Tá clú agus cáil ar an iar-imreoir leadóige Meiriceánach Billie Jean King ní hamháin as na craobhacha uilig a chroch sí léi le linn a saol imeartha, ach mar gheall ar a gníomhachas fosta.

Ghlac sí seasamh le cothromaíocht phá a bhaint amach idir fir agus mná sa leadóg. Ba í King an chéad bhean spóirt riamh a thuill breis agus $100,000 in airgead duaise. Ach cé gur bhain sí craobh an US Open sa bhliain 1972, fuair sí $15,000 níos lú ná buaiteoir chomórtas na bhfear.

Thuig eagraitheoirí an US Open, agus a gcuid urraitheoirí, go maith gur imreoir í King a mheall lucht féachana. Mar sin, nuair a d’fhógair sí nach n-imreodh sí sa chomórtas an bhliain dar gcionn mura mbeadh an t-airgead céanna ag dul do na mná agus a bhí do na fir, ba mhór an tionchar a d’imir a seasamh ar lucht an chomórtais. I 1973, bhí duaisairgead na bhfear agus na mban cothrom lena chéile.

Chóir a bheith leathchéad bliain ar aghaidh, bhí aird Billie Jean King ar chúrsaí sacair in Éirinn an tseachtain seo caite. Léirigh sí a sástacht ar Twitter faoin scéala go mbeidh an FAI ag tabhairt an phá chéanna feasta d’imreoirí fhoireann ban Phoblacht na hÉireann agus d’fhoireann na bhfear. Más mall is mithid.

As seo amach beidh gach imreoir idirnáisiúnta ag fáil an táille chéanna as cluiche a imirt agus gheobhaidh siad an bónas céanna as cáiliú do chraobhchomórtais. Bhí caiftíní na bhfoirne, Katie McCabe agus Séamus Coleman, beirt páirteach sna cainteanna le theacht ar chomhshocrú a bheadh chun sásaimh na n-imreoirí agus an FAI. D’aontaigh na fir glacadh le hísliú pá agus tá an FAI ag dul a dhéanamh meaitseála ar an airgead a shábhálfar as an ísliú sin. Is as an phota seo a íocfar na mná.

Tá a leithéid de dhrochmheas doghlactha agus cé go bhfuil athruithe déanta i spóirt na mban le tamall anuas, is go fadálach, malltriallach atá dul chun cinn á dhéanamh.

Léiríonn an scéal seo gur fiú seasamh a ghlacadh ar son na cothromaíochta. Ceithre bliana ó shin bhí géarchéim i sacar na mban agus na himreoirí ag bagairt dul ar stailc roimh chluiche cáilithe do Chorn na Domhain mar gheall ar an drochdhóigh a rabhthas ag caitheamh leo. Bhí na himreoirí ar deargbhuile cionn is go raibh orthu a gcuid éadaí a athrú i leithris phoiblí ar a mbealach chuig cluichí seachas i seomra feistis ceart. Ní bhfaighfeá locht ar bith orthu. Dúirt ionadaí dá gcuid ag an am go rabhthas ag caitheamh leo mar a bheadh ‘saoránaigh den chúigiú grád ann, mar shalachar ar bhróg an FAI’.

Ó shin i leith, áfach, tá neart céimeanna beaga tugtha sa chúlra agus tá feabhas mór tagtha ar an chaidreamh idir foireann na mban agus an FAI.

Ní raibh cúrsaí chomh maith céanna d’imreoirí rugbaí Chúige Chonnacht ag an deireadh seachtaine, áfach. Bhí siad ag imirt i bPáirc Energia agus cuireadh pubaill in airde mar fhoscadh dóibh agus iad ag cur athrú éadaí orthu féin. Ní raibh saoráidí cearta ar fáil mar gheall ar shrianta Covid, rud atá intuigthe. Mar sin féin, cuireadh na pubaill díreach in aice le boscaí móra bruscair agus thug duine de na himreoirí le fios go raibh francaigh le feiceáil ag rith thart ar an láthair chéanna.

Ghabh an IRFU agus Rugbaí Laighean leithscéal ó shin agus ghlac mná Chonnacht leis le dínit. Tá a leithéid de dhrochmheas doghlactha agus cé go bhfuil athruithe déanta i spóirt na mban le tamall anuas, is go fadálach, malltriallach atá dul chun cinn á dhéanamh.

Comhghairdeas mór le foireann Aontroma a thug craobh na hÉireann leo Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh sa chamógaíocht idirmheánach. Fuair siad an lámh in uachtar ar Chill Chainnigh. Lá breithe Lucia McNaughton, caiftín na foirne, a bhí ann an lá sin. Sonas uirthi féin agus ar a foireann iontach, bhuacach.