Déanann Fleadh Feirste, féile Nollag na Ceathrún Gaeltachta, ceiliúradh ar ildánacht phobal an cheantair agus tá éagsúlacht mhór imeachtaí ann i mbliana a léiríonn go rímhaith an chruthaitheacht agus na buanna iontacha atá le fáil ar leac an dorais againn. Tá deich n-eagras páirteach i bhfleadh na bliana seo agus ceol, drámaíocht, ealaín, litríocht agus cúrsaí oidhreachta agus caomhnóireachta ar an chlár.

Ní raibh geamaireacht stáitse i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich anuraidh, ach nuair a fógraíodh go mbeadh aisteoirí Aisling Ghéar ar ais ar an ardán i mbliana, díoladh na scórtha ticéad láithreach. Beidh ‘An Nollaig Dhraíochtúil’ le Nuala Ní Néill, scéal atá bunaithe ar eachtraí an Ghréasaí Bróg agus na síog, á léiriú an Satharn beag seo, an 4 Nollaig. Cé go bhfuil seó an tráthnóna díolta amach, tá ticéidí go fóill fágtha don léiriú ag meán lae ar www.culturlann.ticketsolve.com/shows. 

Tá neart ceoil ar chlár na Fleidhe. Beidh an t-amhránaí agus cumadóir Eoghanach Bernadette Morris i mbun coirme in Áras Uí Chonghaile Dé hAoine, an 3 Nollaig, doirse ar 6.30pm, agus beidh Cumann Ceoil Thraidisiúnta Choláiste Ollscoile Naomh Muire le cluinstin sa Chultúrlann ag am lóin ar 12.30pm 1-3 Nollaig. Táimid ag súil le laoi Nollag nó dhó a chluinstin ó na hoirfidigh léannta. 

Seolfar taispeántas nua ealaíne i nDánlann Dillon sa Chultúrlann Déardaoin, an 2 Nollaig ar 7pm. Tá saothar i meáin éagsúla le feiceáil as bailiúchán na Comhairle Ealaíon, péintéireachtaí, grianghraif, dealbhóireacht, priontaí agus líníochtaí ina measc. 

Tá clúdach cuimsitheach ar imeachtaí uile na Fleidhe ag Raidió Fáilte an tseachtain seo agus beidh móragallamh ag an láithreoir Séimí Mac Aindreasa le Séamas Ó Tuama, fear a bhfuil a shaol caite aige leis an ghaeloideachas. Ní hamháin go raibh sé ina dhalta i mBunscoil Phobal Feirste, ach tá sé ina phríomhoide anois ar an scoil rathúil, atá leathchéad bliain ar an fhód. Tá scéal trí ghlúin ar a laghad le hinsint ag an Tuamach óir bhí a athair, Diarmuid, ina phríomhoide ar an scoil roimhe agus tá a chlann féin ag fáil scolaíochta trí mheán na Gaeilge fosta. Craolfar ‘Ag Tógáil Caisleán’ Déardaoin, an 2 Nollaig ar 7pm ar 107.1FM agus ar www.raidiofailte.com.

Bíonn leabhair á seoladh go tiubh ag an am seo bliana. Buail isteach sa Chultúrlann fá choinne lóin agus litríochta Dé Sathairn, an 4 Nollaig, ar 1pm nuair a bheidh an t-údar Gaeltachta Darach Ó Scolaí mar aoi speisialta ag siopa leabhar An Ceathrú Póilí. Tá sé ag teacht an bealach ar fad as Indreabhán i gConamara lena úrscéal nua ‘Súil an Daill’, atá suite i dTír Eoghain sa bhliain 1539, a chur amach ar an tsaol mór. “Tour de force stíle agus reacaireachta” a thug criticeoir amháin ar an saothar úr a bheidh á sheoladh ag an Ollamh Mícheál Ó Mainnín, le ceol ó Mhuiris Ó Brolcháin.

Dé hAoine, an 3 Nollaig, ar 1pm beidh Glór na Móna agus pobal Uachtar Chluanaí ag ceiliúradh oidhreacht agus éachtaí na muintire áitiúla i nGael-Ionad Mhic Goill ag an imeacht ‘Faoi Scáth an tSléibhe – Connecting People and Place in the Upper Springfield Area’. Seolfar clár faisnéise, suíomh gréasáin nua idirghníomhach agus taispeántas fisiciúil. Díreach ina dhiaidh sin, ar 2pm, beidh Mícheál Ó Mainnín, an saoi sona atá mar Stiúrthóir ar an tionscadal logainmneacha in Ollscoil na Banríona, ag déanamh léachta faoin oidhreacht choiteann atá le sonrú i logainmneacha na hÉireann. Seo imeacht atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus is sa Chultúrlann a thitfidh sé amach. 

Buaicphointe i gclár bliantúil na Ceathrún Gaeltachta is ea dinnéar Cothaigh a bhíonn á reáchtáil ag Forbairt Feirste sa bhialann Bia. Bíonn aoichainteoir suntasach ann gach bliain agus táthar ag leanacht leis an traidisiún sin óir is é Modhnóir na hEaglaise Preispitéirí in Éirinn, an Ró-Oirmhinneach an Dr David Bruce, a bheidh ag caint faoin chaomhnóireacht a cheiliúradh. Téama an-fhóirsteanach é i mbliain seo 2021 agus muid ag ceiliúradh 125 bliain ó tógadh Sean-Eaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathain ar Bhóthar na bhFál, atá mar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich le 30 bliain anuas. 

Tiocfadh deireadh spleodrach le Fleadh Feirste Dé Domhnaigh, an 5 Nollaig, leis an Lá Teaghlaigh. Cuirfear tús leis na himeachtaí ar 1pm nuair is féidir le páistí beaga maithe bualadh isteach sa Chultúrlann le cuairt a thabhairt ar phluais Dhaidí na Nollag. Is mian linn an fear mór a choinneáil slán ó víris, mar sin caithfear ticéad a chur in áirithe roimh ré ar www.culturlann.ticketsolve.com/shows. Gheobhaidh sibh ticéidí san áit chéanna le freastal ar an seisiún scéalaíochta agus spraoi ar 3pm bunaithe ar leabhar nua Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, faoi Shantaí. Tá lámh mhór ag eagras Feirsteach, An tSnáthaid Mhór, sa leabhar seo atá maisithe ag Andrew Whitson. Is ar 4pm a bheidh críoch leis an Fhleadh nuair a lasfaidh Daithí Mac Gabhann, feachtasóir ar son deonú orgán, na soilse ar chrann Nollag na Ceathrún Gaeltachta taobh amuigh den Chultúrlann. Tá seachtain mhór Fhleadh Feirste linn, a chairde. Bainigí sult as!