BAINEADH geit asam nuair a chuala mé gur chaith beirt ghníomhaithe ón ghrúpa Just Stop Oil anraith trátaí Heinz le ‘Lusanna Gréine’, péintéireacht de chuid Vincent Van Gogh. Agus nach sin é go díreach ceann de na spriocanna a bhí acu? Gníomh dána é, fíordhána. Díoladh pictiúr sa tsraith bunaithe ar na bláthanna móra buí ar £39.7 milliún in 1987, an méid ba mhó a bhí tugtha ar phéintéireacht riamh i stair na healaíne ag an am.
Bhí scoilt mhór láithreach i measc an Twitterati an lá sin, cuid acu ag díoscán na bhfiacla fán dímheas agus deargamaidí a bhain le saothar ealaíne chomh luachmhar leis a scrios, agus an chuid eile ag déanamh gairdis leis na hagóideoirí as a n-obair eiseamlárach ó thaobh aird a tharraingt ar a gcúis agus cur agus cúiteamh a spreagadh fúithi.
Tá cur amach ag formhór an phobail sa taobh seo domhain ar shaothar Van Gogh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin ceann de na fáthanna a raibh an agóid chomh héifeachtach sin. Tá stíl shainiúil le sonrú ina chuid pictiúr, iad ildaite agus gnáthnithe an tsaoil léirithe iontu, bláthanna, cathaoireacha, an spéir réiltíneach san oíche, mar shampla. Sna siopaí féiríní, tá réada go leor le fáil a dhéanfadh bronntanas deas maisithe le híomhánna bunaithe ar shaothar Van Gogh, leabhair nótaí, cupáin, crúiscíní agus a leithéid. Mar gheall ar na féinphortráidí a rinne sé, tá a fhios againn cén chuma a bhí ar an ealaíontóir rua féasógach.
Éilíonn an t-eagras Just Stop Oil go ndéanfaidh rialtas na Breataine ráiteas go gcuirfidh sé stop láithreach le bronnadh ceadúnas agus tabhairt ceada i dtaca le taiscéaladh, forbairt agus táirgeadh breoslaí iontaise sa Ríocht Aontaithe.
Díreach i ndiaidh dóibh anraith a chaitheamh leis an phictiúr agus iad féin a ghreamú le glae don bhalla, dúirt duine de na gníomhaithe, Phoebe Plummer, atá 21 bhliain d’aois, “Cé acu is luachmhaire – an ealaín nó an bheatha? … Cé acu is mó a chuireann buaireamh ort, péintéireacht a chosaint nó an pláinéad s’againn agus daoine a chosaint?!”
Tharraing sí aird ar an ghaolmhaireacht idir an t-ardú mór ar an chostas maireachtála agus an dóigh a mbímid ag brath barraíocht ar bhreoslaí iontaise. “Níl sé d’acmhainn ag na milliúin teaghlach atá fuar, ocrach breosla a cheannach. Níl sé d’acmhainn acu canna anraith féin a théamh suas.” Luaigh sí an ceangal idir bás daoine mar gheall ar chúinsí aeráide – monsúin, loscadh agus triomach – agus táirgeadh breoslaí iontaise.
Sé uair an chloig i ndiaidh don anraith bheith caite le ‘Lusanna Gréine’, bhí an picitiúr glanta agus ar ais ar an bhalla i nDánlann Náisiúnta na Breataine i Londain. Níor gortaíodh duine ar bith, ní dearnadh damáiste ar bith don phictiúr mar bhí clúdach gloine air, agus tríd an ghníomh easumhlaíochta sibhialta seo, tá aird tarraingthe ag Just Stop Oil ar a mbunspriocanna agus ar ról na mbreoslaí iontaise sa ghéarchéim a bhaineann leis an athrú aeráide.
Tá an pobal spreagtha le smaoineamh ar cheist thábhachtach – cad é is luachmhar linn? Is cinnte go bhfuil tábhacht mhór stairiúil, oidhreachtúil le pictiúr álainn Van Gogh, ealaíontóir ardsciliúil, ceannródaíoch a bhrúigh teorainneacha na samhlaíochta agus a leathnaigh aigne an chine dhaonna tríd an ealaín. Ach i ndeireadh an lae – agus táthar ann a deir go bhfuil deireadh an lae ag druidim linn – cad chuige a bhfuilimid ag déanamh trua faoi phictiúr nuair atá daoine leochaileacha sna tíortha is mó atá thíos leis an athrú aeráide á stoitheadh óna n-áiteanna cónaithe agus ag fulaingt le galair agus caillteanas?