maith, agus beidh seiteanna DJ á gcur amach d’iarchóisirí na cathrach sna luathuaireanta!
Is ón bhunurlár ag staisiún Raidió Fáilte ar Sráid Duibhise, ó spás imeachtaí an stáisiúin, a bheas an fhoireann ag craoladh idir 10:00 agus 14:00 Dé hAoine. Cuirfear fáilte roimh dhuine ar bith bualadh isteach ann, cupán tae a bheith acu, agus a bheith mar chuid den lucht féachana.
Áras Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhaise
Ag caint léi faoin imeacht, dúirt Príomh-Irischraoltóir Nuachta agus Cúrsaí Reatha le Raidió Fáilte, MaryClaire Nic Uilliam, go bhfuil sí ag dúil go mór leis an chraoladh beo.
“Is é seo an dara huair dom a bheith ag glacadh páirte san imeacht seo," ar sise. "Bhain mé an oiread sin sult as anuraidh. Leis an chraolotón go ginearálta feiceann tú aghaidheanna agus daoine agus craoltóirí deonacha ag teacht ar ais, daoine nach bhfaca tú le tamall fada.
“Bímse féin, mar chraoltóir nuachta agus cúrsaí reatha, ag díriú ar chúrsaí nuachta agus bíonn orainn bogadh ar aghaidh go measartha gasta. Ach leis an chraolatón bíonn an deis agam rud éigin difriúil a dhéanamh agus blaiseadh beag de chlár éigin eile a fháil.
Bíonn MaryClaire le cluinstin ar aerthonnta Raidió Fáilte gach maidin lena foireann, mar phríomhláithreoir ar an chlár ‘Moch ar Maidin.’ Beidh sí féin, i gcuideachta a comhláithreoirí Éanna Ní Griabhaigh agus Aibreán Ní hÍr, ag déanamh clár speisialta i rith na hoíche a phléfidh le scéalta éagsúla nach mbíonn le cluinstin ar ghnáthchlár nuachta.
Lean sí léi: “Beidh oíche agus lá den chéad scoth againn mar is gnáth, agus cuirfidh muid fearadh na fáilte roimh dhuine ar bith atá ag iarraidh bualadh isteach le linn an lae.”
Beidh Raidió Fáilte ag craoladh beo gan stad ó 7:00 Dé hAoine 24 Iúil go dtí 7:00 Dé Sathairn 25 Iúil. Is féidir éisteacht beo i gceantar Bhéal Feirste ar 107.1FM nó ar líne ar fud an domhain www.raidiofailte.com.
RAIDIÓ RAIDIÓ: Éanna, MaryClaire agus Máirtín Ó Muilleoir ón tí seo sa stiúdeó Dé hAoine seo caite


