Tharla go raibh obair agam i nGaoth Dobhair go gairid roimh an Nollaig in 2018. Bhí borradh iontach fán áit ag an am mar bhí peileadóirí sinsearacha an pharóiste i ndiaidh Craobh Uladh a chrochadh leo seachtain go leith roimhe sin.

Bliain mhór rathúil a bhí ann don chlub áitiúil i gcomórtais eile fosta agus nuair a chuaigh mé le seiceáil isteach sa teach lóistín bhí na cupaí uilig a bhí buaite ag Gaoth Dobhair CLG ar taispeáint go bródúil san fháiltiú. Bhí cúis eile leis an dea-atmaisféar óir den chéad uair le fada an lá bhí geamaireacht ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair agus na scórtha aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí páirteach ann.

Bhí craoltóirí ó Raidió na Gaeltachta agus aisteoirí ó Ros na Rún sa chliar, ach ba amaitéaraigh iad formhór acu agus bhí neart daoine óga agus páistí ina measc.

Téann traidisiún na drámaíochta amaitéaraí Gaeilge siar go dtí na 1930idí sa cheantar agus mar a léirítear i leabhar úr galánta le Noel Ó Gallchóir, ní raibh sárú Aisteoirí Ghaoth Dobhair le fáil áit ar bith sa tír agus iad a i mbarr a réime. Ba mhinic marc móide 90 faoin chéad bronnta orthu ag feiseanna agus féilte drámaíochta agus mheall siad idir 400 agus 700 duine chuig a gcuid léirithe i mBaile Átha Cliath agus i nGlaschú.

Rianaítear go cuimsitheach san fhoilseachán nua, atá faoi chlúdach crua, stair an chompántais drámaíochta Gaeltachta a bunaíodh sa bhliain 1931. Tá na múrtha grianghraf ann ó achan tréimhse, rud a chuireann go mór le hinsint an scéil, agus tá siad leagtha amach go healaíonta ag an dearthóir Caomhán Ó Scolaí.

Tá aghaidheanna sona na n-aisteoirí le feiceáil, mar aon le híomhánna de scripteanna lámhscríofa, póstaeir, cláir, ticéid agus ailt ó na páipéir nuachta. Tá mionsonraí bailithe le chéile ag an údar faoi na drámaí a léiríodh, na dátaí a bhí siad ar an ardán, an cliar, praghas na dticéad, srl.

Nuair a bunaíodh an grúpa, dhéanadh na haisteoirí cleachtadh i lafta sciobóil. Ba iad leagan Gaeilge de ‘Spreading the News’ le Lady Gregory, ‘An tAonach’, ar thiontaigh Eoghan Mac Giolla Bhríghde é, agus Mrs Mulligan’s Millions, dráma grinn Béarla le Edward McNulty, na chéad drámaí a léirigh siad ar an stáitse i Halla na Machaireacha i mí Eanáir 1932.

Fá 1935, áfach, bhí socrú déanta acu cloí go huile is go hiomlán leis an Ghaeilge. Níl amhras ar bith faoi ach gur chuir an cinneadh sin le treisiú na n-ealaíon traidisiúnta sa cheantar agus le caomhnú na teanga.

SCÉALTA COMHAIMSEARTHA

Thochail Noel Ó Gallchóir i nuachtáin áitiúla Dhún na nGall agus Dhoire, sna hirisí Gaeilge agus sna nuachtáin náisiúnta le theacht ar léirmheasanna agus scéalta comhaimseartha faoi Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus bhí dialann Áine Nic Giolla Bhríde mar bhunfhoinse an-tábhachtach dó ina chuid taighde fosta.

Ba dhuine de bhunaitheoirí Aisteoirí Ghaoth Dobhair í Áine agus d’obair sí go dúthrachtach, diongbháilte i rith a saoil ag léiriú drámaí agus ag aisteoireacht iontu. Bhuaigh sí féin agus baill eile den ghrúpa boinn óir as a scileanna aisteoireachta agus léiriúcháin agus scríobh sí drámaí nua ó bhun. Bhí teach Áine ar an Luinnigh mar cheanncheathrú an ghrúpa, an troscán brúite ar leataobh i gceann de na seomraí fá choinne cleachtaí, páirteanna á scríobh amach de láimh ann, póstaeir á dtarraingt, boird á bpéinteáil agus cuirtíní agus feistis á bhfuáil.

Bhuaigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair coirn go tréan ón chéad lá a ghlac siad páirt i gcomórtas drámaíochta i 1932 suas go 1955. Shiúil siad Contae Dhún na nGall agus chuaigh siad san iomaíocht i bhféilte ar fud na tíre, ach fá lár na gcaogaidí bhí tionscadal níos mó idir lámha acu a mbeadh tionchar dearfach fadtéarmach aige ar an phobal, is é sin amharclann bhuan a thógáil sa bhaile.

Rinne siad stocaireacht ar an rialtas agus reáchtáil siad feachtais tiomsaithe airgid. Baineadh an chéad fhód i 1959 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin rinne an t-aisteoir mór le rá Siobhán Nic Cionnaith (as Béal Feirste) an oscailt oifigiúil.

RÉ ÓRGA

Ba iad na caogaidí ré órga Aisteoirí Ghaobh Dobhair. D’éirigh thar barr lena gcamchuairt eisceachtúil go Glaschú tráth a raibh an fód dúchais tréigthe agus na mílte ar imirce thar sáile. Is ar an bhealach go Glaschú a chum Proinsias Ó Maonaigh, duine den chompántas, an t-amhrán aitheanta ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’.

Bhí na hAisteoirí i mBéal Feirste roinnt babhtaí fosta. Chuir siad trí léiriú ar an ardán san Ardscoil ar a gcéad chuairt i mí na Samhna 1953 agus thuairisc an Derry People gur thug duine den lucht féachana le fios gurbh í ‘an oíche a b’fhearr a bhí san Ard Scoil ariamh’ í. Dúirt Áine Nic Giolla Bhríde gur i mBéal Feirste a fuair siad an fháilte ba chroíúla riamh taobh amuigh dá gceantar féin agus gurbh ábhar mór dóchais do thodhchaí na teanga díograis agus macántacht Ghaeilgeoirí na cathrach. Chuir Scoil na mBráthar i mBéal Feirste £100 chuig na hAisteoirí i 1961 agus an amharclann úr á tógáil.

Is beag focal diúltach atá sa leabhar seo, ina bhfuil 206 leathanach, ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair – ní ar mhaithe le hanailís ná le critic dhéanamh a scríobhadh é – ach tagraítear don trácht a rinne Pádraig Ó Siadhail orthu ina leabhar ‘Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970’. An locht a bhí ag an acadóir ar a gcuid oibre gur bhraith siad barraíocht ar aistriúcháin, ‘aistriúcháin leamha ar dhrámaí den dara grád’.

ARDÁN DO SHEODA EILE CULTÚIR

Ach cosnaíonn Noel Ó Gallchóir a n-iarrachtaí agus míníonn sé gur fhóir siad go rímhaith don phobal féachana a thagadh amach ‘ina sluaite’ le hiad a fheiceáil. Bhí ‘Gaeilge shaibhir dhúchasach iontu’ mar dhrámaí agus thug an ghluaiseacht drámaíochta ‘ardán do sheoda eile cultúir’. Deir Ó Gallchóir go bhfuil ‘traidisiún ceoil agus amhránaíochta Ghaoth Dobhair níos saibhre inniu dá thairbhe sin’.

De réir mar a chuaigh na blianta thart, osclaíodh pictiúrlanna, rinne na teilifíseáin a mbealach isteach in achan teach agus fuair daoine óga carranna. Laghdaigh ar an ráchairt a bhí ar dhrámaí amaitéaracha.

In aimsir seo an choróinvíris, is buille mór é druidim na n-ionad ealaíon agus tá dúshlán nach beag roimh Amharclann agus Aisteoirí Ghaoth Dobhair nuair a thiocfaidh an athoscailt, cibé uair a bheidh sé sin ann. Níl aon easpa daoine cumasacha, tallannacha sa cheantar, áfach, agus tá siad inchurtha leis an dúshlán.     

Tá ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981’ le Noel Ó Gallchóir le fáil in An Ceathrú Póilí, siopa leabhar na Cultúrlainne, a bheas ar oscailt ó 30 Aibreán ar aghaidh, agus atá oscailte arlíne i dtólamh.