CAD é mar a bhí sé? Ceist shimplí ar dhoiligh í a fhreagairt ag deireadh tréimhse chiúnais cúig lá. Ach is í an cheist is túisce a chuir rannpháirtithe ar a chéile nuair a bhí an sútra scoir canta agus an buille deiridh buailte ar an chlog sa seisín a d’eagraigh Ionad Zen an tSléibhe Dhuibh i dTobar Mhuire ar an Chrois Ghearr an tseachtain seo caite faoi stiúir an mhúinteora Paul Haller ó Ionad Zen San Francisco. 

Focal Seapáinise é seisín a chiallaíonn teagmháil leis an aignechroí agus tréimhse dhianmhachnaimh. Is fairsing agus ilghnéitheach an speictream d’eispéiris a bhíonn le tuairisciú ag gach duine ar leith a thugann faoina leithéid d’aistear inmheánach. Scarann tú leis an saol mór amuigh ar feadh seala le tumadh isteach i ndomhan ceilte.  

Is ann don domhan sin i rith an ama ar ndóigh ach ní chuirimid suntas ann ná ní thugaimid mórán airde air de ghnáth.

Sa chiúnas, timpeallaithe ag daoine atá suaite go doimhin sa tost, géaraíonn na céadfaí. Sa zendo, an spás naofa ina dtagann an grúpa le chéile le suí ar a gcúisíní i mbun machnaimh, tá an uile mhionghluaiseacht ardghlórach. 

Nuair a ardaíonn machnóir a lámh le ribe gruaige a chur siar óna aghaidh tá trup ar fud an tseomra as cuimilt muinchille geansaí le cos bríste. Istigh sna cúisíní tá crotail nó pónairí beaga polaistiréine agus cluineann achan duine an torann a thagann astu nuair a bhogann machnóir bocht cráite d’fhonn faoiseamh a fháil ó phian agus teannas sa droim, sna guaillí nó sna glúine. Níor mhaith le duine ar bith snáithe síoda an chiúnais a bhriseadh le bogadaíl thart.

Cuirtear an t-am as riocht – lúbtar é, síntear é, fáisctear é. In amanna leathann na bomaití amach romhat go malltriallach, fadálach. Mothaíonn tú nach dtiocfaidh deireadh go deo le seisiún leathuaire agus tagann tú ar an tuiscint go bhfuil a leithéid de rud ann agus screadaíl thostmhar. De réir mar a théann na laethanta isteach, áfach, téann an corp agus an aigne i dtaithí ar rithim an chláir ama agus ar deireadh, tá leathuair thart i bhfaiteadh na súl. 

Tá tú suaite i réimse fuinnimh sócúil agus níl fonn ar bith ort tú féin a stoitheadh ón domhantarraingt a alpann anuas go tréan thú san fholús, sa neamhní. 

Le buille den chlog, tá sé in am éirí agus machnamh siúil a dhéanamh. Tá 55 acra de thalamh i dTobar Mhuire, ionad comhdhála agus spioradáltachta ar le hord crábhaidh na bPáiseadóirí é. Tá faiche mhór fhairsing ann agus coillte le dair, cuileann, péine Albanach, feá, labhras, róslabhras agus crainn cnó capaill a cuireadh le céad bliain anuas. Ag an phointe is airde ar imeall na coille tá trí leac de chloch Lios Ceannúir leagtha amach mar shuíocháin dóibh siúd ar mhaith leo scíste a ligean agus seal a chaitheamh ag amharc ar na Beanna Boirche ar an léaslíne agus ar dhul faoi na gréine tráthnóna. 

Sa ghairdín urnaí, atá timpeallaithe ag balla 12 throigh ar airde, tá dealbha a bhaineann leis an chreideamh Caitliceach, bláthanna, luibheanna agus crainn torthaí nár cuireadh ach ar na mallaibh. Áit dhraíochtúil í i gcoim na hoíche. Cuir cos thar an tairseach agus músclóidh na héanacha ar na craobhacha is airde agus fógróidh siad dá chéile le flústar mór go bhféadfadh an cuairtear dáchosach isteach bheith baolach dóibh.

Na laethanta beaga i ndiaidh duit filleadh ar an bhaile, ar an obair, ar ghnáthchúraimí an tsaoil, sin é an uair is mó a bhíonn sé soiléir cad é mar a bhí an cúrsa Zen, óir tá peirspictíocht nua agat. Tá athrú tagtha ar an té atá ag amharc amach fríd do chuid súl agus ní bheidh an saol mar an gcéanna riamh arís.