Tá caint ann le tamall ar phasanna vaicsínithe a thabhairt isteach agus is cinnte gur ceist chigilteach atá ann a bhaineann le cearta an duine.
 
Ar nuacht áitiúil BBC an tseachtain seo caite labhair Alison Gordon, Bainisteoir Fhéile Open House, atá lonnaithe i mBeannchar, ar na deacrachtaí atá le sárú ag eagraitheoirí féilte agus ceolchoirmeacha faoi láthair. Le breis agus bliain anuas ní ceadmhach lucht féachana a ligean isteach in ionaid cheoil, agus ní fios cá huair a cheadófar a leithéid arís. Fágann sé sin go bhfuil sé an-doiligh pleananna daingne a dhéanamh, mar shampla ceoltóirí agus teicneoirí a bhúcáil, lóistín a shocrú dóibh agus ticéid a dhíol.
 
Cé go bhfuil treoracha agus pleananna foilsithe ag an Fheidhmeannas faoi chuid mhór earnálacha éagsúla – scoileanna, siopaí, tithe lóistín, ionaid chúraim agus gruagaireacht ina measc – tá ionaid cheoil le fanacht druidte agus níl tásc ná tuairisc ar dháta athoscailte fós.

Gach seans, amach anseo, go mbeidh iachall orainn ticéid a cheannach roimh ghig seachas díreach leaindeáil ag an doras ar an oíche. Is cosúil go n-iarrfar orainn fanacht inár suí seachas dul chuig an bheár lenár ndeochanna a cheannach.

Tá an 24 Bealtaine luaite le hionaid chuartaíochta agus chultúir, iarsmalanna, pictiúrlanna, dánlanna agus hallaí biongó, ach tá sé ráite go sonrach sna treoirlínte reatha faoi Covid-19 nach bhfuil ionaid cheoil san áireamh. Go dtí go socrófar dáta cinnte, caithfidh ceoltóirí agus a lucht féachana glacadh leis an eispéireas dáthoiseach, is é sin ceolchoirm ar an scáileán cothrom, beart atá measartha maith sna cúinsí reatha ach nach bhfuil chomh sásúil céanna le gig beo ina mbíonn an seomra líonta le buillí agus séiseanna an cheoil agus lúcháir an tslua

Tá na spásanna inar ghnách linn éisteacht le ceol beo roimh phaindéim Covid-19 deartha leis an oiread daoine agus is féidir a ligean isteach. Caithfidh na ceoltóirí agus na heagraitheoirí a gcuid costas a chlúdach, ach tá rialacha agus bearta i bhfeidhm san am céanna lena chinntiú go mbíonn gach duine sábháilte, mar shampla bealaí éalaithe, caighdeáin leictreachais agus srianta ar líon na ndaoine a ligtear isteach. Ní coincheap nua é mar sin ár n-eispéiris cheoil a bheith rialaithe ag na húdaráis. Ar mhaithe linn atá sé. Glacaimid leis sin agus táimid sásta glacadh leis.
 
Nuair a thiocfas an t-am ar féidir lucht féachana a ligean isteach sna hionaid cheoil arís, cad iad na bearta a bheas i bhfeidhm ó thaobh an choróinvíris de? Táimid cleachtaithe le cuid acu fán am seo, fiú mura bhfuilimid compordach leo leithéidí clúdach aghaidhe, ní na lámh agus trealamh díghalraithe. Gach seans, amach anseo, go mbeidh iachall orainn ticéid a cheannach roimh ghig seachas díreach leaindeáil ag an doras ar an oíche. Is cosúil go n-iarrfar orainn fanacht inár suí seachas dul chuig an bheár lenár ndeochanna a cheannach.

Tá ceist an scartha shóisialta ann fosta, ar ndóigh. Is cinnte dá gcuirfí é sin i bhfeidhm go dtiocfadh laghdú ar bhrabús na n-ionad agus nach mbeadh a ngnó inmharthana níos mó ag go leor acu. Isteach le ceist na bpasanna vacsaínithe, mar sin.
 
Cad iad na heagrais agus gnónna a mbeadh orthu pasanna a iarraidh sula dtabharfadh siad cead isteach don phobal? Cad é an leagan amach a bheadh ar an iarraidh sin? An mbeadh ar gach úinéir siopa agus bialainne duine a fhostú le fanacht ag an doras an lá uilig ag seiceáil pasanna na gcustaiméirí? Cad é mar a phléifeadh fostaithe le custaiméirí achrannacha? Nó an mbeadh gá le córas leictreonach seiceála, mar shampla cárta a thabhairt dúinn uilig nó aip a dhearadh le barrachód a thiocfadh linn a scanáil le geata a oscailt? Cé a d’íocfadh as sin?

Cé a dhéanfadh a leithéid de chóras a dhearadh sa chéad dul síos agus cé a thógfadh agus a dháilfeadh an trealamh ar fud na dúiche? (Chuirfinn geall go bhféadfaí ról a aimsiú do chairde agus comharsana Matt Hancock agus David Cameron.) Tagann féidearthachtaí bréagchártaí, bréagchód agus haiceála chun aigne fosta.
 
Níor mhaith liom féin go mbeadh mo shonraí pearsanta leighis ná mo stádas vacsaínithe ar eolas ag gnónna príobháideacha ná eagrais phobail. Ach seans go mbeifear ag cur brú orainn amach anseo rogha a dhéanamh idir an príobháideachas agus an deis freastal ar ghigeanna beo.
 
Rogha an dá dhíogha.