Tá imní mhór ar ghrúpa d’eagrais ealaíon agus cultúir, Arts Collaboration Network, go bhfuil ionaid ann nach dtiocfaidh slán as an phaindéim agus go mbeidh orthu a ndoirse a dhruidim go buan. Bheadh sé sin tubaisteach.

Níl cead isteach ag lucht féachana in ionaid ealaíon ó bhí mí an Mhárta anuraidh ann. Cé gur féidir imeachtaí ar leith a reáchtáil ar líne, tá go leor ealaíontóirí fágtha ar an trá fholamh mar nach féidir a saothar ná a léirithe sainiúla féin a aistriú go réidh go foirm dhigiteach.  

Is minic a bhíonn na healaíona ar bharr an liosta nuair a thagann an tua amach le ciorruithe a dhéanamh ar an sparán poiblí. Tá luach ar airgead tábhachtach, cinnte, go háirithe nuair is airgead s’againne atá á chaitheamh ag an rialtas, ach is baolach nach mbíonn na huirlisí cearta in úsáid ag eacnamaithe rialtais leis an tairbhe mór agus na buntáistí iontacha a thagann as cleachtadh agus rannpháirtíocht sna healaíona a thomhas. Ní féidir achan rud a thomhas le scarbhileog mhaol, dhúr nach n-aithníonn ach figiúirí agus chan an scéal agus an luach atá mar bhunús leo. 

Tá éiceachóras álainn, ildánach i gceist leis na healaíona agus cultúr. Ar ndóigh, tá na healaíontóirí féin ann – ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí, fís-ealaíontóirí, damhsóirí, údair, grianghrafadóirí, dealbhóirí, srl. Ach tá foireann mhór tacaíochta ann fosta – glantóirí agus timirí tí na n-ionad, lucht slándála, lucht fáilte agus díol ticéad, teicneoirí agus tógálaithe seiteanna, riarthóirí a chuireann sceidil le chéile agus a shocraíonn íocaíochtaí, lucht margaíochta, dearthóirí grafaice agus tuilleadh nach iad. Cothaíonn earnáil na n-ealaíon na daoine seo uilig agus a dteaghlaigh ar an leibhéal is bunúsaí sa dóigh go bhfuil dóthain de theacht isteach acu le billí a íoc agus bia a chur ar an tábla. Cuireann siad leis an gheilleagar fosta.

Níl sé de bhua ag achan duine inár measc dul ar an ardán le haisteoireacht a dhéanamh ná ceol a chasadh ná íomhánna ealaíonta a chruthú. Mar sin féin, bainimid uilig sult as na himeachtaí seo ar leibhéil éagsúla. Tugann siad faoiseamh agus léargas nua dúinn ar an tsaol. Tá ról fíorthábhachtach ag na healaíona i gcothú na meabhairshláinte. Tá taithí againn uilig ar an mhaitheas mhór a dhéanann oíche amuigh le cairde ag dráma nó gig dúinn, mar shampla.

Athshlánú

Nuair a bheidh an athoscailt ann i ndiaidh na paindéime, beidh meanma le hardú agus croíthe le cneasú, agus beidh ról mór ag na healaíona san athshlánú. De réir na Fondúireachta Meabhairshláinte, fadhbanna meabhairshláinte an chúis is mó le neamhláithreacht ón áit oibre. Cailleann fostaithe 70 milliún lá oibre gach bliain agus tá costas £2.4 billiún air sin, ualach a bhíonn le hiompar ag fostóirí. Sin teanga a thuigeann na heacnamaithe.

Tá neart ealaíontóirí ann nach bhfuil teacht isteach rialta acu agus a bhfuil srianta Covid go han-teann orthu. Níl an dara rogha ag cuid acu ach cúl a thabhairt lena gceird agus obair agus ioncam a lorg áit éigin eile. Tá an baol ann nach dtiocfaidh na daoine cruthaitheacha, cumasacha seo ar ais chuig earnáil na n-ealaíon arís agus go mbeidh ár gcultúr níos boichte as.

Tá na healaíona de dhlúth is d’inneach sa tsaol againn. Ceol ar an raidió, dráma ar an teilifís, leabhar maith roimh dhul a chodladh dúinn, píosaí ealaíne thart fán teach. Tá siad chomh nádúrtha sin nach smaointímid orthu i ndáiríre. Ach samhlaigh an saol gan iad. Is doiligh.

Tá na healaíona á gcleachtadh ag daoine leis na mílte bliain agus leanfar leis a fhad is a mhairfimid mar chine. Ach caithfidh fáil a bheith ag gach duine orthu. Tuigmid sin agus tuigeann an t-aos polaitíochta sin. 

Deir an Arts Collaboration Network go gcaithfear deiseanna a chur ar fáil le bonneagar agus scileanna daoine a fheabhsú. Tá infheistíocht á héileamh acu leis na daoine a oibríonn leis na healaíona a chothú ar bhonn fadtéarmach, inbhuanaithe. 

Measúnú

Tá na hionaid ealaíon réidh le hoscailt a luaithe is a bheas sé sábháilte. Tá pleananna i bhfeidhm. Tá measúnú riosca déanta le fada. Tá bealaí aon treo leagtha amach agus tá comharthaíocht in airde. Is eol go beacht cá mhéad duine is féidir a ligean isteach sna spásanna éagsúla sna foirgnimh. Ba cheart don Fheidhmeannas obair i gcomhar leo leis an teachtaireacht a chur in iúl don phobal go mbeidh fáilte mhór, shábháilte rompu. Agus ba cheart dóibh treoir a ghlacadh ó lucht na n-ealaíon agus bearta praiticiúla agus airgeadais a chur i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir leo a ndoirse a oscailt arís.